Ag tacú le heacnamaíocht eolasbhunaithe

Cherishing Our Earth

Tá straitéis fhadtéarmach ag an Rialtas le forbairt eacnamaíochta agus iomaíochas a stiúradh trí infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt. Is é an aidhm atá mar bhonn leis sin spleáchas na hÉireann ar infheistíocht coigríche inár dtionscal a laghdú, réimse ina bhfuil dúshlán ollmhór roimh Éirinn ó eacnamaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Mar rogha air sin, is í fís an Rialtais go mbeidh an eacnamaíocht sa todhchaí bunaithe ar eolas agus ar nuálacht. Ní fhéadfar eacnamaíocht mar sin a thógáil ach ar thaighde, an phríomhmheicníocht le heolas nua a chruthú. D’infheistigh an Rialtas go mór ón mbliain 2000 chun na coinníollacha cearta a chruthú chun go bhféadfaidh rath a bheith ar thaighde. Éilíonn Éire soláthar dóthanach de thaighdeoirí d’ardchaighdeán, le hinfrastruchtúr taighde ar chaighdeán domhanda agus thug an Rialtas le fios go bhfuil sé i gceist acu tacaíocht leanúnach a sholáthar sa Phlean Forbartha Náisiúnta atá ag teacht aníos (2007-2013).

Tá príomhról ag geolaíocht le himirt sa tírdhreach taighde spleodrach sin. Tá an cumas ag an earnáil gheolaíochta, le láimhdeachas tionscail de €2 billiún in aghaidh na bliana agus seirbhísí le luach €130 milliún sa bhliain, chun ról níos fearr a bheith acu chun tacú le straitéis an Rialtais. Thug an AE rabhadh ag deireadh 2005 gur thit caitheamh R&D na hÉireann mar chion den GDP le roinnt blianta agus go bhfuil sé tite i gcoibhneas le go leor tíortha Eorpacha eile i réimse na nuálachta. Is féidir le taighde a bhíonn bunaithe níos leithne, lena n-áirítear geolaíocht, aghaidh a thabhairt ar an treocht sin agus cur le hobair taighde na hÉireann (agus an eacnamaíocht eolais).

“Gnóthaíonn tionscail gheolaíochta €2 billiún in aghaidh na bliana agus seirbhísí gheolaíochta €130 milliún”

D’fhorbair earnáil gheolaíochta na hÉireann sraith cuspóirí le 18 mí anuas atá leagtha amach le tacú le príomhchuspóirí náisiúnta agus a éilíonn maoiniú nua suntasach lena bhfeidhmiú. Tugann na cuspóirí aghaidh ar thaighde tábhachtach agus ar shaincheisteanna seirbhíse sna hearnálacha fuinnimh, comhshaoil, mara agus infrastruchtúir. €170 milliún an costas iomlán measta thar 5 bliana. Féach “Tosaíochtaí Geolaíochta”. Léigh níos mó faoin tionscnamh sin ar láithreán gréasáin GSI website (www.gsi.ie). Is é an léiriú atá ann ná go bhfreastalóidh an Plean Forbartha Náisiúnta (2007-2013) go sonrach ar iarratais iomaíocha ar mhaoiniú ón earnáil gheolaíochta. Tá maoiniú curtha ar fáil idir an dá linn do INFOMAR, comharba ar Shuirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann, agus d’fhéadfadh go mbeadh deiseanna ann tosaíochtaí geolaíochta a mhaoiniú tríd an gClár Taighde, Forbartha agus Léirithe Fuinnimh.

Soláthraíonn GSI seirbhísí atá mar bhonn d’fhorbairt gníomhaíochtaí eacnamaíochta i roinnt earnálacha. Is iarracht é an tionscnamh Atlantic Partners (féach painéal) chun gníomhaíocht na hearnála príobháidí a spreagadh i ndáiríre i dtíortha eile bunaithe ar chomhpháirtíochtaí eagraíochtaí, lena n-áirítear GSI, in Éirinn agus i gCeanada. Tá deiseanna fiontair turasóireachta ag an leibhéal náisiúnta bunaithe ar mheas ar an tírdhreach agus bhí GSI rannpháirteach leo sin freisin (féach “Dúshlán do phobail tuaithe”).

Tá formhór ár seirbhísí bunaithe ar bhunachair shonraí chórasacha atá tógtha thar bhlianta fada agus braitheann go leor acu go mór ar shonraí a sholáthraíonn tríú páirtithe. Soláthraítear é sin ar bhonn deonach agus tá GSI fírobhuíoch as sin. Is príomhghníomhaíocht é bailiú agus bailíocht sonraí mar sin, mar a léiríonn na treochtaí seo a leanas i sealúchais sonraí: (an líon taifead).

Bunachar Sonraí 2005 2004 2003
Minex 75,300 75,300 72,500
Geotechnical 55,103 51,253 48,578
Wells 36,150 35,417 34,772

Go barr an leathanaigh

Tosaíochtaí Geolaíochta (2007 – 2013)

Fuinneamh: Soláthairtí daingean agus éagsúil
Is é sprioc an AE go mbeidh ábhar in-athnuaite ag soláthar 12% de riachtanais fuinnimh iomlána faoi 2010. Is féidir le GSI, i gcompháirtíocht le Fuinneamh Inmharthana Éireann agus an tríú leibhéal agus earnálacha príobháideacha cur le measúnuithe fuinnimh geoiteirmeacha, gaoth amach ón gcósta, foinsí fuinnimh taoidí agus tonnta agus poitéinseal fuinnimh gaoithe talamhbhunaithe. Áirítear ar na gníomhartha tosaíochta modúil 3D a fhorbairt de limistéar faoi thalamh na hÉireann; criosanna a bhféadfadh go mbeadh seans maith ann go mbeadh geoiteirmeach ann a aithint, a mheas agus a fhaire; agus acmhainní hidreacarbóin a d’fhéadfadh a bheith in imchuacha amach ón gcósta a aithint.

Comhshaol agus Sláinte: Aghaidh a thabhairt ar astuithe san aer agus san uisce
Cuireann forbairt eacnamaíochta, uirbiú agus diantalmhaíocht brú ar chomhshaol na hÉireann. Tá athrú aeráide mar phríomhshaincheist do gheolaíocht; freagra amháin atá léirithe anseo meastóireacht ar phoitéinseal faoi thalamh le carbón a stóráil. Saincheist eile ar féidir le geolaíocht leas a dhéanamh ann ná feidhmiú Chreat-Treoir Uisce ón AE, sa chás seo trí shuirbhéanna agus monatóireacht screamhuisce mar aon le taighde spriocdhírithe do chomhshaol geolaíochta.

Mara: Acmhainn uathúil a fhorbairt
Tá grinneall farraige na hÉireann deich n-uaire níos mó ná limistéar na talún. Mheas Foras na Mara gurbh fhiú an acmhainn mara sin €3 billiún i 2003.I measc ghníomhartha tosaíochta geolaíochta, lena n-áirítear INFOMAR, comharba ar Shuirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann atá á bhainistiú i gcomhar ag GSI agus Foras na Mara, tá sonraí a fháil, a bhainistiú agus a léirmhíniú; sonraí a lánpháirtiú agus a mhalartú, seirbhísí breisluacha; monatóireacht ar ghrinneal na farraige; agus taighde geolaíochta den scoth bunaithe ar rannpháirtíocht sa Chlár Druileála Aigéan Lánpháirtithe.

Infrastruchtúr: Ag tógail ar bhunshraitheanna maithe le hábhair d’ardchaighdeán
Cuireann geolaíocht le forbairt infrastruchtúr éifeachtach trí heolas a bhíonn éifeachtach ó thaobh costais de a sholáthar maidir le coinníollacha talún. Áirítear le gníomhartha tosaíochta monatóireacht ardtaifeach ar ghuaiseanna ar nós laghdú talún, sciorraí talún, agus mianaigh tréigthe agus measúnú ar phríomhacmhainní mianraí agus carraige.

Atlantic Partners
Nuair a bhíonn clúdach mór san iris idirnáisiúnta Newsweek ar léarscáiliú ghrinneall na farraige, mar a bhí le déanaí, is féidir linn a bheith cinnte de go mbeidh todhchaí shuntasach ag an teicneolaíocht seo. Dhírigh ábhar an ailt ar leá leanúnach oighear an Artaigh, agus beidh an réigiún sin a d’fhéadfadh a bheith saibhir ó thaobh fuinnimh de inrochtaine don chéad uair do rialtais agus don earnáil fuinnimh, agus an t-aon slí le héileamh a lorg ar chuid den timpeallacht chrua sin ná trí léarscáiliú ar ghrinneall na farraige. Tá sin suntasach go maith le haird nuachta idirnáisiúnta a tharraingt, ach tá nithe ríthábhachtacha ag tarlú i bhfad ón gCiorcal Artach freisin, i ngach stát ar an gcósta atá ag lorg cearta ghrinneall na farraige faoi Dhlí Farraige na NA.

Tá deis iontach ag Éirinn agus ag Ceanada, trí na láidreachtaí comhlánacha atá acu, greim a fháil ar chuid shuntasach den ghnó idirnáisiúnta seo. Ó thaobh na hÉireann de, tá GSI agus a pháirtí, Foras na Mara ábalta cur le taithí Shuirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann ó 1999 agus sraith scileanna lánpháirtithe a sholáthar. Tá sé i gceist ag cuibhreannas de chuid Cheanada-na hÉireann* ina bhfuil siad rannpháirteach, dár teideal tionscnamh Atlantic Partners gnólachtaí mara agus geolaíochta a spreagadh ar dhá thaobh den Atlantach chun a bheith mar cheannródaithe sa mhargadh idirnáisiúnta seo.

B’ionann Suirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann agus infheistíocht €33 milliún ag an Rialtas in earnálacha geolaíochta agus mara, an ceann is mó dá leithéid ar fud an domhain agus infheistíocht a thuigtear go forleathan gur éacht misniúil agus ráthúil atá ann. Is féidir leas a bhaint anois as saineolas agus cumas náisiúnta atá bunaithe chun go n-éireoidh linn ó thaobh gnó, go háirithe d’earnálacha príobháideacha an dá thír, le leas a bhaint as margadh domhanda a mheastar gur fiú beagnach €2 billiún é suas go dtí 2009.

Beidh na chéad chéimeanna den tionscnamh sin cómhaoinithe ag staidéar comhairliúcháin chun comhairle a thabhairt maidir le múnla gnó a fhorbairt chun na deiseanna tráchtála sa mhargadh sin a thapú. Bhí an próiseas maidir le comhchomhairleoirí a cheapadh go maith chun cinn ag deireadh 2005 leis an aidhm an staidéar a thabhairt chun críche faoi lár 2006. B’shin ceann de na tionscnaimh a d’fháiltigh ceannaire Thalamh an Éisc, an tUasal Danny Williams agus an Taoiseach, Bertie Ahern Uasal, TD. rompu ag a gcruinniú i Meán Fómhair 2005.

* Is iad Enterprise Ireland, Comhpháirtíocht na hÉireann Thalamh an Éisc, Suirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann agus Foras na Mara comhpháirtithe na hÉireann; agus is iad Canadian Center for Marine Communications agus Bord Comhpháirtíochta Gnó na hÉireann comhpháirtithe Cheanada.

Bliain mhaith d’eolas maidir le mianraí

Tá acmhainní mianraí ríthábhachtach d’fholláine agus d’fhorbairt na sochaí. Tráchtearraí riachtanacha iad luaidhe agus sinc agus bhí 40% agus 30% faoi seach de tháirgeadh Iarthar na hEorpa díobh sin ag Éirinn le déanaí ó na trí mhianach gníomhacha (An Uaimh, Lisheen, Gabhalmhaigh).* Leanann GSI ag tacú le Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta (EMD) a mháthair-Roinne chun seirbhísí eolais agus monatóireacht a sholáthar don earnáil.

D’fháiltigh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha roimh Chartlann Geolaíochta na hÉireann a bhronn Rio Tinto ar GSI i mí Iúil. Tá sin ar cheann de na cuideachtaí mianadóireachta is mó ar domhan, agus bhí siad i mbun taiscéalaíochta in Éirinn ó go luath sna 1960aidí go dtí lár na 1990aidí, ag bailiú earraí fíor-luachmhara ó thaobh eolais a chuirfidh go mór le bunachar sonraí GSI. Tá eolas tábhachtach san áireamh ar shil-leagan since-luaidhe Keel, Contae an Longfoirt, agus sil-leagan óir Kilmacoo, Contae Chill Mhantáin. Beidh ionchuir agus léirmhínithe nua ar gheolaíocht na hÉireann do na custaiméirí ar fad nuair a bheidh an t-ábhar curtha i gcatalóg agus i gcartlann.

* Saoráidí Mianadóireachta agus Cuardaithe Stáit agus Nuacht Tionscail.1ú Samhain 2005. Plé Taiscéalaíocht agus Mianadóireachtin Éirinn.An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

Rio Tinto


Go barr an leathanaigh

Go Tuarascáil Bhliantúil 2005