Buaicphointí 2009
 

Mapáil ar ghrinneall na farraige dár gcuid
Bhí séasúr suirbhéireachta rathúil eile ag INFOMAR, an clár mapála ar ghrinneall na farraige i ngar don chósta, atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Foras na Mara, le linn 2009. Agus é deartha chun eolas comhtháite a chruthú maidir leis an acmhainn fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch ar an achar fairsing againn de ghrinneall na farraige, d'oibrigh INFOMAR chun cabhrú le hábhair Limistéir Speisialta Caomhnaithe (SAC) nua a leagadh amach amuigh ón gcósta agus a léarscáiliú in SAC Inbhear na Sionainne i gcomhar leis an tSeirbhís um Pháirceanna Náisiúnta agus um Fhiadhúlra. Chríochnaigh an LT (Long Taighde) Celtic Voyager suirbhéanna fan Chuan an Daingin agus feadh an chósta de Loch Garman agus de Thuaisceart Átha Cliath chun críche cuspóirí um shábháilteacht mhuirí agus an oidhreacht bitheolaíoch.

I rith 2009 rinneadh coimisiúnú ar an LT Keary, árthach suirbhéireachta costas‑éifeachtach don achar cois chladaigh agus cuireadh tús leis le suirbhéireacht i gCuan Átha Cliath. Thug sé faoí shuirbhéanna comhoibritheacha sa Mhuir Mheann i gcomhar le lucht fuinnimh agus oidhreacht bitheolaíochta. Gairmeadh comhpháirtí d’INFOMAR i ndá tionscadal faoi scáth an AE, GEOSEAS (FP7) agus EMODNET (DG Mare), as a sheolfar tacair sonraí éifeachtacha nua.

Dob é 2009 an deichiú bliain éachtach um mhapáil ar ghrinneall na farraige agus aithníodh an gaisce seo san chomhdháil Ghrinneall 10 i mí Dheireadh Fómhair inar athbhreithníodh ar an dul chun cinn agus ar thionchar na hoibre seo go dtí an lá atá inniu ann.

 

Fuinnimh agus Athrú Aeráide
Cé go gchruthaíonn tionscadail SGÉ go leor tacair sonraí ar bhonn tacaíochta iad le forbairt ar fhuinnimh glais (fuinneamh geoiteirmeach san áireamh), tá breis béime ar mheasúnú a dhéanamh ar an acmhainn chun carbón a ghabháil agus a stóráil (CCS) i bhfoirmíóchtaí geolaíocha faoi bhun an réigiúin againne de ghrinneall na farraige agus cois chósta. Feictear go forleathan ar bhuanstóráil den sórt ar astaíochtaí dé‑ocsaíd charbóin ó dhlúthfhoinsí (go háirithe stáisiúin chumhachta gualghinte) mar theicneolaíocht riachtanach chun éascú dár aistriú go geilleagar bunaithe ar "fhuinneamh glas" agus ár n-oibleagáidí maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a chomhlíonadh.

Le linn 2009 chomhoibrigh SGÉ leis an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar thionscadal a ceapadh chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas stórála carbóin, bunaithe ar uiscíoch salanda oiriúnach, i gcomharsanacht Stáisiún Cumhachta Ghob na Muine, Contae an Chláir. Cinneadh leis an tionscadal nár leor tréscaoilteacht agus póiriúlacht na bhfoirmíochtaí geolaíocha fodhromchla anseo chun suíomh stórála a sheasamh. Bhí SGÉ agus Rannóg na nGnóthaí Peitriliam (PAD) i measc na páirtithe i dtogra tionscadail a ceapadh chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas stórála carbóin i nGáscheantar Chionn tSáile. D’éirigh leis an togra sa chéad babhta de scagadh na n-iarratas ar mhaoiniú an AE ag deireadh 2009. Aithníodh an tábhacht a bhaineann le comhar idirnáisiúnta maidir le CCS trí mheán tionscadail bunaithe sa Mhuir Mheann go comhpháirteach le PAD, le Suirbhéireacht Gheolaíochta na Breataine (BGS) agus le Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI). San bhunchéim oibre tógfar múnla 3D de fhodhromchla an réigiún seo mar bhonn le haghaidh spriocshuímh féideartha a aithint agus tá sé le críochnú i 2011.

Thug SGÉ tacaíocht do fhorbairt polasaí agus rialachán um CCS tríd a rannpháirtíocht i bpróiseas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/31/EC (ar stóráil geolaíochta de dhé‑ocsaíd charbóin), i gCoiste Idir-Rannach ar an CCS agus i líonra CCS Traseorpach faoi scáth an chláir FP7 um Ghníomhaíocht Chomhordaithe. Tá comhdháil maidir le CCS á eagrú ag SGÉ i gcomhpháirt le hAcadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ) agus GSNI lena bheith ar siúl i gCaisleán Átha Cliath Márta 2010.

 

Soláthairtí Glana Uisce
Leanadh den chlár mapála náisiúnta um chosaint screamhuisce de réir an sceidil i rith 2009 le tacaíocht ón bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN). Críochnaíodh an obair allamuigh do Chontaetha i gCéim 1 (Baile Átha Cliath, Liatroim, An Longfort, Lú, Sligeach agus an Iarmhí) i 2008 agus ullmhaíodh na dréacht-léarscáileanna a eascrann as i 2009. Ag an am céanna cuireadh críoch rathúil hobair allamuigh um Chontaetha i gCéim 2 (Ceatharlach, Luimnigh, Uíbh Fhailí, Port Láirge agus Loch Garman) i rith 2009. Leagtar amach ar na léarscáileanna as seo cé chomh fairsing atá acmhainn an screamhuisce sna contaetha agus, go guasach, leagtar béim ar na réimsí ina bhfuil screamhuisce i mbaol a éilliú. Ullmhaíodh dréacht-tuarascálacha le haghaidh ceithre criosanna cosanta foinse thart ar sholáthairtí uisce poiblí suntasacha i gContae Lú.

Lean SGÉ leis an GCC a thacú maidir le cur chun feidhme Creat-Treoir an AE um Uisce (WFD) le sonraí agus saineolas a sholáthar. Cuireadh an bhéim i rith 2009 ar chriosanna cosanta foinse a leagadh amach mórthimpeall ar phointí monatóireachta WFD, agus SGÉ ag tabhairt a Léarscáil um Athlíonadh Screamhuisce cothrom le dáta do Chontaetha i gCéim 1 agus ag déanamh meastóireachta ar athlíónadh i réimsí casta carst. Chuidigh SGÉ le dhá chúrsa oiliúna rathúla i 2009, ceann ar limistéar cosanta foinse a leagadh amach a tionóladh i gcomhar leis an nGCC agus le hInstitiúd Geolaithe na hÉireann. Bhí céad rannpháirtithe ó na húdaráis áitiúla, na boird sláinte agus gnólachtaí comhairliúcháin san dara cúrsa, a eagraigh FÁS agus a bhain le bainistíocht láithreáin um fhuíolluisce.

Cuireadh tús le staidéar bunlíne ar stádas ithreacha cathrach Átha Cliath agus tá mórchuid dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gceist. Is é seo an tionscadal SURGE, atá á reáchtáil i gcomhar le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hIorua agus is cuid é de thionscnamh uile-Eorpach. Beidh na torthaí ar fáil i 2011.

 

Cuidiú le heochair-bhonneagar
Is cúnamh iad go leor tionscadail de chuid an SGÉ, agus iad maoinithe faoin gCFN ar an mórchuid, do fhorbairt bhonneagair ach faisnéis a sholáthar ar staid geo-eolaíochta na talún rud a chuidíonn le laghdú na gcostas tógála agus le moilleanna a laghdú. Faoin Tionscadal Geo-Uirbeach Bhaile Átha Cliath tá múnla 3D á chruthú de fhothdhromchla na cathrach ar ionchur tábhachtach é do thionscadail iompair san todhchaí. Baineadh triail as réimse de bhogearraí comhroghnacha i rith 2009 agus sonraí ó Chalaphort Bhaile Átha Cliath agus ó cheartlár na cathrach láithreach i gceist.

Is bun-riachtanas do thionscadail bhonneagair teacht ar fhoinsí áisiúla oiriúnacha de thathaguithe agus sin is bun leis an gclár leanúnach um Mhapáil Acmhainneacht na dThathaguithe. I rith 2009, cuireadh i gcrích mapáil ar an acmhainneacht um ábhair gráinneacha (gaineamh agus gairbhéil, seachas buncharraig brúite) i gContaetha Chill Chainnigh, Liatroma, An Longfoirt, Lú, Uíbh Fhailí agus Sligigh. Tarraingíodh aird ar an ndo-thionchur eacnamaíoch ag maidhmeanna talún fiú ag imeachtaí sách mion ón gcur isteach arís is arís eile i 2009 ar sheirbhísí bóthar agus iarnróid. Tá i gceist aird a tharraingt ar na réimsí ar a mhó a mbaol le mapáil den Soghontacht um Mhaidhmeanna Talúin i mór-cheantracha Bhaile Átha Cliath agus Chorcaigh agus i rith 2009 cuireadh i gcrích na comhpháirteanna um fhardal agus léirmhíniú na n-aer-ghrianghraf i dteannta le sciar suntasach den tástáil allamuigh. Uaidh sin cuireadh amach ar líon suntasach de mhaidhmeanna ón am atá thart agus cuirfear iad ar an mbunachar sonraí náisiúnta um mhaidhmeanna talún. In Aibreán 2009 d'fhreastail 90 toscaire ar Cheardlann um Mhaidhmeanna Talún, a léiríonn an suim láidir san obair seo.

Soláthraíonn SGÉ tacaíocht don phróiseas pleanála ach freagairt ar na fógraí um ráitis um tionchar ar an gcomhshaol (EIS) agus ar iarratais pleanála. Bíónn ionchuir maidir le hoidhreacht geolaíochta agus staid geotheichniúil ag teastáil i gcónaí. Dob é 185 líon iomlán na bhfógraí i rith 2009, is é sin thart ar 50% den oiread i 2008 (357 fógraí) agus is léiriú é ar an moilliú le déanaí i gcúrsaí tógála.

 

Tacaíocht don nGeilleagar Cliste
Bíónn rath ar gheilleagar eolas-bhunaithe nuair a chuidíonn bunachair sonraí agus taighde araon le bonneagar teicniúil éifeachtach a bhfuil cumas aige chun fiontair nua a spreagadh. Tá bunachair shonraí suntasacha ag SGÉ maidir le talamh na Éireann agus an limistéar amuigh ó chósta na hÉireann agus cuireann sí seo ar fáil saor in aisce agus i bhformáid atá sofhaighte go héasca d'fhonn a n-úsáid a uasmhéadú ag an raon is leithne úsáideoirí. Is léir go bhfuil seo ag tarlú ar na staitisticí againn ar líonionad. Chun tuiscint níos iomláine ar an tírdhreach éascú ag úsáideoirí, tá áis um léirshamhlú 3D ag feidhmiú anois i dTor an Bhacaigh agus tá mor-acmhainneacht aici do réimse leathan feidhmeanna. Is comhpháirtí í SGÉ san ISDE (Malartán na hÉireann um Shonraí Spásúla) bhrabhsálaí meitea-shonraí, a seoladh i 2008, agus a bhuaigh an Gradam e-Rialtais don iarratas tras ghníomhaireacht is fearr i 2009.

Is bonn tábhachtach iad ár gcuid bunachair sonraí don taighde geo-eolaíochta in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann; mar shampla, níos mó ná 50 téis iarchéime a bheith bunaithe ar na sonraí againne. I láthair na huaire tá Scéim Uí Ghríofa um Dhámhachtainí Taighde san Gheo-eolaíocht, a ceapadh chun cur leis an gcumas taighde náisiúnta, ag maoiniú taighde i réimsí tábhachtacha den sórt sin mar CCS, acmhainn screamhuisce agus ghrinneall na farraige, agus cén tionchar a bheidh ag athrú aeráide orthu san áireamh. Ba léir ón mhonatóireacht go raibh dul chun cinn sásúil i gcoitinne maidir le taighde i rith 2009. Imríodh athbhreithniú neamhspleách meántéarmach ar chonartha amháin agus cuireadh ceann eile i gcrích go rathúil.

Is ionad ainmnithe faoin Acht um Chartlann Náisiúnta é an SGÉ agus i rith 2009 tugadh faoi chinntiú go bhfuil socruithe sásúla i bhfeidhm chun bainistíocht a dhéanamh i gcartlann SGÉ le cabhair comhairleora.

 

Ár scéal a scaipeadh
Tá sé tábhachtach go dtuigeann an pobal luach ár n-acmhainne geolaíochta agus a oiread a chuidíonn sí leis an bhforbairt eacnamaíoch. Cinntíonn sé seo go náisiúnta, go ndéantar infheistíocht suntasach san earnáil gheo-eolaíochta, gur dhóthaineach iontógáil na mac léinn ar ardchaighdeán ar chúrsaí geo-eolaíochta agus go bhfuil tuiscint fhorleathan ar luach na hoidhreachta geolaíochta. Bíonn SGÉ i mbun gníomhaíochtaí for-rochtana agus oideachais faoi dhéin an chuspóra seo.

Lean gníomhaíochtaí SGÉ de shuim an phobail a ardú i bhfianaise leibhéal an oiread tuairiscithe sna meán clóite a chloígh le hoiread 2008. Bhain 40% den tuairisciú le gníomhaíochtaí ghrinneall na farraige agus 20% le gníomhaíochtaí oidhreachta agus for-rochtana.

Mheas SGÉ titim de 24% ar an leibhéal na bhfiosruithe poiblí a freagraíodh i 2009 i gcomparáid le 2008 agus tá laghdú den sórt sin i gcomhréir le hionchas de réir mar a mhéadaítear gníomhaíochtaí ar an líonionad. Tháinig meath de 43% i gcomparáid le 2008, áfach, ar ghníomhaíochta an líonionaid i 2009, ach dealraítear gur athruithe ar modhanna measta na ngníomhaíochtaí is mó is cúis leis seo.

D’fhoilsigh SGÉ trí nuachtlitreacha ar a líonionad le linn 2009 - eisiúint amháin an ceann de Geology Matters (Nuachtlitir an SGÉ), Groundwater Newsletter (nuachtlitir atá dírithe ar na páirtithe leasmhara um sholáthar uisce) agus Planet Earth (nuachtlitir deiridh do Bhliain Idirnáisiúnta an Domhain Ché, IYPE).

Bhí SGÉ, i gcomhar le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, hArd-Mhúsaem na hÉireann agus PAD, ina n-óstaigh ar sheastán geo-eolaíochta agus tóir air ag Taispeántas an Eolaí agus an Teicneolaí Óig i mí Eanáir. Bronnadh duais ar leith chun ceiliúradh a dhéanamh IYPE. D’eagraigh SGÉ an Comórtas Aistí um Charraig Chorr Oighreach ( do mhic léinn na hIdirbhliana), Dámhachtainí Uí Chuinneagáin (don tionscadail léarscáiliú allamuigh is fearr ag lucht fochéime) agus Comórtas Griangraf du Noyer.

I gcomhar le GSNI, thug SGÉ faoi bhainistíocht Fhóram na hÉireann um Gheo‑Pháirceann mar ionad líonraithe tábhachtach dóibh siúd atá i mbun, nó ar intinn acu dul i mbun, Geo-Pháirceanna. Thug sí tacaíocht freisin d’fhorbairtí ceann ar cheann sna Gheo-Pháirceanna. Tá meastóireacht leanúnach á éascú ag SGÉ agus ag GSNI ar an acmhainneacht a bhainfeadh le mír den Rian Idirnáisiúnta Apaláiseach a bhunú ar oileán na hÉireann.

 

Comhoibriú geo-eolaíochta Thuaidh-Theas
Baineadh amach éachtaí suntasacha de thoradh an Creat don Chomhoibriú Eolaíochta (Samhain 2007) idir GSNI, BGS agus SGÉ. Orthu sin i 2009 bhí na samplaí tábhachtacha a leanas:

  • Fuinneamh & athrú aeráide: Tá tosnaithe ag BGS, GSNI agus SGÉ múnla 3D a thógáil den fhothdhromchla faoi ghrineall an Mhuir Mheann mar chéad chéim i measúnú a ionchais um CCS. 
  • Bonneagar / guaiseacha: D'fhreastail 80 páirtí leasmhara ar sheimineár rathúil i 2009 maidir leis an taighde is déanaí ar maidhmeanna talún, rud d’eascair as comhoibriú níos luaithe ar an ábhar siúd.
  • Oidhreacht / For-Rochtain: Bunaíodh Fóram na hÉireann um Gheo-Pháirceanna mar ócáid líonraithe luachmhar dóibh siúd go bhfuil baint acu le Geo-Pháirceanna. Foilsíodh póstaeir arna hábhair "an aeráide le himeacht an h-aimsire" agus "Clocha Tógála". Dáileadh an chéad ceann go forleathan agus tá sé i gceist go ndéanfar amhlaidh leis an gceann eile.

 

Táirgí Nua
I measc a chuid táirgí 2009, d'fhoilsigh SGÉ (i gcomhpháirt le baill eile i go leor cásanna) Billeog 28A den Léarscáil Buncharraige do Mhuineachán (leagan GIS); treoirleabhair um oidhreacht geolaíochta Shligigh agus Sléibhte Chuaillí, Shliabh gCuilinn agus Sléibhte Mhúrna; póstaeir ar chlocha tógála agus athrú aeráide; agus nuachtlitreacha ar IYPE , screamhuisce agus gníomhaíochtaí SGÉ.

 

Comhthéacs Straitéiseach
Déantar cur síos i “Geo-eolaíocht - i dtreo Geilleagar Níos Cliste", a foilsíodh (i mBéarla) go comhpháirteach ag ARÉ, GSNI agus SGÉ ag deireadh na bliana 2009, ar conas is féidir leis an earnáil geo-eolaíochta cur leis an téarnamh eacnamaíoch agus ar fhís don earnáil i 2020.

Rinneadh athbhreithniú go rialta ar thosaíochtaí straitéiseacha SGÉ i gcomhthéacs na hacmhainne teoranta agus an gá le breis éifeachtúlachtaí i rith 2009. Tá SGÉ tiomanta dá tosaíochtaí tábhachtacha a sheachadadh leis an tionchar is mó, cé go mbeidh uirthi gan éalú as cuíchóiriú ar a haschur de sheirbhísí agus táirgí ar lú iad de thosaíocht.

 Back to top