Ag caomhnú ár gcomhshaoil

Ba thosaíocht ollmhór i 2005 an obair screamhuisce a rinneadh mar chuid d’fheidhmiú Chreat-Treoir Uisce an AE (WFD). Beidh tionchar dearfach ag an Treoir sin ar shaol gach duine san Eoraip sna deich mbliana amach romhainn, ag cinntiú go mbeidh gach áitritheoir in ann teacht ar sholáthairtí uisce glan. Rinneadh obair GSI ar screamhuisce, ag tacú lena chomhpháirtithe eile sa tasc tábhachtach seo, i gcomhthéacs thionscadail Cheantar Abhantrachta (RBD). Áiríodh ann staidéir anailíse agus tréithrithe, ag tionól Grúpa Oibre Screamhuisce WFD agus ag cur le coistí náisiúnta WFD éagsúla agus grúpaí stiúrtha tionscadail RBD.

Tá éileamh mór ann i gcónaí ó údaráis áitiúla ar Scéimeanna Cosanta Screamhuisce (GWPS) atá contae-bhunaithe agus is uirlisí pleanála tábhachtach iad, agus tá GSI ag iarraidh freagairt don éileamh sin laistigh de theorainneacha na n-acmhainní a bhfuil fáil orthu. Cuireadh tús le GWPS do Chontae an Chabháin go déanach i 2005. Tugadh na léarscáileanna íogaireachta screamhuisce do Chill Chainnigh, do Thiobraid Árann Thuaidh, do Laoise, do Chill Dara, don Mhí agus do Mhuineachán cothrom le dáta ag baint úsáide as léarscáil fho-ithreacha Teagasc, atá eisithe as an nua, mar bhunús. Tugadh dhá thuarascáil agus léarscáil chosanta foinsí chun críche do thoibreacha agus fuaráin soláthar uisce phoiblí agus grúpa ag Béal Átha Seanaidh agus Paiteagó i gContae Dhún na nGall.

Groundwater

Lean GSI ag tabhairt comhairle do Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta ár máthair-roinne maidir le gnéithe a bhain le huisce d’fhorbairtí mianadóireachta, lena n-áirítear oibríochtaí reatha agus oibríochtaí a bhí ann tráth.


I 2005, chomhaontaigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go mbeadh GSI mar chomhchomhairleoir reachtúil i dtaobh nithe pleanála a bhaineann le tionscadail chairéalachta agus infrastruchtúir forleathan. Meastar go mbeidh Ionstraim Reachtúil a thabharfaidh éifeacht dlí don ní sin á síniú ag an Aire i 2006. Freagraíonn GSI aighneachtaí pleanála freisin maidir le ráitis tionchair timpeallachta agus iarratais phleanála: fuarthas 60 iarratas i 2005 (62 i 2004) agus thagair formhór acu do shaincheisteanna geoiteicniúla agus oidhreachta.

Go barr an leathanaigh

Screamhuisce: Tionchar Chreat-Treoir Uisce an AE.
Is iontach an rud é i gcónaí nuair a bhítear ag tuairisciú dul chun cinn. Sna trí bliana is déanaí, chuir feidhmiú Chreat – Treoir Uisce an AE (WFD) agus an obair a rinne comhchomhairleoirí GSI, TEAGASC, An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, údaráis áitiúla agus RBD (ceantar abhantrachta) an tuiscint ar screamhuisce in Éirinn chun cinn go mór. Tá screamhuisce ‘tréithrithe’ agus, le linn sin a bheith ar siúl, táirgeadh léarscáil uiscíoch nua d’Éirinn, tá na sonraí screamhuisce atá ar fáil go héasca bailithe, tá léarscáiliú ithreacha agus fo-ithreacha déanta, tá measúnú déanta ar hidriceimic ár screamhuisce agus tá dílíniú agus tuairisciú déanta ar os cionn 700 ‘comhlacht screamhuisce’ (na haonaid bhainistithe faoin WFD).

‘Acmhainn fholaithe’, a bhí i screamhuisce go ginearálta agus bhain an fócas san am a caitheadh den chuid is mó ar é a úsáid mar uisce le hól. Tá an fócas níos leithne anois, agus éilíonn WFD go bhfeicfí anois é i dtéarmaí an naisc le héiceachórais, agus an méid a chuireann sé leo, cibé in uisce dromchla nó bogaigh. Tá tréithriú riosca a lánpháirtíonn brúnna agus tionchair leis an tréithiú fisiciúil déanta chun a mheas cibé an bhfuil ‘an baol’ ann nach bhfuil comhlachtaí screamhuisce ag comhlíonadh cuspóirí comhshaoil an WFD. Léirigh sé sin go bhfuil cion mór ann a cheaptar go bhfuil ‘baol suntasach ag baint leo’; cibé ó fhoinsí idirleata truaillithe (talmhaíocht den chuid is mó) nó foinsí pointe (sean líonadh talún, ceantair uirbeacha nó talamh éillithe den chuid is mó).

Tá dúshláin mhóra amach romhainn. Cleachtadh scagtha a bhí i gceist leis an gcéad chéim den fheidhmiú, a tugadh chun críche i Márta 2005, bunaithe ar chúrsa thréithrithe, agus a léirigh an bealach chun cinn, ag tabhairt na príomhshaincheisteanna don todhchaí chun solais. Déanfar tuilleadh tréithrithe agus monatóireachta chun neamhchinnteachtaí a laghdú agus chun bailíocht thorthaí mheasúnú riosca a sheiceáil. Sa phróiseas, beidh feabhas ar ár dtuiscint ar screamhuisce in Éirinn. Níos conspóidí b’fhéidir, beidh gá le clár bearta lena chinntiú nach dtiocfaidh meathlú ar stádas na gcomhlachtaí screamhuisce, agus go bhfeabhsófar na comhlachtaí screamhuisce atá rangaithe mar ‘go dona’ go dtí ‘go maith’. Is dócha go mbeidh impleachtaí aige sin ar roinnt úsáidí talún faoi láthair in Éirinn.

Ár nDomhan Leochaileach
An 26ú Nollaig 2004, chruthaigh crith talún mór faoi thalamh amach ó chósta Sumatra tsunami cumhachtach agus maraíodh beagnach 230,000 duine thar timpeall chósta an Aigéin Indiaigh. D’aontaigh an obair dhaonna daoine ar fud na cruinne ar shlí shuntasach, ní hamháin sa phobal gheolaíochta. Freagraíodh dó le seirbhísí chun soláthairtí uisce sábháilte a chinntú ó thoibreacha, mianraí agus ábhair ghreanmheallta le bheith mar bhonn d’atógáil agus rinneadh suirbhéanna ar bhataiméadracht ghrinneall na farraige an athuair chun tacú le sábháilteacht mara.

“De bharr chrithtalúin Sumatran, dhein plainéad Domhain creathadh”

Bhí crith talún Shumatra ar scála chomh ard sin gur chroith an Domhan. Cláraíodh éifeachtaí fisiciúla in Éirinn fiú nuair a cláraíodh athruithe leibhéil uisce i bpoill tóraíochta GSI agus GSNI. Go deimhin dá bharr sin b’éigean dúinn athruithe leibhéil uisce den sórt céanna a athbhreithniú in aghaidh imeachtaí seismeacha le cúig bliana fichead anuas, agus aithnaíodh 110 crith talún ar a laghad, agus bhí a bhformhór níos mó ná 7.0. Mar sin féin, sheas taifead Shumatra amach mar chruthaigh sin athruithe uathúla ar an leibhéal uisce. Go deimhin creideann speisialtóirí screamhuisce go léiríonn na héagsúlachtaí athruithe ó pholl tóraíochta amháin go chéile go bhféadfadh creathanna talún tromhchúiseacha mar sin cuidiú linn tuiscint níos fearr a fháil ar nádúr ár n-uiscigh.

Scrúdaíodh an fhreagairt go idirnáisiúnta ar thubaistí i rith 2005, mar breithníodh an tionchar a bhí ag Spéirling Katrina agus Crith Talún na Pacastáine mar aon le Tsunami Shumatra. I gcás Tsumami Shumatra bhí moill mhór ann sular thosaigh cúnamh ag dul chomh fada le roinnt pobal, rud a léiríonn go mb’fhéidir go bhféadfadh roinnt de na daoine a maraíodh sna réigiúin sin a bheith sábháilte. Mar aon le haithint gur chóir go mbeadh freagraí níos tapúla, níos dírithe agus níos géarchúisí ann, tuigtear go mbeadh líon mór daoine sábháilte agus nach mbeadh an oiread damáiste déanta do mhaoin dá mbeadh córais rabhaidh luath ann.

Léiríonn fianaise atá ar fáil go bhfuil pobail atá suite ar chósta na hÉireann i mbaol ó tsunami freisin dá mba rud é go mbeadh crith talún nó sciorradh talún fó thoinn san Atlantach Thuaidh. Cé nach bhfuil mórán seans ann go dtarlóidh a leithéid, bheadh tionchar ollmhór ann dá dtarlódh a leithéide agus ní féidir neamhaird a dhéanamh de sin. Bhí GSI ag comhordú moladh náisiúnta ag deireadh 2005 ar mhaithe le córas rabhaidh tsunami éifeachtach, a bheadh lánpháirtithe le córais idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn agus bunaithe ar chomhoibriú idir eagraíochtaí stáit iomchuí agus an earnáil tríú leibhéal.

Geolaíocht agus Breathnú ar an Domhan
Ag teacht as cruinniú mullaigh Gothenburg 2001, chinn ceannairí na hEorpa beartais slándála agus comhshaoil cuimsitheacha a fheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu i gcomhthéacs forbairt inbhuanaithe. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, d’fhorbair An Coimisiún Eorpach i gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa an tionscnamh Monatóireacht Dhomhanda ar Chomhshaol agus Slándáil (GMES), atá comhdhéanta de theicnící spáis-iompartha agus in-situ chun cumas oibríochta agus neamhspleách Eorpach a sholáthar.

Soláthróidh GMES trí sheirbhís oibríochta “tús-áite” faoi 2008 a chuimseoidh Monatóireacht Talún, Croí-Sheirbhísí Mara agus Freagra Éigeandála agus d’fhéadfadh go mbeadh an ceathrú seirbhís Monatóireacht Atmaisféarach ann mar táthar á thógáil faoi láthair. Cuideoidh sonraí a gheofar trí GMES le Treoir INSPIRE (Eolas Infrastruchtúir agus Spáis san Eoraip). Cuideoidh GMES le rochtain, úsáid agus comhchuibhiú eolas geospáis ag leibhéal pan-Eorpach agus le hidiroibríocht córais náisiúnta.

Beidh GMES mar an príomh-rannchuideoir Eorpach don tionscadal 10 mbliana GEOSS (Córas Imbhreathnú Domhain ar Chórais) atá á bhainistiú ag an nGrúpa Breathnú ar an Domhan (GEO) idir-rialtais faoi stiúir na Stát Aontaithe. Tá thart ar 60 tír rannpháirteach sa GEO (Éire san áireamh) agus 40 eagraíocht idirnáisiúnta (Eurgeosurveys san áireamh).
Is féidir le geolaithe go ginearálta agus le GSI ach go háirithe, cuidiú le comhpháirt talún in situ GMES agus GEOSS sna blianta amach romhainn agus is féidir an neart eolais breise a fháil ar na láithreáin ghréasáin www.gmes.info agus ar www.earthobservation.org. Soláthraíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus GSI na toscairí náisiúnta don Chomhairle Comhairleach GMES agus don GEO Iomlánach. Sa bhreis air sin, comhaontaíodh ag Comhairle Aireachta ESA an 6ú Nollaig 2005 go mbeadh Éire rannpháirteach go hiomlán sa chéad Chlár Clúdaigh Breathnú ar an domhan (EOEP) eile de chuid ESA 2008-2012.

Go barr an leathanaigh

Go Tuarascáil Bhliantúil 2005