2007 Tuarascáil Bhliantúil - Ag tacú le hinfrastruchtúr éifeachtach
 Réamhrá | Ghníomhaireacht náisiúnta don earnáil gheo-eolaíochta | Buaicphointí | Déanann an Gheo-eolaíocht dul chun cinn suntasach | Tiománann taighde Geilleagar an Eolais | Éire 3D | Ag tacú le hinfrastruchtúr éifeachtach | Fíoru ár nacmhainneacht chósta | An Gheo-eolaíocht agus fuinneamh na hÉireann | Tá uisce glan lárnach dár dtimpeallacht | Comhoibriú Thuaidh-Theas agus comhoibriú Idirnáisiúnta | Tacaíonn an tsochaí le Geo-eolaíocht | Eagraíocht GSI | Seirbhísí GSI a úsáid
"Tá ról tábhachtach ag … eolas geo-eolaíochta … i réimsí atá chomh héagsúil le pleanáil úsáid talún, forbairt mhótarbhealaigh, caomhnú soláthairtí uisce glan agus sábháilteacht mhuirí."

Bíonn forbairt infrastruchúir éifeachtaigh ag brath ar chóras bainistithe a bhaineann úsáid as pleanáil spásúil. Ag éirí as an Straitéis Spáis Náisiúnta, tá pleanáil in Éirinn tar éis iarracht a dhéanamh forbairt réigiúnach chothromaithe a chur chun cinn agus cuireadh é seo chun cinn le déanaí trí chur chuige comhtháite idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann. Tá ról tábhachtach ag eolas geo-eolaíochta ar dhromchla, fodhromchla agus eischósta na hÉireann sa phróiseas seo, ag cur taca le cinnteoireacht i réimsí atá chomh héagsúil le pleanáil úsáid talún, forbairt mhótarbhealaigh, caomhnú soláthairtí uisce glan agus sábháilteacht mhuirí. Mar seo cuireann an gheo-eolaíocht forbairt eacnamaíoch éifeachtach chun cinn gan tionchar diúltach ar éiceachórais nó ar an timpeallacht fhisiciúil.

Soláthraíonn GSI eolas córasach trína chláir mhapála. Ar thalamh, tá eolas sna Mapaí Buncharraige agus Ceathartha ar an gcarraig sholadach agus na hábhair scaoilte, faoi seach, a fhoirmíonn na bunsraitheanna agus an comhthéacs do gach forbairt agus gach tógáil líneach agus uirbeach. Tá clúdach iomlán buncharraige náisiúnta le fáil ar scála 1:100,000 agus tá mapaí aonair ar fáil i bhfoirm dhigiteach. Chomh maith leis seo tá clúdach náisiúnta gan uaim ar fáil agus is féidir gearrthóga a fháil de réimsí a theastaíonn. Tá tús curtha le clár nua mapála buncharraige ar scála 1:50,000 agus fócas ar shonraí pointe a chur ar fáil a cheadaíonn d’úsáideoirí cáilíocht mhapa a mheas. Tá mapa ar fáil cheana féin do Loch Garman. Tugadh Bileog 28a (Muineachán) agus bileog speisialta don Bhoireann chun críche i mbliana, agus tá an mhapáil reatha dírithe ar Oirthear na Gaillimhe áit ar aithníodh laigí sa mhapáil atá ann faoi láthair. Tá páirtchlúdach Ceathartha náisiúnta le fáil agus déanann an mapa thall idirdhealú idir dhá leibhéal caighdeáin ar leith. Tá mapáil ardchaighdeáin ar siúl faoi láthair agus é dírithe ar an gceantar Lártíre le tacaíocht ó theicnící geofisiciúla agus druileála (i gcomhar le hOllscoil na hÉireann Maigh Nuad). Le linn 2007 druileáladh 237 tollpholl d’fhad carnach 2582.4m in iomlán chun tacú le cláir bunaithe ar thalamh. Rinneadh ocht díobh seo a chroíleacú le haghaidh eolais bhuncharraige, rinneadh an chuid eile a tharathrú i bhfo-ithreacha.

Tá tionscadal Geo-uirbeach Bhaile Átha Cliath ceaptha eolas geolaíochta comhtháite 3D a sholáthar (idir Bhuncharraig agus Cheathartha) do mhórcheantar uirbeach Bhaile Átha Cliath (Bileog 50) agus beidh na táirgí mapála a thiocfaidh dá bharr ar fáil i 2009. Tá an t-eolas 3D do réimsí uirbeacha agus mótarbhealaigh á chur ar fáil cheana féin tríd an Bunachar Sonraí Geoteicniúil, a bhfuil torthaí druileála ann ó láithreáin tógála ar fud na tíre.

Soláthraíonn an tIniúchóir Mapa Geoteicniúil (www.gsi.ie/mapping) rochtain ar thart ar 11,500 tollpholl agus poll tástála, sin é an t-iomlán a bhfuil digitiú déanta air go dtí seo ó bhunachar sonraí geoteicniúil 35,000 taifead. Aibhsíonn an mapa na réimsí ina bhfuil sonraí digiteacha ar fáil dóibh.

Tá comhbhailiúcháin ardchaighdeáin riachtanach d’fhorbairt infrastruchtúrach agus cé go bhfuil an t-ádh le hÉirinn go bhfuil foinsí suntasacha de chomhbhailiúcháin oiriúnacha aici, ar thalamh agus amach ón gcósta, tá sé tábhachtach go gcaomhnaítear iad le haghaidh taiscéalaithe amach anseo agus nach ndéantar iad a aimridiú ó úsáid iomaíoch talún. Déanann GSI Mapáil Chumais Chomhbhailiúcháin (Aggregate Potential Mapping, APM) ag cur a chuid acmhainní bunachar sonraí agus mapála san áireamh, chun bonn eolaíoch a chruthú do bhainistiú acmhainní comhbhailiúcháin a bheadh spriocdhírithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tugadh APM chun críche le déanaí i nDún na nGall, sa Mhí agus i gCill Mhantáin. Agus táirgiú measta 165 milliún tonna i gceist do 2006 tá sé ríthábhachtach go n-aimseofaí na hacmhainní seo chomh cóngarach agus is féidir don áit a n-úsáidfí iad chun an lorg mór carbóin a bheadh i gceist chun iad a iompar, a íoslaghdú.

Tá an t-ádh le hÉirinn go bhfuil raon oidhreachta geolaíochta eisceachtúil aici, a chuimsíonn tírdhreacha uathúla mar an Bhoireann agus limistéir shléibhe mhórscéimhe, chomh maith le dúichí ar leith ina bhfuil gnéithe suntasacha eolaíochta. Tá Clár Oidhreachta Geolaíochta Éireann, de chuid an GSI, tar éis próiseas neamhchlaonta a fhorbairt chun tosaíochtaí in oidhreacht gheolaíochta ag leibhéil náisiúnta (Ceantair Oidhreachta Náisiúnta) agus áitiúla (Pleananna Forbartha Contae) a aithint.

Is tosaíocht don GSI i gcónaí í tacaíocht do bheartas agus do rialachán. Mar shampla, téitear i gcomhairle le GSI maidir le ceadúnais phleanála agus ráitis tionchar timpeallachta (EIS), agus cinntíonn sé seo go dtugtar dóthain aird ar bhunachar sonraí GSI, lena n-áirítear bunachar sonraí ar eolas geoteicniúil agus oidhreacht gheolaíochta. D’fhreagair GSI do 181 fógra ar EIS agus iarratais phleanála le linn 2007 (i gcomparáid le 97 i 2006).

Teastaíonn tacair sonraí nua ó GSI chun eolas sásúil a chur ar fáil faoi fhorbairt nua infrastruchtúrach chomh maith le tacú le cinnteoireacht ar chaomhnú timpeallachta. Bíonn teicnící bailiúcháin nua-aimseartha i gceist sna tacair sonraí seo, lena n-áirítear cuid atá bunaithe ar shaitilít (Terrafirma) agus aerbheirthe (RESI). Mar shampla, léirigh léirmhíniú ar shuirbhéanna píolótacha RESI (Suirbhé Comhshaoil agus Acmhainní Éireann) i gcomhar leis an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch (RPII) gur féidir mionchoigeartuithe ardtaifigh a bhaint amach i mapáil ghuaiseanna radóin. Is eolas a fuarthas roimhe seo do cheantar Oileán Ciarraí i gContae Chiarraí a chuimsigh an mapa ar réamhinsint radóin istigh (bunaithe ar eangach 10km) a chuir an RPII ar fáil (ar chlé) i gcomparáid leis an eangach 100m (ar dheis) a táirgeadh trí RESI.

Bedrock coverage


Quaternary coverage


Map viewer

Geophysics

NUI Maynooth logo

RPII logo

 Barr an leathanaigh