Dul i mbun na sochaí

 

Tá sé i gceist ag GSI cur le feasacht an phobail i gcoitinne maidir lena mhisean agus an luach a thugann na seirbhísí don tsochaí. Tá níos mó agus níos mó teagmhála á dhéanamh le GSI ar an Idirlíon, mar a léiríonn na figiúirí seo do chuairteanna (ní bualadh amháin) ar láithreáin ghréasáin GSI:

2005 2004 % Ardú
gsi.ie 225,004 137,182 64%
webmapping 32,868 18,879 74%
gsiseabed.ie 28,811 18,988 52%
Iomlán: 286,683 175,049 64%

Léiríonn figiúirí 2005 ardú 64% ar fhigiúirí 2004. Léiríonn an fearann Webmapping leibhéal imoibrithe níos doimhne áit go bhfuil tacair léarscáileanna córasacha do go leor contaetha ar fáil. Tá cuairteoirí ag an bhfearainn sin ar screamhuisce, téamaí ginearálta agus téamaí ghrinneall na farraige le cóimheas 6:3:1. Eisíodh 89 ceadúnas digiteach i 2005 (73 i 2004). Ina theannta sin tugadh comhaontuithe sonraí nua chun críche le sé institiúid tríú leibhéal sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.

Le blianta beaga anuas d’fhan an leibhéal iomlán fiosruithe ón bpobal trí ghlao teileafóin, faics, tríd an bpost nó cuairteoirí seasta, cé go bhfuil roinnt difríochtaí ó thaobh sonraí. Tháinig arduithe soiléire ar Fhiosruithe maidir le hOidhreacht, Grinneall na Farraige agus Ceathartha, agus tháinig ísliú beagán ar Bhuncharraig; d’fhan fiosraithe Screamhuisce i bhfad níos áirde ná na roinnte eile.

2005 2004
Ionad Custaiméirí 1524 1492
Screamhuisce 1543 1629
Mianraí 158 154
Oidhreacht 251 150
Grinneall na farraige 253 224
Ceathartha 175 159
Geoiteicniúil 143 136
Bainistiú Eolais 122 112
Buncharraig 53 77
Iomlán: 4240 4133


Tá dul chun cinn ar obair GSI san áireamh sna saincheisteanna rialta sa nuachtlitir, Geology Matters. Chun cóipeanna rialta a fháil téigh i dteagmháil le do thoil le gsisales@gsi.ie nó le hIonad Custaiméirí GSI.

“Thug na meán cumarsáide áird ar gníomhaíochtaí GSI go rialta in 2005”

Is féidir achoimre a dhéanamh ar chomhdhéanamh clúdach ghníomhaíochtaí GSI sna meáin phriontála do 2005 mar seo a leanas (tomhaistei gceintiméadair)

Print media coverage

Tháinig ardú suntasach ar chlúdach sna meáin phriontála le roinnt blianta, le hardú 80% i 2005 ar 2003. Tá sin léirithe in arduithe maidir le gach clár nó catagóir atá tomhaiste. Is sna meáin náisiúnta is mó a bhí clúdach le gnáthchóimheas de 2:1 náisiúnta:trádáil i mblianta roimhe sin tite go dtí 1.5:1 i 2005. Ní raibh na meáin réigiúnacha suntasach, ach amháin i 2004 nuair a b’ionann iad agus 30% den chlúdach iomlán, rud a bhí neamhghnách.

National, Regional and Trade print media coverage

Bhí gníomhaíochtaí GSI sna meáin nuachta go rialta i 2005. Is féidir roinnt buaicphointí a lua. I mí Bealtaine, fuair an long druileála JOIBES Resolution (féach “Taisce Choiréil na hÉireann”) clúdach ar an Teilifís, ar an raidió agus sna nuachtáin nuair a tháinig sí go dtí calafort Bhaile Átha Cliath. In Iúil –Lúnasa bhí an tionscadal geoturasóireachta ar Chósta Umha Phort Láirge agus tionscadail oidhreachta mianadóireachta ag na hAilichí, Contae Chorcaí le feiceáil ar an teilifís agus sna nuachtáin. D’eisigh an Irish Times forlíonadh speisialta dar teideal Ireland Offshore agus póstaer ag dul leis i Samhain agus bhí Suirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann le feiceáil go soiléir iontu araon. Fógraíodh iad roimh ré ar an gcéad leathanach le haird a tharraingt orthu agus le fógraíocht rialta roimh ré.

Seirbhísí Oiliúna

Ní mór go mbeadh teacht ag Éirinn ar chumas scileanna riachtanacha lena chinntiú go gcoinneofar a luas forbartha agus go soláthrófar tacaíocht chuí don eacnamaíocht eolais. Ó thaobh na geolaíochta de ní bheadh sé praiticiúil do GSI féin an fheidhm sin a urscaoileadh iad féin. Dá réir sin lorgaíonn GSI seirbhísí oiliúna roghnaithe a sholáthar do spriocghrúpaí. Mar shampla, cuireadh dhá thairisicint eile i láthair ar an gcúrsa cóireála fuíolluisce ar an láthair de chuid FÁS, agus d’fhreastail 120 ar an gcúrsa sin. Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil rannpháirteach ar an gcúrsa dian seo freisin a mhaireann ar feadh roinnt laethanta, lena n-áirítear modúl allamuigh agus bíonn obair thionscadail le cur faoi bhráid a dhéanfar a scrúdú ag agallaimh. Tá an cúrsa luachmhar seo tugtha chun críche ag beagnach 500 duine anois agus bíonn údaráis áitiúla ag lorg teastasú ón gcúrsa níos mó agus níos mó ó iarratasóirí nuair a bhítear ag measúnú iarratais phleanála cuí.

Reáchtáil GSI agus Quester Tangent Corporation as Ceanada ceardlann oiliúna ar rangú ghrinneall na farraige ar éirigh go maith léi do 25 rannpháirtí as Éirinn agus ó thar lear. Cuireann rangú ar ghrinneall na farraige ar chumas grúpa táirgí breisluacha a tháirgeadh ó shonraí bataiméadracht ilbhíoma. Thionóil GSI cúrsa idirnáisiúnta ar gheolaíocht míochaine níos déanaí sa bhliain, an chéad cheann dá leithéid a tionóladh in Éirinn. Is éard atá i gceist le geolaíocht míochaine, an eolaíocht ó thaobh déileáil leis an gcaidreamh idir fachtóirí geolaíochta nádúrtha agus sláinte i ndaoine daonna agus in ainmhithe. Breithnítear go leor fachtóirí rialaithe ar shláinte, ar nós nádúr agus cáilíocht ár n-aiste bia, an t-uisce agus an t-aer. Thug sin raon gairmigh sláinte poiblí, comhshaoil agus geolaíochta le chéile chun tionchar na timpeallachta fisiciúla ar ár sláinte a phlé. Tá tuilleadh forbairtí tuartha sa phríomhréimse sin.

Chomhoibrigh GSI le (có maith le pháirt a ghlacadh i) leasanna oideachais san fhorbairt nua chun ionchuir gheolaíochta phraiticiúla a fhorbairt agus a sheachadadh d’oiliúint inseirbhíse múinteoirí ar churaclam tíreolaíochta nua na hArdteistiméireachta. Tá béim níos mó sa churaclam athbhreithnithe ar thíreolaíocht fhisiciúil agus tá go leor téamaí geolaíochta ann. Cuireadh an oiliúint ar fáil do 20 múinteoir tíreolaíochta mar scéim phíolótach trí Ionad Oideachais na Carraige Duibhe agus tá pleananna á ndéanamh chun í a sheachadadh arís agus í a leathnú i 2006.

Go barr an leathanaigh

Dúshlán do Phobail Tuaithe
Thuairisc Fáilte Éireann in athbhreithniú a rinneadh ar thurasóireacht i 2005 an dea-scéala go raibh líon na gcuairteoirí, a bhí ag ardú go leanúnach le os cionn 20 bliain, ardaithe go dtí 6.7 milliún le tuilleamh iomlán ardaithe go €5.3 billiún. Cé gur mhór ag na ceantair uirbeacha é sin, ba é an taobh eile den scéal go raibh líon na gcuairteoirí chuig ceantair tuaithe ag laghdú go síoraí. De réir mar atá turasóireacht na hÉireann ag brath níos mó agus níos mó ar an bhfeiniméan uirbeach, tá laghdú beagnach a leath tagtha ar, mar shampla, an líon daoine a bhíonn ag siúl sléibhe mar chéatadán den líon cuairteoirí iomlán le deich mbliana anuas. Tá laghdú ginearálta ar shaoirí gníomhaíochta tuath-bhunaithe, agus dá réir sin tá tionchar diúltach aige sin ar go leor ceantar a bhféadfadh tábhacht eacnamaíochta níos mó a bheith ag turasóireacht iontu.


Tá sé de chuspóir ag GSI, mar aon lena pháirtí, Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI), le fada turasóireacht tuath-bhunaithe a fhorbairt trí thionscadail a fhorbairt ina mbeadh meas ar an tírdhreach san áireamh. Bíonn áilleacht ár dtaobh tíre ar cheann de na nithe is mó a thaitníonn le turasóirí go hÉirinn. Dá réir sin is é an dúshlán ná conas sochair eacnamaíochta fíora a chruthú ar shlí inbhuanaithe do phobail tuaithe. Is beag cothú ann féin a sholáthróidh áilleacht!


Bhí GSI rannpháirteach i dtrí thionscadal geoturasóireachta tírdhreacha pobalbhunaithe le déanaí, iad ar fad deartha le sochair eacnamaíochta fíora a spreagadh agus le tacaíocht ó chláir maoinithe Eorpacha. Mhaoinigh an Clár Peace-2 tionscadal Sléibhte Bhréifne, tionscnamh Tras-Teorann ina bhfuil údaráis áitiúla cuí (Cabhán, Liathdrom, Sligeach, Roscomáin agus Fearmanach) rannpháirteach agus d’éirigh leis an gclár a chuspóir a bhaint amach agus próifíl turasóireachta suntasach a chruthú don réigiún bunaithe ar a n-acmhainní cultúir agus oidhreachta nádúrtha. Tá an tionscadal, a raibh roinnt moilleanna i gceist leis ar dtús, sínithe go dtí 2006 lena chinntiú go n-éireoidh leo na táirgí sceidealaithe ar fad a sheachadadh.


Leanadh leis na tionscadail a cruthaíodh timpeall Geopháirc Eorpach Chósta Umha in oirdheisceart na tíre i rith 2005 agus ceaptar go dtabharfar chun críche sin i 2006. Samhlaítear raon iomlán táirgí anseo freisin lena n-áirítear comharthaíocht agus léirmhíniú ar an láthair, caomhnú Teach Innill Bhaile Mhic Thancaird, agus gníomhaíochtaí oideachais agus for-rochtana.

Bunaíodh EUROPAMINES, i 2005, Líonra Oidhreachta Mianadóireachta na hEorpa, le tacaíocht ó Chultúr 2000. Chruthaigh an líonra sin, le 17 comhalta corparáideach, raon táirgí eolais, lena n-áirítear leabhair, paimfléid éagsúla agus láithreán gréasáin iltheangach (http://www.europamines.com/). Is é an GSI teagmhálaí na hÉireann don líonra seo. Níos ginearálta, tá GSI ar fáil le labhairt le pobail atá ag smaoineamh tionscadail tírdhreach-bhunaithe a fhorbairt. Is féidir cuairt a thabhairt ar láithreáin ghréasáin ár dtionscadal (http://www.coppercoast.ie/ and http://www.breifne.ie/) chun a fháil amach cad is féidir a dhéanamh.

Go barr an leathanaigh

Go Tuarascáil Bhliantúil 2005