Teagmháil leis an tSochaí
 
Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Bíonn an GSI ag idirghníomhú leis an tsochaí ar go leor bealaí, trína chláir oibre agus seirbhísí, trína chuid foilseachán, trína láithreán gréasáin agus trí phoiblíocht sna meáin. Tá sé tábhachtach don GSI go mbeidh an pobal i gcoitinne ar an eolas maidir lena mhisean agus maidir le chomh luachmhar is atá an méid a dhéanann an GSI. Tugann sé sin bailíocht mhór dá sheirbhísí agus tríd sin bíonn sé níos dóichí go bhfaighidh an GSI maoiniú leordhóthanach. Arís sa bhliain 2006, dhírigh na meáin nuachta aird na tíre ar phríomhghnéithe mhisean an GSI. Bhí saincheisteanna sciorrthaí talún, súnámaíthe, oidhreachta agus saincheisteanna maidir le grinneall na farraige chun tosaigh ar chlúdach nuacht teilifíse chomh maith le bheith ar raon de thuairim is 20 clár raidió, go náisiúnta mar aon le go háitiúil. Go deimhin, is cosúil go bhfuil raidió áitiúil ag teacht in áit nuachtáin áitiúla i go leor áiteanna mar an meán is fearr le daoine do chlúdach den sórt sin.


GSI coverage in print media during 2006

Is slat tomhais fós é an clúdach a fhaigheann an GSI sna meáin chlóite ar fheasacht mhuintir na tíre maidir le tábhacht mhisean an GSI. Tháinig méadú ar an gcóimheas idir clúdach náisiúnta agus trádála go 70:30 sa bhliain 2006, atá cosúil leis an gcóimheas a bhí ann sa bhliain 2004 agus i gcás na meán réigiúnaigh, thit a meánleibhéal go mór le blianta beaga anuas go dtí díreach 6% den iomlán.

Ba ghuaiseanna nádúrtha iad príomhthéama chlúdach na nuachtán sa bhliain 2006, a raibh dhá mhórscéal mar údar dó sin. Bhí foilsiú na tuarascála “Landslides in Ireland” ar cheann díobh sin. Ba é an dul chun cinn maidir le córas rabhaidh do shúnámaíthe in Éirinn an scéal eile agus lean an clúdach sin as Ceist shainiúil Phairlaiminte. Rinneadh gníomhaíochtaí ghrinneall na farraige a thuairisiú go forleathan mar a rinneadh blianta roimhe seo agus bhí suim faoi leith á léiriú i longa báite a scrúdú agus sa chlár nua- bhunaithe INFOMAR. Mar is gnáth, tharraing gnéithe oidhreachta agus turasóireachta d’obair an GSI poiblíocht agus bhí suim mhór á léiriú sna suirbhéanna comhshaoil aerbheirthe nua-bhunaithe (RESI).

Tá an pobal ag idirghníomhú níos mó agus níos mó leis an GSI trí chuairt a thabhairt ar a chuid láithreán gréasáin: cláraíodh ardú foriomlán 64% i líon na gcuairteoirí (ní líon na n-aimsithe) sa bhliain 2005 le hais na bliana roimhe sin agus arís sa bhliain 2006 bhí ardú foriomlán 65% i gceist. Rinneadh an fás ba mhó, ó thaobh úsáide, i www.gsi.ie/ agus ba é láithreán gréasáin ghrinneall na farraige is lú ar tháinig fás air ó thaobh úsáide, mar a tharla i mblianta roimhe seo. Is iad seo a leanas na céatadáin ó thaobh spéise sa láithreán Mapála Gréasáin: screamhuisce 60%, ginearálta 30% agus grinneall na farraige 10%. Is mar seo a leanas a thugtar achoimre ar an bpatrún le déanaí maidir le gníomhaíocht láithreáin ghréasáin (líon na gcuairteoirí): -


GSI website activity

Cuireadh feabhas mór ar na leathanaigh a bhaineann le screamhuisce ar an bpríomhláithreán gréasáin i rith na bliain 2006. Is féidir sonraí a fheiceáil agus a fhiosrú anois a bhaineann leis na mapaí uicígh náisiúnta is mó atá cothrom le dáta, le mapaí a bhaineann le baol (lena n- ionchorpraítear an Chreat-Treoir Uisce agus obair Scéimeanna Cosanta Screamhuisce) agus mapaí chrios cosanta foinse. Ina theannta sin, déantar Mapa Fo-ithreacha de chuid Teagasc a óstáil ar an láithreán gréasáin.

Geology Matters - GSI NewsletterCuireann an tOifigeach Margaíochta comhairle ar an GSI maidir lena straitéis mhargaíochta, bíonn idirchaidreamh idir é agus na meáin agus le Preas-Oifigeach na Roinne agus cuireann sé ábhar agus míreanna nuachta chuig na meáin de réir mar is cuí. Tugann an GSI tacaíocht do líon beag de phríomhfhoilseacháin, atá leagtha amach chun a chinntiú go sroichfidh ábhar geo-eolaíochta lucht léite tábhachtach oideachais agus lucht léite sa phobal i gcoitinne. Bíonn baint ag an Oifigeaach Margaíochta le raon gníomhaíochtaí for-rochtana, lena n- áirítear taispeántais, táirgí a sheoladh, an láithreán gréasáin agus Bliain Náisiúnta an Domhain. Bhí an Taispeántas “What on Earth?”, ina gcuirtear síos ar obair an GSI, le feiceáil i roinnt áiteanna sa bhliain 2006 agus d’eagraigh an fhoireann imeachtaí don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta agus do Sheachtain Gheolaíocht na hÉireann. Táirgtear Geology Matters, nuachtlitir an GSI go rialta mar fhoilseachán digiteach agus scaiptear ar 150 duine í.

 Go barr an leathanaigh

 
Is siopa aon-stad do chustaiméirí é Ionad Custaiméirí an GSI ina bhféadfaidh siad treoir a fháil ó gheolaí dualgais ainmnithe i rith ghnáthuaire oscailte. I mbliana, thit líon na bhfiosrúchán a fuarthas ón bpobal tuairim is 10%. Ba é seo an chéad laghdú le blianta beaga anuas ach bhíothas ag súil le fada go laghdódh líon na bhfiosrúchán de réir mar a leanfadh léibhéal gníomhaíochta an láithreáin ghréasáin ag ardú. Faigheann an GSI fiosrúcháin ar an bhfón, ar faics, tríd an bpost trí ríomhphost nó ó dhaoine a thagann isteach chucu agus baineann na fiosrúcháin sin le gach gné dá ghnó. Cé gur fhan na fiosrúcháin ag leibhéal na bliana 2005, tháinig laghdú 20% nó níos mó ar líon na bhfiosrúchán maidir le go leor clár. Níor tháinig ardú ach ar líon na bhfiosrúchán faoin mbuncharraig – bhí níos mó ná a dhá oiread díobh ann. Tugtar achoimre ar phatrún na bhfiosrúchán ón bpobal sna blianta 2005 agus 2006 thíos.

Queries from the public during 2005 and 2006

Tá idirghníomhú mór fós á dhéanamh leis an tsochaí sa réimse oidhreacht geolaíochta. Cé go bhfuil formhór na hiarrachta seo á dhíriú, mar atá riachtanach, ar fhreagraí ar aighneachtaí pleanála, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an obair do Théamaí Mianreolaíochta agus Ceathartha d’Oidhreacht Gheolaíochta na hÉireann, na téamaí deiridh. Is gearr go dtabharfar liosta de láithreáin oidhreachta geolaíochta táscacha chun críche agus go gcuirfear faoi bhráid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. I gcomhthreo leis sin, tá liosta de láithreáin oidhreachta geolaíochta ionchorpraithe i bPleananna Forbartha nó i bPleananna Oidhreachta ag sé údarás áitiúla, rud a chinntíonn cosaint do na láithreáin sin dá bhrí sin.

Táthar ag iarraidh cloch dhiminsin i bhfoirgnimh oidhreachta Stáit a mheaitseáil le foinsí cairéil tríd an tionscadal Irelithos le go bhféadfar tacú le hobair chaomhnaithe rathúil amach anseo. Tá an obair allamuigh, arna maoiniú ag Oifig na nOibreacha Poiblí, curtha i grích anois agus tá obair anailíseach ag dul ar aghaidh atá bhfuil sé beartaithe a chríochnú sa bhliain 2007.

Lean líon na gcomhaltaí ar cuairteoirí chun na hÉireann iad ar aghaidh ag ardú sa bhliain 2006, agus b’ionann an líon iomlán agus beagnach 9 milliún. Tá ionchais na gcuairteoirí faighte níos géarchúisí agus tá spéis na gcuairteoirí sin athraithe go mór ó chósta an iarthair go cósta an oirthir agus tá fianaise dhóthanach ann nach mbeidh turasóirí á mealladh a thuilleadh ag áiteanna taineamhachta na hÉireann. Is féidir le tionscadail tírdhreacha turasóireachta tionchar mór a bheith acu sna himthosca sin. Tá baint ag an GSI le blianta beaga anuas i dhá thionscadal turasóireachta pobalbhunaithe (féach painéil Bhreifne agus an Chósta Copair), agus formhuiníodh iad sin i rith na bliana 2006 nuair a cuireadh maoiniú ar fáil do chéimeanna breise oibre suas go dtí 2008.

Is ceantair iad na geopháirceanna lena mbaineann oidhreacht gheolaíochta idirnáisiúnta thábhachtach, ina n-úsáidtear geolaíocht agus an trídhreach mar uirlisí d’fhorbairt eacnamaíoch trí thurasóireacht go príomha.

Ba mhór ag an GSI urraíocht a dhéanamh ar an Dara Comhdháil Idirnáisiúnta ar Gheopháirceanna a reáchtáil Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI) ag an Waterfront Hall, i mBéal Feirste i Meán Fómhair.

 Go barr an leathanaigh

 

AN DOMHAN 2008

planetearth.ieD’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2008 mar Bhliain Idirnáisiúnta an Domhain (IYPE), agus is deis iontach é seo do phobal na geolaíochta an méid a chuireann a chuid eolaithe leis an tsochaí a léiriú. Táthar á heagrú faoi choimirce go leor eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear UNESCO, agus beidh Clár Eolaíochta i gceist ann ina gcuimseofar deich gcinn de théamaí leathana agus Clár For-Rochtana a bheidh dírithe ar an bpobal i gcoitinne. Téigh chuig
www.yearofplanetearth.org le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an tionscnamh seo.

Tá Coiste Náisiúnta na hÉireann bunaithe ag an GSI le tacaíocht ó Acadamh Ríoga na hÉireann don IYPE chun clár a eagrú a uasmhéadóidh tairbhí IYPE in Éirinn. Beidh imeachtaí, a eagrófar ar bhonn uile-oileánda, dírithe ar na meáin, ar an earnáil oideachais agus ar an bpobal i gcoitinne. Tá sé théama tosaíochta glactha ag Éire – an aeráid, an t-aigéan, achmhainní, screamhuisce, guaiseanna agus an domhan – ach beidh an bhéim fhoriomlán á cur ar thuiscint iomlánaíoch ar an Domhan. Táthar ag súil go mbeidh baint éigin ag gach duine in Éirinn le roinnt imeachtaí IYPE, go mbainfidh siad taitneamh astu agus go bhfoghlaimeoidh siad tuilleadh faoinár gcomhshaol, an stair a bhaineann leis, mar atá sé anois agus mar a bheidh sé amach anseo. Téigh chuig www.planetearth.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi chlár na hÉireann agus conas baint a bheith agat leis.

TÍRDHREACHA BHREIFNE

Ruins in Boyle, Co. RoscommanTá an GSI agus an GSNI mar cheannródaithe i ndáil le tionscnaimh Tras-Teorann bunaithe ar thírdhreach le breis agus deich mbliana anuas. Cuireadh tús le Tionscadal Bhreifne sa bhliain 2003 agus tacaíocht láidir faighte ó Chomhairle Dhúiche Fhear Manach, ó Chomhairlí Contaetha an Chábháin, Liatroma, Shligigh agus Ros Comáin, ó Ollscoil Uladh agus ó Chomhlacht na gClár Speisialta AE. Aithnítear go mór go gcuireann rannpháirtíocht an GSI agus an GSNI agus a ról cur le feasacht maidir le luach turasóireachta tírdhreacha den sórt sin le héifeachtacht an chomhoibrithe Thuaidh-Theas.

Ag deireadh na bliana 2006, rinne an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna, an tUasal Nollaig Ó Díomasaigh, TD, comóradh ar thabhairt i gcrích rathúil na céime oibre reatha nuair a sheol sé an treoirleabhar, A Different Journey, an láithreán gréasáin agus an scannán a bhí mar thoradh ar an obair sin. Feicfidh níos mó daoine tírdhreacha éagsúla an réigiúin seo nár cuireadh mórán béime go dtí seo orthu trí na táirgí seo atá leagtha amach go hálainn.

Téigh chuig
www.breifne.ie agus cruthaigh do mhapa sainoiriúnaithe féin de ghnéithe suimiúla le húsáid do chríocha oideachais nó chun turas chuig an réigiún a phleanáil. Bain sult as tréithe fíorúla an réigiúin seo fiú sula dtiocfaidh tú ar cuairt!
GEOPHÁIRC AN CHÓSTA COPAIR

Tá Geopháirc an Chósta Copair bunaithe ar thírdhreach, ar gheolaíocht agus ar oidhreacht mhianadóireachta chósta ailleach Phort Láirge. Níl a leithéid ann mar is tionscnaimh pobalstiúrtha é a dtacaíonn údaráis áitiúla agus náisiúnta leis (Comhairle Chontae Phort Láirge, an GSI) agus eagraíochtaí leis (Iontaobhas Oidhreacht Mhianadóireachta na hÉireann). Agus í ina comhalta de Líonra Geopháirceanna Domhanda UNESCO agus Líonra Geopháirceanna na hEorpa, tá go leor torthaí mar iad seo a leanas bainte amach ag an ngeopháirc:

  • I gcomhpháirtíocht le 3 gheopháirc eile, tá maoiniú €1.6 milliún cinntithe aici ó INTERREG 3B (Iarthuaisceart na hEorpa) ón mbliain 2004 agus socraíodh le déanaí go gcuirfí síneadh leis an maoiniú go dtí lár 2008;
  • Ceannaíodh an láithreán mhianach Bhaile Thancáird agus tá a chuid foirgneamh á gcaomhnú mar sainsuíomh d’usáid chruthaitheach;
  • Tá saothair dhealbhóireachta, troscáin agus comharthaí léirmhínithe curtha i gceantair go leor, agus leis sin mealltar go leor turasóirí chuig na ceantair;
  • Díríodh clár seimineár, cúrsaí agus siúlóidí samhraidh go rathúil ar scoileanna mar aon le cuairteoirí agus tugadh poiblíocht mhór dó sna meáin náisiúnta;
  • Cuireadh raon seirbhísí nuálaíocha oideachais i dtoll a chéile a díríodh ar bhunscoileanna agus meánscoileanna;
  • Tá raon leathan foilseachán curtha i dtoll a chéile a bhfuil go leor díobh foilsithe ag an GSI agus déileálann go leor díobh le léirmhíniú ar oidhreacht mhianadóireachta;
  • Thángthas ar chomhaontú maidir le Séipéal Chnoc Machan a cheannach chun é a úsáid mar ionad acmhainní don phobal agus do thurasóirí – ionad buan d’fhorbairt na Geopháirce amach anseo agus chun teacht in áit na socruithe sealadacha atá ann faoi láthair.

Copper CoastNíl a dheireadh sin cloiste fós! Tá pobal an Chósta Copair sách tiomanta agus sách nuálaíoch le hIonad Chnoc Machan a athchóiriú, a chur in oiriúint agus a úsáid mar achmhainn iontach a bheidh mar stiúir ag forbairtí eile amach anseo.

 Go barr an leathanaigh