Ag comhoibriú thar lear

 

Halifax

Tá geolaíocht ag pointe ríthábhachtach ar an ardán domhanda. Tá laghdú tromhchúiseach tagtha uirthi le 20 bliain anuas ó thaobh an leibhéal rannpháirtíochta agus maoinithe. Tá fócas a cuid oibre athraithe ó na tionscail eastósctha go dtí saincheisteanna comhshaoil. Mar sin féin, leanann an pobal i gcoitinne ag nascadh geolaíocht le dúshaothrú shaibhreas an Domhain agus is amhlaidh go mbíonn íomhá dhiúltach ag roinnt léi. Tá cinneadh tábhachtach ag deireadh 2005 ceaptha tionchar dearfach agus radacach a bheith aige ar an gcás sin. Ba é réiteach Chomhthionól Ginearálta na NA ná 2008 a ainmniú mar Bliain Idirnáisiúnta an Domhain. Rachaidh an imeacht sin ar aghaidh ar feadh na mblianta 2007-2009 agus is ionann é agus iarracht domhanda aird idirnáisiúnta mór a tharraingt ar luach na geolaíochta don tsochaí agus do shláinte na sochaí. Rachaidh GSI i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann agus le comhpháirtithe eile lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht iomlán ag Éirinn sa phróiseas sin.

Ní bhíonn GSI ag lorg oibre thar lear. Le hacmhainní teoranta, tá dúshlán mór roimh GSI le cuspóirí náisiúnta sna hearnálacha a fhreastalaíonn sé orthu a bhaint amach. Mar sin féin, tá tábhacht le comhoibriú ar bhonn idirnáisiúnta i gcás GSI lena chinntiú go bhfuiltear ag leanúint sárchleachtais, agus dá bhrí sin ag soláthar na seirbhísí is fearr is féidir dá chustaiméirí agus dá ngeallsealbhóirí, ag féachaint don mhéid acmhainní atá ar fáil.

“Is de bharr comhbriú thar lear a soláthraíonn GSI na seirbhísí is fearr”

Leanann GSI ag comhoibriú go maith le Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann. Tá roinnt tionscadal bainistithe i gcomhar againn le deich mbliana anuas, sna réimsí turasóireachta tírdhreacha agus acmhainní mianraí. Táimid mar chomhpháirtí i dtionscadal Sléibhte Bhréifne Tras-Teorann faoi láthair, atá leathnaithe go dtí 2006 anois, mar aon le tionscadail Cheantar Abhantraí. Bhí foireann ón Rannóg Screamhuisce rannpháirteach i nGrúpaí Oibre AE ar An gCreat-Treoir Uisce (WFD) agus an Groundwater Daughter Directive. Bhí siad rannpháirteach san fhóram Thuaidh-Theas agus Ríocht Aontaithe freisin maidir le WFD.

Is comhalta gníomhach de Eurogeosurveys iad GSI, cumann suirbhéireachta geolaíochta na hEorpa. I rith 2005 bhí siad rannpháirteach le hinstitiúidí Eorpacha le beartais a fhorbairt i réimsí ar nós bhainistiú inbhuanaithe acmhainní domhanda, monatóireachtaí comhshaoil fíor-ama a sholáthar (trí GMES) agus comhoibriú a fhorbairt. Bhí GSI rannpháirteach in Eurogeosurveys trí chruinnithe rialta na Stiúrthóirí agus an Lucht Teagmhála, chomh maith le roinnt imeachtaí speisialaithe. Sholáthair siad sin deiseanna do GSI comhthionscadail a eagrú agus eolas a roinnt idir na foirne.

Is cruinniú débhliantúil a bhíonn i Siompóisiam Mianraí an Atlantaigh Thuaidh a bhíonn eagraithe faoin Meabhrán Tuisceana idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Thalamh an Éisc agus Labradar. Tá sé leagtha amach chun mianadóireacht a spreagadh ar dhá thaobh an Atlantaigh agus chun deiseanna foghlama agus infheistíochta a chruthú in earnáil na mianraí. Tionóladh an Siompóisiam in Albain Nua i 2005 áit a raibh toscaireacht GSI rannpháirteach go hiomlán sna himeachtaí. Tá GSI ag comoibriú le Talamh an Éisc freisin ar an tionscnamh Atlantic Partners (féach “Ag tacú le heacnamaíocht eolasbhunaithe”) agus tá ionadaíocht ag GSI ar Bhord Chomhpháirtíocht Éireann Thalamh an Éisc. Tá imeacht earnála mianraí eile, an Prospectors and Developers Association of Canada Convention bliantúil i Toronto, tábhachtach chun ionchas na hÉireann a chur chun cinn agus chomhoibrigh GSI leis an Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta de chuid ár máthair-Roinne agus le GSNI.

D’fháiltigh GSI cuairteoirí ó raon leathan tíortha i 2005, lena n-áirítear An Bhoisnia Herzegovina, Ceanada, Leosóta, An Ísiltír, An Iorua, An Rúis, An Afraic Theas, An Spáinn, An Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. Ócáidí luachmhara iad sin le heolas agus taithí a mhalartú, agus i roinnt cásanna bhí meamraim thuisceana ollmhóra mar thoradh ar chuid acu nó táthar á mbreithniú chun comhoibriú a fhoirmliú agus a dhoimhniú. Scrúdaíodh raon leathan téamaí. Thug Comhdháil FEMME, fóram úsáideoirí do chustaiméirí Kongsberg Simrad, 250 rannpháirtí go Baile Átha Cliath, iad meallta ag mar a d’éirigh le Suirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann.

Go barr an leathanaigh

Cuisle Comhshaoil na hEorpa

Is í timpiste Chernobyl a tharla i 1986 a chuir ina luí ar mhuintir na hEorpa ar deireadh gur eintiteas comhshaoil amháin é an mór-roinn seo ar an tslí chéanna agus a bheadh an Eoraip comhdhéanta de shraith dlínsí neamhspleácha comhaontaithe. Dár ndóigh, thrasnaigh príomhaibhneacha agus cóstaí na hEorpa go leor teorainneacha náisiúnta, agus ar an tslí sin bheadh tionchair ag bainistiú comhshaoil in aon tír amháin ar go leor eile. Ach ní raibh aon sonraí iontaofa, go háirithe ar ghnéithe tocsaineacha, ar fáil ar fud na hEorpa chun an chomhshaol reatha a mheas nó an tionchar a bheadh aige ar imeachtaí sa todhchaí a aimsiú.

Le deich mbliana anuas, thug eagraíochtaí suirbhéireachta geolaíochta as 26 tír san Eoraip, lena n-áirítear Éire, aghaidh ar an gcás sin trí shuirbhé geoiceimic forleathan a chomhordú ar fud na hEorpa, ag samplú meán éagsúil ar shlí caighdeánaithe. Faoi choimirce Eurogeosurveys (agus na heagraíochtaí a bhí ann roimhe sin), tugadh clár shampláil chun críche i 2001 agus ó shin d’éirigh leo anailís a dhéanamh ar shamplaí agus torthaí a phróiseáil. Foilsíodh an chéad eagrán den Geochemical Atlas of Europe* i Meitheamh 2005, a bhí comhdhéanta de 354 léarscáil geoiceimice, eolas cúlra agus modheolaíocht. Áirítear ann sonraí bunlíne geoiceimice ar fud na hEorpa faoi os cionn 50 gné ceimice, lena n-áirítear na gnéithe bith-riachtanacha agus na gnéithe is tocsainí. Beidh an tionscadal críochnaithe i 2006 nuair a fhoilseofar Cuid 2 den Atlas a bheidh comhdhéanta de léirmhíniú sonraí le léarscáileanna, léaráidí agus táblaí breise. Is féidir féachaint ar an Atlas ar http://www.gsf.fi/publ/foregsatlas/ agus is féidir cóipeanna crua a fháil ó Ionad Custaiméirí GSI.
Soláthróidh an Geochemical Atlas of Europe bunlíne eolais thábhachtach ar staid chomhshaol na hEorpa do lucht déanta cinntí ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, do ghníomhaireachtaí comhshaoil agus don phobal i gcoitinne. Úsáidfear an taithí a fuarthas agus iad á réiteach do phleanáil éifeachtúlacht thionscnaimh domhanda agus chun modheolaíochtaí le sonraí bunlíne chomhshaoil ar chostas íseal a fhorbairt i dtíortha sa tríú domhan.

*Salminen, R. (Príomheagraitheoir) agus eile (lena n-áirítear O’Connor, P.J) 2005. Geochemical Atlas of Europe. Cuid 1: Eolas cúlra, modheolaíochtaí agus léarscáileanna. Suirbhéireacht Geolaíochta Fionlainn. 526pp.

Geochemical

Go barr an leathanaigh

Taisce Choiréil na hÉireann


D’fhógair an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, An tUasal Nollaig Ó Díomasaigh TD, i mBealtaine comhcheangal na hÉireann trí GSI ar Chlár Druileála Aigéan Lánpháirtithe (IODP). Soláthróidh an fhorbairt sin a bhfuil fáilte roimpi rochtain d’eolaithe ag Institiúidí Éireannacha ar gheolaíocht den scoth. Ní amháin go bhfuil deiseanna ann seoladh ar chúrsáil druileála sonracha, ach tá rochtain ar bhanc sonraí ollmhór samplaí agus sonraí éascaithe, mar aon le ar líonraí eolaíocha a bhfuil eolas den scoth le fáil air.

Tháinig fógra an Aire ag an am céanna ar tháinig long druileála JOIDES Resolution, go calafort Baile Átha Cliath agus b’iontach an radharc a bhí inti agus í ábalta tochailt chun doimhneacht suntasach go dtí an ghrinneall farraige is doimhne. Bhí an long druileála ar a bealach go dtí Imchuach an Chuain Mara, amach ó chósta thiar na hÉireann, chun staidéar spéisiúil a dhéanamh. Le deich mbliana anuas léarscáileadh sraith carnáin coiréal uisce fuar ag imeall ár n-imeallcheantar mór-roinne. Ba é tasc an Resolution, a bhí ag seoladh le hualach iomlán scileanna eolaíochta (lena n-áirítear aon eolaí amháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus eolaí eile ó GSI), ná druileáil trí charnáin den sórt sin. D’éirigh leis na cuspóirí eolaíocha a bhaint amach agus tá an fhoireann tionscadail ag déanamh anailíse anois ar stair na hoidhreachta iontach sin, agus ar conas agus cathain ar thosaigh sin ag forbairt.* Tabharfaidh na torthaí léargas nua ar chúrsa ár n-athrú aeráide thar thréimhse na mílte bliain.

* 2005 ansin. Druileáil eolaíoch an Chláir Druileála Aigéan Lánpháirtithe (IODP) den charnán carbónáite nua-aimseartha in Imchuach an Chuain Mara. Imeachtaí an tSeimineáir. Suirbhéireacht Gheolaíocht na hÉireann. 24pp.

Go barr an leathanaigh

 

Go Tuarascáil Bhliantúil 2005