2007 Tuarascáil Bhliantúil - Buaicphointí
Réamhrá | Ghníomhaireacht náisiúnta don earnáil gheo-eolaíochta | Buaicphointí 2007 | Déanann an Gheo-eolaíocht dul chun cinn suntasach | Tiománann taighde Geilleagar an Eolais | Éire 3D | Ag tacú le hinfrastruchtúr éifeachtach | Fíoru ár nacmhainneacht chósta | An Gheo-eolaíocht agus fuinneamh na hÉireann | Tá uisce glan lárnach dár dtimpeallacht | Comhoibriú Thuaidh-Theas agus comhoibriú Idirnáisiúnta | Tacaíonn an tsochaí le Geo-eolaíocht | Eagraíocht GSI | Seirbhísí GSI a úsáid

Tugann an Clár Geo-eolaíochta Náisiúnta, a foilsíodh i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann (RIA) i mí Feabhra, cur síos ar an gclár don earnáil gheo-eolaíoch thar thréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP), 2007-2013. Cuireadh maoiniú €43 milliún ar fáil ina dhiaidh sin chun tacú le taighde agus seirbhísí tosaíochta sa gheo-eolaíocht.

I mí na Samhna shínigh na Stiúrthóirí faoi seach, agus Stiúrthóir Feidhmeannach Suirbhé Geolaíochta na Breataine, creat ar chomhoibriú eolaíoch idir GSI agus Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann. Tá sé i gceist go méadófar an comhoibriú Thuaidh-Theas agus Thoir-Thiar idir na heagraíochtaí seo dá bharr. Cuireadh tús leis an obair ar fheidhmiú praiticiúil an chreata roimh dheireadh na bliana.

Bhunaigh an Rialtas Dámhachtainí Taighde Geo-eolaíochta Uí Ghríofa chun cumas taighde na hearnála geo-eolaíochta a neartú. Tairgeann siad conarthaí suas le seacht mbliana do thaighdeoirí nach bhfuil i bhfad i mbun a gceirde agus meastar go gcuirfear suim mhaith iontu go hidirnáisiúnta. Tar éis Glaoch rathúil ar Thograí agus dianphróiseas measúnaithe, bronnadh 9 gconradh arbh fhiú €9.2 milliún iad, ar institiúidí tríú leibhéal in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann.

Socraíodh go luath i 2007 go mbeadh sonraí GSI le fáil feasta saor ó chostas do gach úsáideoir agus go gcuirfí ar fáil iad, a luaithe agus ab fhéidir, i bhformáid dhigiteach agus ar bhonn cumasaithe don ghréasán. Faoi dheireadh na bliana bhí an chuid is mó de na sonraí faoi ghrinneall na farraige agus cuid de na sonraí bunaithe ar an talamh, inrochtana ar an mbealach seo. Is é an aidhm atá leis an bpolasaí nua seo ná úsáid sonraí GSI a uasmhéadú agus tacaíocht shuntasach a thabhairt do gheilleagar an eolais.

Tugadh faoi obair ar Scéimeanna Cosanta Screamhuisce (GWPanna) do Chontaethe an Chabháin agus na Gaillimhe. Bhí an péire críochnaithe i bhfoirm dhréachta faoi dheireadh 2007 agus bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis glacadh leis an gceann do Chontae na Gaillimhe. Tá dul chun cinn déanta maidir le staidéir chosanta i gContae Lú agus tabharfar chun críche iad an bhliain seo chugainn. I nDeireadh Fómhair, cuireadh tús le clár mapála náisiúnta cheithre bliana, maoinithe ag an bPFN, ar thréscaoilteacht agus ar thiubhas fo-ithreach agus leochailleacht screamhuisce, chun dlús a chur le bunachar sonraí náisiúnta. Tacóidh torthaí taighde atá ag teacht ó dhá chonradh faoi Dhámhachtainí Taighde Geo-eolaíochta Uí Ghríofa ar a laghad le hobair GSI ar screamhuisce.

Bhí an dara séasúr rathúil suirbhéireachta ag INFOMAR, an suirbhé ar ghrinneall na farraige gar don chósta, atá ar bun i gcomhar le Foras na Mara. Tugadh bailiú sonraí chun críche san iardheisceart (amach ón Daingean), i mBánna Bheanntraí agus Dhún Mánais, bhí 90% den obair déanta i gCuan na Gaillimhe agus bhí tús curtha leis an obair amach ó Phort Láirge agus ó Chorcaigh araon. Léirigh torthaí tosaigh cineálacha éagsúla gnéithe geolaíochta a aimsíodh as an nua a raibh impleachtaí ag cuid mhór acu d’éiceachórais, agus tugadh clúdach leathan do na gnéithe seo ar na meáin áitiúla.

Is príomhthosaíocht de mhisean GSI anois iad tionscadail fuinnimh. Cuireadh béim ar leith ar laghdú astuithe gáis cheaptha teasa san atmasféar ar bhonn náisiúnta, trí stóráil charbóin i bhfoirmíocht gheolaíochta. Le linn 2007 bhí GSI gníomhach i dtús a chur le staidéar deasca, á threorú ag Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann, ar acmhainn stórála dá leithéid amach ón gcósta agus ar an gcladach in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Tá sé ceaptha teacht chun críche i lár 2008. D’fheidhmigh GSI freisin mar phríomh-chomhpháirtí teicniúil i dtionscadal stórála carbóin eile, á mhaoniu ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), atá ceaptha na féidearthachtaí le haghaidh stórála carbóin i gcomharsanacht Stáisiún Ginte Cumhachta gualbhreoslaithe Ghob na Mine a mheas. Déanfar an obair seo a chomhlánú trí thaighde i dtrí chonradh faoi Dhámhachtainí Taighde Geo-eolaíochta Uí Ghríofa.

Tá soláthar seirbhísí oiliúna ina chuid ríthábhachtach de chúnamh GSI chun linn scileanna náisiúnta a chur le chéile. Chuidigh GSI, i gcomhar le FÁS agus leis an EPA, leis an gcúrsa ar mheasúnú oiriúnacht láithreáin do shuiteáil chórais chóireála uisce fuíll ar an láthair a chur ar siúl go rathúil in athuair. Cuireadh an cúrsa seo ar siúl thar thréimhse coicíse agus meastar go bhfuil 800 rannpháirtí tar éis é a chríochnú go dtí seo. Reáchtáladh cúrsa iomlán nua dhá lá ar dhreachadh crios caomhnaithe ar fhoinse screamhuisce, i gcomhar leis an EPA agus le hInstitiúid Gheolaithe Éireann. Ba dheis luachmhar é seo chun eolas ar mhodheolaíocht GSI ar chaomhnú foinse a scaipeadh. I réimse ghrinneall na farraige reáchtáladh cúrsa eile go rathúil ar rangú ghrinneall na farraige, uirlis mhínithe riachtanach d’fheidhmiúcháin an-éagsúla, mar shampla gnáthóga éisc agus dreachadh comhiomlán acmhainní. Chomh maith leis seo cuireadh oiliúint phraiticiúil i ngnéithe geolaíochta de Shiollabas Tíreolaíochta na hArdteistiméireachta ar fáil do mhúinteoirí tíreolaíochta.

Tá páirt lárnach i gcónaí ag mapáil gheolaíochta chun taca a chur le hobair tionscadail thar chláir de chuid GSI. Tugadh mapáil bhuncharraige ar scála 1:50,000, Bileog 28a (Muineachán) agus ar bhileog ar leith don Bhoireann, chun críche, agus rinneadh dul chun cinn suntasach ar Bhileoga 46 agus 52. Leanadh leis an gcomh-mhapáil Bhuncharraige agus Cheathartha ar Bhileog 50 (réigiún Bhaile Átha Cliath). Chuir taighde geoifisiceach i Lártíre, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus druileáil, taca faoin mapáil seo. Le linn 2007 druileáladh 237 tollpholl in iomlán de dhoimhneacht charnach 2582.4m, chun tacú le cláir bunaithe ar an talamh. Ullmhaíodh leagan digiteach den Mhapa Geolaíochta Buncharraige d’Éirinn 1:500,000.

Is tosaíocht í an tacaíocht do bheartas agus rialachán don GSI i gcónaí. Leanadh le tionscadail Cheantair Abhantraí (RBD) faoi Chreat-Treoir Uisce an AE: freastalaíodh ar chruinnithe tionscadal agus cuireadh sonraí screamhuisce ar fáil do chomhairleoirí. D’fhreagair GSI do 181 fógra ar Ráitis Thionchar Comhshaoil agus iarratais phleanála i 2007 (i gcomparáid le 97 i 2006) agus baineadh úsáid leathan as bunachair sonraí mar Gheoteicniúil agus Oidhreacht Gheolaíochta.

Leanadh leis an bpróiseáil agus an léirmhíniú ar thorthaí geoifisiceacha aerbheirthe ó na suirbhéanna píolótacha i 2006. Rinneadh na suirbhéanna i gCabhán-Liatroim-Muineachán, Béal Átha Gabhann agus Oileán Ciarraí – Trá Lí. Léiríonn samhaltú sonraí radaiméadrach gur féidir mionchoigeartuithe a dheanamh ar mhapáil ghuais an radóin.

Tá Fardal Láithreán Mianaigh Stairiúil Náisiúnta á ullmhú chun riachtanais treoir de chuid an AE ar bhainistiú dramhaíola ón tionscal eastóscach a chomhlíonadh. Tá an staidéar seo faoi threoir an EPA á bhainistiú ag GSI. Leanadh le staidéar féidearthachta ar bhainistiú agus ar fheabhsúcháin cheantar mianaigh Abhóca i rith 2007. Tionóladh cruinniú poiblí chun ionchur ón bpobal a éascú. Leanann tionscadal atá maoinithe ag Interreg agus á threorú ag Bord Iascaigh Réigiúnach an Oirthir, ag scrúdú tionchair chomhshaoil i gceantar mianaigh Abhóca. Tá GSI ag cuidiú le gnéithe éagsúla den tionscadal seo, lena n-áirítear acmhainn turasóireachta a bhaineann le hoidhreacht mianaigh Abhóca.

Tugadh tacaíocht do thionscadail turasóireachta tírdhreacha trí mhaoiniú de chuid an AE i nGeopháirc Chósta an Chopair a bhfuil tacaíocht UNESCO aige, agus ceantar Tras-Teorann Bhreifne (An Cabhán- Fear Manach-Liatroim-Ros Comáin-Sligeach), áit ar oibrigh GSI (agus GSNI freisin i gcás Bhreifne) go héifeachtach le húdaráis áitiúla agus pobail áitiúla. Chuir GSI maoiniú ón bPFN ar fáil don dá thionscadal agus don gheopháirc atá i mbun a bunaithe sa Bhoireann-Aillte an Mhothair.

Tionóladh Siompóisiam Mianraí an Atlantaigh Thuaidh (NAMS), a d’eagraigh GSI faoi choimirce an Mheamram Tuisceana idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Thalamh an Éisic agus Labrador, i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa. Mar chuid lárnach de Chomhdháil ollmhór SGA, ar fhreastail breis agus 600 toscaire uirthi, thug sé spreagadh d’acmhainn mianraí na hÉireann tráth a raibh infheistíocht thaiscéalaíochta mhéadaithe ann.

Is Bliain Idirnáisiúnta an Domhain é an bhliain seo chugainn, 2008, bliain a roghnaigh Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe le béim a leagan ar an méid tábhachtach a chuireann an gheo-eolaíocht leis an sochaí. Tá clár tarraingteach imeachtaí leagtha amach ag GSI ar fud na tíre, le tacaíocht RIA agus i gcomhar le raon páirtnéirí (an GSNI san áireamh), imeachtaí a bheidh ar siúl ar feadh na bliana. Féach www.planetearth.ie leis na mionsonraí a fháil.

Chuir na meáin chumarsáide suim mhór arís sa GSI i 2007 (ardú 100% ar an mbliain roimhe) agus léiríodh méadú 25% ar an ngníomhaíocht ar a láithreán gréasáin bliain ar bhliain.

 Barr an leathanaigh

Photo by Sarah Gatley


Photo by Jason Dolan


Photo by Mohammad Rakbul Hascan


Photo by Milo Barham