2006 Tuarascáil Bhliantúil


Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Réamhfhocal

D’fhoilsigh an Rialtas a Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuála i 2006 (SSTI) ina leagtar amach an fhís go mbeidh aitheantas idirnáisiúnta ar Éirinn, faoi 2013, ag éirí as scoth a cuid taighde agus giniúint agus úsáid eolais nua laistigh de chultúr atá faoi stiúir na nuálachta. Breathnaíonn an rialtas ar eolaíocht agus ar theicneolaíocht mar phríomhthreallús an gheilleagair náisiúnta agus bhí áthas orm gur cuireadh an gheo-eolaíocht go dearfa san áireamh sa SSTI.

Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI) an ghníomhaireacht gheolaíochta náisiúnta, Rannán de chuid mo Roinnse, agus dá bharr seo is comhpháirt lárnach den chóraseolaíochta náisiúnta í. Thug mé spreagadh don GSI ról ceannasach a bheith acu i bhforbairt na hearnála geo-eolaíochta - earnáil nach raibh aitheantas go sonrach aici go dtí le deireanaí - agus tá mé ag súil go gcuirfidh sí go héifeachtach le dul chun cinn socheacnamaíochta na hÉireann níos mó agus níos mó, i gcomhar le príomhrannpháirtithe eile mar Institiúid na Mara agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Tá sé soiléir ón tuarascáil seo go bhfuil an GSI ag cur leis an gcomhoibriú lena gcomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann, comhoibriú a gcuirtear fáilte roimhe. Ba mhór an pléisiúr dom an Clár Geo-Eolaíochta Náisiúnta a sheoladh le deireanaí in éineacht le hUachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann, agus tá príomhchuspóirí ón gclár sin i bPlean Forbartha Náisiúnta an Rialtais (2007-2013).

Ta mórchuid bainte amach ag an GSI le linn 2006. Agus an raon traidisiúnta seirbhísí ardchaighdeáin á choinneáil, d’éirigh leis dhá chlár nua a sheoladh chun freastal ar riachtanais chustaiméirí agus bainfear feidhm as a dtorthaí i réimsí éagsúla den tsochaí. Is comhfhiontar le Foras na Mara an chéad cheann, INFOMAR, mapáil uiscí intíre na hÉireann le tabhairt chun críche. Tugann an dara ceann, RESI (Suirbhéireacht Acmhainní agus Comhshaoil na hÉireann), aghaidh ar riachtanais ar an gcladach le heolas nua-aimseartha a fháil faoinár dtimpeallacht fhisiciúil. Ar cheann de na dúshláin atá roimh an GSI anois ná an scéal a scaipeadh ar an bpobal is mó is féidir chun go mbainfear an méid úsáide agus is féidir go héifeachtach as na sonraí nua chun tacú le cuspóirí náisiúnta.

Is mian liom aitheantas a thabhairt do chomhoibriú ár gcustaiméirí agus ár ngeallsealbhóirí a thug treoir agus tacaíocht do chlár oibre an GSI agus is mian liom aitheantas a thabhairt freisin don méid a rinne foireann an GSI le linn 2006: tá cur síos sa tuarascáil seo ar na gnóthachain a d’éirigh dá bharr, gnóthachain a gcuirtear fáilte rompu, agus molaim don léitheoir iad.

An tAire Nollaig Ó Díomasaigh T.D.

Nollaig Ó Díomasaigh T.D.

An tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha

Feabhra 2007