Tuarascáil Bhliantúil Buaicphointí 2008

 Buaicphointí 2008 - for English version click here

Forbhreathnú
I gcaitheamh na bliana seo, Bliain Idirnáisiúnta an Domhain Ché (IYPE), tharraing clár imeachtaí rathúil aird an phobail ar ranníocaíocht na geo-eolaíochta sa tsochaí agus don mhisean atá ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI). Le tacaíocht ó Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) agus réimse leathan páirtithe, rinne GSI comhordú ar chlár cainteanna, siúlóidí, imeachtaí agus taispeántas ar fud na tíre. Eagraíodh comórtais do dhaltaí ag leibhéil éagsúla, fuair scoileanna seiteanna carraigeacha saor in aisce, craoladh a lán clár agus nithe sna meáin, agus d'eisigh An Post stampaí comórtha.

Mar phríomhghníomhaireacht Stáit don earnáil gheo-eolaíochta, d’fhoilsigh GSI "Geoscience: Gaining Ground", próifíl de thionchar eacnamaíoch na hearnála in Éirinn. D’oibrigh GSI leis an RIA agus le Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI) ar phróiseas straitéiseach chun príomhthosaíochtaí na geo-eolaíochta d’Éire agus do Thuaisceart Éireann a aithint i rith na cúig bliana atá amach romhainn. Sa phróiseas bhí seimineáir phoiblí i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath mar aon le comhairliúchán ar an láithreán gréasáin (Féach “Geoscience – Building the Future” ar http://www.gsi.ie/ )

Fágadh príomhthosaíochtaí straiteiseacha GSI faoi athbhreithniú lena chinntiú gur fhan siad i gcomhréir leis na srianta airgeadais a tháinig chun cinn le déanaí. Leanann GSI ar aghaidh ag seachadadh a phríomhthosaíochtaí le hardchaighdeán oibre ach le foireann agus le hacmhainní eile laghdaithe, ag leibhéil aschuir atá ag 60-70 % de mar a bhíodh le blianta beaga anuas.

Comhoibriú Thuaidh-Theas
Rineadh an Creatlach ar Chomhoibriú Eolaíochta, a comhaontaíodh go déanach i 2007 idir Suirbhé Geolaíochta na Breataine (BGS), GSNI agus GSI, a fhorfheidhmiú go rathúil le linn 2008. Tugadh faoi comhphleanáil na n-aschur roinnte thar cláir roghnaithe uile i GSI agus i GSNI. Tionóladh comhchruinniú de Choistí Comhairliúcháin GSI agus GSNI, ag soláthar tacaíochta geallsealbhóra tábhachtach don chlár comhoibrithe.

D’ullmhaigh an Fhoireann Athbhreithnithe Eolaíochta, atá cuimsithe de phríomhbhainisteoirí sa dá shuirbhéireacht, an Chéad Tuarascáil Bhliantúil ag léiriú réimse na spriocanna a baineadh amach.

Dul Chun Cinn i nGeo-Eolaíocht Mara
Chríochnaigh INFOMAR, an suirbhéireacht ar ghrinneall na farraige cois trá atá á dhéanamh i gcomhar le Foras na Mara (MI), séasúr suirbhéireachta rathúil i 2008. Rinneadh suirbhéireachtaí long-bhunaithe ag úsáid an RV Celtic Voyager, i mBánna Dhún na nGall agus Shligigh agus amach ó chósta Chorcaí agus ar Mhuir Éireann. Rinneadh suirbhéireachtaí LIDAR aerbheirthe in a lán bánna, lena n-áirítear Dún na nGall, Sligeach, Trá Lí, An Fód Dubh, Gaillimh agus Loch Feabhail. Tharraing torthaí na suirbhéireachtaí aird shuntasach orthu féin i meán na gcúigí. Bhí an Seimineár Bliantúil do gheallsealbhóirí rathúil go maith. Rinne INFOMAR taispeántas ag Oceanology International i gceantar Dugaí Londain, an príomhaonach mara idirnáisiúnta ar a d’fhreastal 6,000 cuairteoir.

Cé nach comhpháirtí foirmiúil í i gComhshuirbhéireacht Bataiméadrach na hÉireann Thuaidh-Theas, chinntigh GSI go raibh sonraí ón suirbhéireacht comhtháthaithe leo siúd ó INFOMAR agus cuireadh ar fáil iad trí Chóras Seachadta Sonraí Gréasán Idirghníomhach GSI (IWDDS). Sa bhreis air sin rinneadh uaslódáil ar shonraí aicmithe ghrinneall na farraige ó shuirbhéireachtaí do 2007 agus go luath i 2008 ar an IWDDS. Bhunaigh grúpa de sheacht suirbhéireacht gheo-eolaíochta Eorpach, le GSI ina measc, Geo-eolaíocht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NAG), feadhnacht a cuireadh le chéile chun tabhairt faoi tionscadail chomhoibríocha. Tá a phríomhfhócas ar théamaí ghrinneall na farraige.

Ghlac GSI le seachadadh seoladh suirbhéireachta cois cladaigh ag deireadh 2008 agus cinnteoidh sé seo breis seachadta níos éifeachtaí ó thaobh costais de chlár INFOMAR sna blianta atá romhainn.

Bhain measúnú seachtrach INFOMAR de thátal as go raibh luach ar airgid ar fáil sa chlár go dtí seo, go mbeadh tairbhí ag baint leis má chríochnaítear é 4 nó 6 uaire níos mó ná na costais agus gur léirigh sé réimse roghanna don todhchaí. I mí na Nollag, d’fhormheas an Rialtas maoiniú €20 milliún thar na cúig bliana amach romhainn chun leanúint ar aghaidh le INFOMAR, faoi réir gnáth-nósanna imeachta maoinithe. Sholáthar sé seo bailíochtú suntasach don chlár.

Gabháil-agus-Stóráil-Charbóin
Táthar tar éis gabháil agus stóráil charbóin (CCS), ina ndéantar leithlisiú ar dhé-ocsaíd charbóin ó fhoinsí pointe ar nós stáisiúin chumhachta ghualbhreoslaithe i bhfoirmíochtaí geolaíochta doimhne, a aithint mar phríomh-shaincheist le haghaidh polasaí fuinnimh agus athrú aeráide. Tá GSI mar bhall den Choiste Idir-Rannach a bunaíodh i 2008 chun comhairle a thabhairt don Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ar fheidhmiú na teicneolaíochta in Éirinn. Ghlac GSI páirt i staidéar deasca comhairliúcháin ar an bpoitéinseal atá ann dá leithéid de stóráil in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann; na comhpháirtithe eile ba ea an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann (SEI) agus GSNI. Cuireadh tús le hobair ar thionscadal deartha chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas stórála carbóin i gceantar Stáisiún Cumhachta Ghob na Muine, Contae an Chláir. Déanann sé seo iarracht ar shamhail 3D den fho-dhromchla a thógáil anseo ach beidh maoiniú nua de dhíth chun na hiniúchtaí breise a chomhlíonadh.

Rochtain Sonraí do Chustaiméirí
Ag teacht lena polasaí i leith saor-rochtain ar shonraí, d’fhoilsigh GSI leagan CD idirghníomhach saor in aisce den cháipéis a foilsíodh le déanaí dar teideal “Bedrock Geological Map of Ireland” (scála 1:500,000) ina bhfuil leagan pdf dár bhfoilseachán oideachais “Understanding Earth Processes, Rocks and the Geological History of Ireland”. Táthar tar éis na céadta cóipeanna a dháileadh go dtí seo. Fuair polasaí GSI maidir le sonraí digiteach saor aitheantas go hidirnáisiúnta de bharr go bhfuil uasmhéid úsaide dár sonraí ag éagsúlacht úsáideoirí curtha chun cinn an úsáid.

Tugann Idirmhalartán na hÉireann um Shonraí Spásúlachta (http://www.isde.ie/), seolta ag feadhnacht gníomhaireachtaí lena n-áirítear GSI ina measc, cead d’úsáideoirí rochtain éasca a fháil ar ghabháltais meiteashonraí comhshaoil. Osclaíodh r-Siopa nua de chuid GSI (http://www.gsishop.ie/) i mí an Mheithimh. Táthar tar éis tacair shonraí bhreise le haghaidh screamhuisce agus sirtheoireacht mhianraí a chur ar http://www.gsi.ie/ agus http://www.dcenr.gov.ie/. Chuaigh GSI isteach leis an tionscnamh oll-chomhpháirtithe StratAG, maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann faoi bhainistíocht NUI Má Nuad, curtha le chéile chun taighde straitéiseach a fhorbairt i geo-theicneolaíochtaí ardleibhéil.

Cumas Taighde Tógála i nGeo-Eolaíocht
Tá réimeas monatóireachta cuimsitheach curtha i bhfeidhm do Scéim Dámhachtainí Taighde Geo-eolaíochta Griffith lena chinntiú go ndéanfaí bainistíocht air go tráthúil agus go trédhearcach. Tá cláir oibre agus earcaíocht ar bun sa naoi gconradh, a thugann aghaidh ar phríomh-shaincheisteanna na geo-eolaíochta ar nós CCS, screamhuisce agus acmhainní ghrinneall na farraige, lena n-áirítear conas a bheidh tionchar ag athrú aeráide orthu.

Staidéar Leasúcháin Mianaigh
Tugann mórstaidéar comhairliúcháin a d'ullmhaigh Sainchomhairleoirí CDM aghaidh ar bhainistiú agus ar leasúchán na n-oibríochtaí mianadóireachta atá dúnta anois in Abhóca. Is éard a bhí i gceist leis an staidéar ná comhairliúchán suntasach le geallsealbhóirí sa cheantar agus lena n-áiríodh ullmhú réimse roghanna costas do chéimeanna éagsúla an hoibre leasúcháin. Fuarthas an tuarascáil dheiridh ag deireadh na bliana. Sa bhreis air sin, bhí an tuarascáil dheiridh ar thionscadal Láithreacha Mianadóireachta Stairiúla, arna ullmhú ag GSI agus maoinithe don chuid is mó ag an GCC, réidh ag an am céanna. Cuideoidh sé seo le géilliúntas Éireann leis na riachtanais um Threoir an AE i leith bainistiú dramhaíola ó na tionscail eastóscacha.

Cosaint Screamhuisce
Rinne Tobin Consulting Engineers dul chun cinn suntasach ar an gclár mapála náisiúnta do chosaint screamhuisce arna mhaoiniú ag an PFN agus iad ag obair go cóngarach le foireann GSI. Agus é ar aigne chun tús áite a thabhairt do bhunachair shonraí náisiúnta ábhartha, soláthróidh sé léarscáileanna de thréscaoilteacht fo-ithreach, tiús agus íogaireacht screamhuisce, a shnífidh ar aghaidh chuig réimse náisiúnta gan uaim de mhapáil íogaireachta. I 2008 críochnaíodh obair ar Chontaetha Bhaile Átha Cliath, Liatroma, Longfoirt, an Lú, Shligigh, agus na hIarmhí. Rinne Seirbhís Teicniúil i dtacaíocht na gníomhaíochta seo tarathrú ar 1,334 méadar (m) i 238 tollpholl san iomlán. Rinneadh na léarscáileanna agus tuarascálacha uile maidir le Scéimeanna Cosanta Screamhuisce do Chontaetha an Chabháin agus na Gaillimhe a sheachadadh chuig na húdaráis áitiúla faoi seach. Rinneadh seirbhísiú ar ghnéithe screamhuisce de Thionscadal Dhúiche na hAbhantraí (i dtacaíocht le forfheidhmiú Treoir Creatlach Uisce an AE) chomh fada ceadaíodh de réir acmhainní foirne.

Guaiseacha Sciorradh Talún
Tarraingíodh aird an phobail arís ar chumas na sciorrthaí talún in Éirinn trí chraoladh sna meáin a bhfuair imeachtaí sciorrtha talún i gCiarraí agus ar theorainn Liatroma-Ros Comáin. Bronnadh conradh ar Mouchel Ireland Ltd chun tabhairt faoi mhapáil baol sciorrthaí talún thar tréimhse cúig bliana i dhá phríomhcheantar. Áiríonn siad seo mórcheantair uirbeacha i Laighean Thoir agus mórcheantar Chathair Chorcaí.

Geopháirceanna agus Geo-Oidhreacht
Lean GSI ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do choincheap na Geopháirceanna. I gcomhar le GSNI tionóladh an cruinniú tionscnaimh d’Fhóram Geopháirceanna Éireann a thugann réimse leathan geallsealbhóirí le chéile, lena n-áirítear údaráis áitiúla, chun taithí agus eolas a roinnt. Cruthaíodh an chéad Gheopháirc idirnáisiúnta ar domhan nuair a d’fhormheas Líonra Geo-pháirceanna na hEorpa, faoi choimirce UNESCO, Geopháirc Pluaiseanna Áirse Marmair, Co. Fhear Manach a leathnú isteach go hIarthar an Chabháin. Chuir GSI acmhainní agus maoiniú ón PFN ar fáil chun tacú le forbairt Gheopháirceanna Chósta an Chopair, an Bhoirinn i gContae an Chláir agus na Beanna Boirche-Cuaille, chomh maith le Cabhán-Fear Manach trí thionscadal Breifne.

Rinne clár Oidhreachta Geolaíochta Éireann (IGH) de chuid GSI liosta táscach náisiúnta de shuímh oidhreachta a sheachadadh chuig Seirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Beidh an liosta seo mar bhunús chun suímh gheolaíochta a ainmniú mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHAanna). D’fhoilsigh GSI, i gcomhar leis an Concrete Federation of Ireland, treoirlínte ar oidhreacht gheolaíochta le haghaidh oibreoirí caireál. Rinneadh Tuarascálacha Oidhreachta Contae do Fhine Gall agus Cill Chainnigh a sheachadadh chuig a n-údaráis áitiúla faoi seach fad a lean obair ar aghaidh ar thionscadal comhchosúil le haghaidh Contae na Mí.

Cuireadh léarscáil stairiúil de an Goldfields of Victoria, san Astráil, a fágadh le GSI tar éis é a thaispeáint ag Taispeántas Bhaile Átha Cliath 1865, ar ais go Leabharlann an Stáit i Victoria.

Infreastruchtúr
Chríochnaigh tionscadal Geo-uirbeach Bhaile Átha Cliath, arna mhaoiniú le tacaíocht ón PFN, trí mhodúl ar sceideal. Baineann na modúil seo le bunchloch agus tacair shonraí agus tá siad tar éis feabhas suntasach a chur lenár gcumas chun an fodhromchla a shamhaltú thar limistéar leathan. Soláthróidh sé seo ranníocaíochtaí suntasacha do mhórthionscadail infreastruchtúir. Ag an am céanna, féachann sainchomhairleoirí innealtóireachta go rialta ar shonraí ar an Iniúchóir Mapa Geotheicniúil. Le linn 2008, cuireadh 298 tuarascáil tionscadail ag cuimsiú sonraí ar 2,733 tollpholl agus clais thrialacha leis an mBunachar Sonraí Geotheicniúil, ag léiriú méadú 9% i gcomparáid le 2007.

Sholáthar GSI tacaíocht mhéadaithe don phróiseas pleanála le linn 2008, mar fhreagra ar 357 fógra ar ráitis tionchair chomhshaoil agus iarratais phleanála i gcomparáid le 181 i 2007 agus 97 i 2006. Sa bhreis air sin, ainmníodh GSI mar chomhpháirtí sa tSeirbhís Tuarascálacha Chomhshaoil seolta ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Beidh an tseirbhís seo mar ábhar inspéise faoi leith d’úinéirí tí agus gnólachtaí tógála ach go háirithe.

Acmhainní Comhbhailithe
Leanadh ar aghaidh le Mapáil Chumais Chomhbhailiúcháin, arna mhaoiniú ag an PFN, le linn 2008, le suirbhéireachtaí taiscéalaíochta comhlíonta i gContaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara agus Laoise. Cuireadh críoch i bheag nó i mhór le Tionscadal Irelithos (cómhaoinithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí), a bhfuil sí mar aidhm aige cloch i bhfoirgnimh oidhreachta faoi úinéireacht an Stáit a mheaitseáil lena fhoinse, le tógáil bunachair sonraí.

Suirbhéireachtaí Comhshaoil
Rinneadh próiseáil agus léirmhíniú ar staidéir phíolótacha ó Shuirbhé Comhshaoil agus Acmhainní Éireann (RESI), atá curtha le chéile chun clúdach cuimsitheach agus náisiúnta geoifisiceach agus geoicheimiceach a sholáthar. Sholáthar BGS tuarascáil sainiúil ar shamhaltú randamach. Cuireadh tús le tionscadal Eurogeosurveys ar fud na hEorpa faoi shonraí geoiceimiceach bonnlíne le haghaidh ithreacha talmhaíochta, a dhéanfaidh tacair shonraí náisiúnta a chomhlánú. Ghlac GSI páirt le cúnamh ó mhaoiniú an PFN.

Táirgí Nua
Bhí “Climates through Time”, táirge léarscáile nuálaíoch a ullmhaíodh i gcomhar le BGS agus GSNI, réidh le priontáil ag deireadh na bliana. Seoladh léarscáil Geo-thurasóireachta an Bhoirinn “Landscape and Rocks of the Burren” i lár na bliana le táirge comhchosúil do Chuan Phort Láirge á ullmhú ag deireadh 2008. Ag an am céanna bhí Bileog Bhuncharraige 28a (Muineachán, 1: 50,000) réidh le táirgeadh ar CD. Rinne Seirbhís Theicniúil 763m ar an iomlán a dhruileáil i gceithre tollpholl le linn 2008 ag tabhairt tacaíochta don Chlár Buncharraige. Soláthraíodh léarscáileanna Ceathartha don Lú-Iarmhí chuig Kilsaran Concrete Products Ltd, ag léiriú deireadh an tionscnaimh mapála comhoibríoch. Cuireadh críoch le tuarascáil dheiridh ar forfheidhmiú na dteicnící geoifisiceacha i mapáil Cheathartha de Chontae Bhaile Átha Cliath agus an réigiún Lár-Tíre.

Cúrsaí Oiliúna GSI
Cuireann GSI le breisoiliúint náisiúnta trína cuid seirbhísí oiliúna agus oideachais. I gcomhar le FÁS agus an GCC chuir sí le dhá chúrsa i leith measúnú ar oiriúnacht suímh do shuiteáil na gcóras cóireála fuíolluisce ar an suíomh. Sa bhreis air sin, soláthraíodh inchur oiliúna praiticiúla do mhúinteoirí tíreolaíochta chun tacaíocht a thabhairt do mhúineadh Shiollabas Tíreolaíochta na hArdteistiméireachta.

Suim an Phobail
Lean gníomhaíochtaí GSI ar aghaidh ag tarraingt suim an phobail, agus cé gur thaifead leibhéal clúdaithe na meán clóite titim de 19% thar 2007, léirigh a láithreán gréasáin méadú 19% de chuairteoirí i 2008. Fanann líon na gceisteanna a d’fhreagair GSI (2,890 ceist i 2008) ag thart ar an leibhéal céanna a bhí ann anuraidh.

 Tuarascáil Bhliantúil 2008

 Barr an leathanaigh