An Méid a Baineadh Amach
  
Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Rockey shore on Blasket Sound

  • Is é misean Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI) tacú le cuspóirí náisiúnta agus réigiúnacha trí eolas agus comhairle cuí a chur ar fáil. Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar na croíluachanna a chuireann sé i bhfeidhm agus an misean seo á bhaint amach.
  • Tugadh aitheantas do rannpháirtíocht an GSI agus na hearnála geo-eolaíochta i ngnéithe tábhachtacha den saol náisiúnta nuair a cuireadh geo-eolaíocht san áireamh go sonrach i Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuála an Rialtais. Tá an straitéis seo ceaptha geilleagar eolais den scoth a dhéanamh d’Éirinn agus tá an GSI réidh le ról a bheith aige inti.
  • Bhí an Clár Geo-Eolaíochta Náisiúnta (2007-2013), a ullmhaíodh i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann agus é bunaithe ar dhianchomhairliúchán leis an earnáil gheo-eolaíochta, i ngar do bheith críochnaithe ag deireadh na bliana. Leagfaidh sé amach na tosaíochtaí, bunaithe ar bhonn uile-oileánda, do thaighde earnálach, d’oideachas, do sheirbhísí agus don fhor-rochtain agus tacóidh sé le rannpháirtíocht earnálach sa Phlean Forbartha Náisiúnta nua (2007 – 2013).
  • Féachann an GSI leis an úsáid is mó is féidir a bheith á baint as a chuid sonraí chun cur leis an bhforbairt shocheacnamaíoch agus le caomhnú comhshaoil. Sa tóir air sin rinneadh soiléiriú ar a pholasaí ar scaoileadh sonraí i 2006, agus soláthraítear sonraí anois saor ó chostas chun críche taighde agus oideachais. Le linn 2006 d’fheabhsaigh an GSI, i gcomhar le comhpháirtithe éagsúla, a sheirbhís eolais trí rochtain níos tapa ar a Chóras Bainistithe Doiciméad a chur ar fáil, tuilleadh innealltóireachta a dhéanamh ar na bunachair sonraí sa chaoi gur féidir iad a cheistiú, agus trí ghréasán ilchomhpháirteach a chruthú do mheiteashonraí roinnte.
  • Tá sé i gceist ag an GSI forbairt níos mó a dhéanamh ar úsáid a chuid sonraí chun críche taighde agus na torthaí sin á n-úsáid i roinnt mhaith cásanna le teiceolaíochtaí agus modheolaíochtaí seirbhísí an GSI a bhailíochtú. Le linn 2006 thug roinnt institiúidí tríú leibhéal tacaíocht do thaighde ar thacair sonraí an GSI, lena n-áirítear tacair sonraí grinneall na farraige. Anuas air sin rinneadh staidéar ar fhorbairt nasc digiteach le hinstitiúidí agus é d’aidhm ann ar deireadh Ionad Geo-Eolaíochta Fíorúil uile-oileánda a chruthú.
  • Soláthraíonn an GSI seirbhísí oiliúna straitéiseacha chun a chinntiú go mbeidh scileanna cuí ar fáil chun geilleagar eolas na hÉireann a bhrú chun cinn. Mar shampla le linn 2006 reáchtáil an GSI seimineár ar theicnící rangú grinneall na farraige agus sholáthraigh oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí meánscoile ar shiollabas Geolaíochta na hArdteistiméireachta. Thairis sin thacaigh an GSI agus a chomhpháirtithe le caighdeáin chomhshaoil níos fearr trí chúrsa faoi chinnireacht FÁS áit ar tugadh oiliúint i dteicnicí bainistithe fuíolluisce ar an suíomh do 180 ball foirne ó na húdaráis áitiúla, na boird sláinte agus gníomhaíochtaí.
  • Thacaigh an GSI leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus leis na húdaráis áitiúla i bhfeidhmiú forálacha Chreat-Treoir Uisce an AE chomh maith leis an Treoir Screamhuisce a hachtaíodh le deireanaí. Chuir an GSI comhairle ar fáil d’institiúidí éagsúla ar screamhuisce chomh maith lena dtacair sonraí a chur ar fáil. Ina theannta sin ba ghné shuntasach an comhoibriú éifeachtach leis an Ríocht Aontaithe ar screamhuisce.
  • Cuireadh tús le Scéimeanna Caomhnaithe Screamhuisce do Chontaetha an Chabháin, agus na Gaillimhe le linn 2006, tugadh scéimeanna do Chontaetha Dhún na nGall agus Mhuineacháin chun críche nó rinneadh uasghrádú orthu, agus cuireadh scéimeanna eatramhacha ar fáil do Chontaetha Shligigh agus na hIarmhí. Is uirlisí pleanála tábhachtacha iad na scéimeanna seo do chaomhnú screamhuisce.
  • Soiléiríonn Rangú Uiscíoch an GSI tábhacht na n-acmhainní screamhuisce ar fud na tíre. Díríodh aird na meán air nuair a baineadh úsáid as ag páirtithe in éisteacht phoiblí leis an mBord Pleanála ar líonadh talún a bhí beartaithe.
  • Lean fás ag teacht ar an mbunachair sonraí an GSI, ardaíodh suas le 20% an bunachar sonraí, mar shampla Toibreacha Uisce agus Geotheicnic, le linn 2006. Ach ina dhiaidh sin bhí teorainn leis an méid sonraí nua a cuireadh isteach go digiteach.
  • Lean an GSI air ag soláthar ionchuir don phróiseas pleanála, go háirithe mar fhreagra ar ráitis faoin tionchar ar an gcomhshaol agus ar iarratais phleanála. Próiseáladh seacht n-iarratas is nócha dá leithéid i 2006, ardú suntasach ar an mbliain riomhe nuair a próiseáladh trí scór.
  • Cuireadh tionscadal dramhaíola mianaigh ar fud na tíre i bhfeidhm i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta (An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha) agus comhairleoirí ar conradh, é ceaptha príomhthréithe gach suíomh mianaigh stairiúil a ríomh. Tugadh faoi shonraí agus samplaí a fháil i 2006. Chomh maith leis sin tugadh an próiseas chun críche le comhairleoirí a cheapadh chun plean bainistithe coincheapúil a sholáthar do shuíomh mianaigh Abhóca, áit a bhfuil scrúdú á dhéanamh cheana ar ghnéithe comhshaoil agus oidhreachtúla i staidéar il-chomhpháirtí ar leith faoi chinnireacht Bhord Iascacigh Réigiúnach an Oirthir.
  • Chuaigh an GSI i bpáirt le cuibhreannas de chomhlachtaí Stáit chun sonraíocht a chur le chéile do réamh-mheasúnú i 2007 den méid CO2 a d’fhéadfaí a stóráil faoi thalamh. Dhíreodh an cineál seo leithliseoireachta carbóin, nár cuireadh i bhfeidhm ar bhonn tráchtála in aon áit go fóill, ar fhoirmíochtaí geolaíochta doimhne mar pháirceanna ola agus gáis ídithe, sil-leaganacha guail neamhoibrithe, uiscígh shalíne agus carraigreacha mafacha agus ultramafacha.
  • D’fhoilsigh an GSI tuarascáil ar sciorrthaí talún in Éirinn thar ceann grúpa oibre ildisciplíneach de ghníomhaireachtaí stáit agus ollscoileanna. Léiríodh sa tuarascáil gur baol suntasach a bhí sna sciorrthaí talún i gceantair ardthailte (go háirithe iad siúd le móin nó ina ndearnadh forbairt le deireanaí) agus ba í a tuairim nár tuigeadh chor ar bith a minicíocht. Ag cur athrú aeráide athraithigh agus dianfhorbairt san áireamh, mhol an tuarascáil clár taighde leis na ceantair agus na hábhair is so-ghabhálaí a aimsiú.
  • Chuir na torthaí den taighde tosaigh ar an ndruileáil amach ón gcósta i 2005 tuiscint níos fearr ar fáil ar éic-chórais choiréil fhuaruisce ar an réimse an Torcáin dár scairbh ilchríochach. Bhí tionchar ag gníomhaíocht iascaigh agus athrú aeráide ar na mullóga cairéil seo a d’fhorbair le linn na tréimhse 1.95-0.46 milliún bliain ó shin, go háirithe le linn céimeanna idiroidhreacha. Cé nach bhfuil aon fhianaise ann go ndeachaidh sileadh hidreacarbóin i bhfeidhm ar a bhfoirmiú, tá measúnú á dhéanamh fós ar roinnt rialuithe eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

GPS

 Go barr an leathanaigh

  •  Agus longa agus aerárthaigh in úsáid dhírigh an chéad shéasúr suirbhéireachta den chlár INFOMAR, a rinneadh i gcomhpháirt le Foras na Mara, ar fháil sonraí i mBánna Bheanntraí, Dhún Mánais agus i gCuan na Gaillimhe. Rinneadh athbhreithniú ar infrastruchtúr bainistithe sonraí ghrinneall na farraige agus ordaíodh treallamh caipiteal suntasach a sheachadfar, meastar, i 2007.
  • Cuireadh tús le clár nua eile i 2006, Suirbhéireacht Acmhainní agus Comhshaoil na hÉireann (RESI), dírithe ar shuirbhéanna geo-fhisiciúil aerbheirthe de sprioc-cheantair intíre agus cuireadh na torthaí tosaigh de thrí cheantar ar fáil ag deireadh na bliana. Táthar ag súil go gcuideoidh na torthaí seo agus measúnú á dhéanamh ar cheantair do líonadh talon agus do choiréil i ngach ceann de na trí cheantar (An Cabhán-Muineachán-Liatroim, Béal Átha Gabhann, Oileán Ciarraí-Trá Lí), ag léiriú dháileadh an screamhuisce agus na criosanna a d’fhéadfadh a bheith truaillithe i gcás an chéad dá cheantair agus dáileadh radóin faoi dhíon a d’fhéadfadh a bheith an-ard i gcás an tríú ceantair.

Core samples

  • Bhí foilsiú an Mhapa Gheolaíochta Bonncharraige d’Éirinn 1:500,000 ar cheann de mhórghnóthachain 2006, mapa a foilsíodh i gcomhar le Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI). Is é seo an chéad mhapa dá leithéid a foilsíodh ó 1928 agus an chéad cheann riamh a cuireadh ar fáil ar bhonn comhaontaithe Thuaidh-Theas. Is comhpháirtí straitéiseach é GSNI agus bíonn obair chomhoibríoch éagsúil ar siúl go leanúnach, lena n-áirítear obair ar sciorrthaí talún, screamhuisce, geo-thurasóireacht agus ar shuirbhéanna réigiúnacha.
  • Leanadh leis an gclár mapála talamhbhunaithe ar scála 1:50,000 le linn 2006, tá Bileog Buncharraige 77 foilsithe agus dréacht de Bhileog 51 críochnaithe. Tá obair ar siúl ar mhapa Buncharraige/Fo-ithreach de Bhileog 50 (Baile Átha Cliath). Tá mapáil fo-ithreacha ar siúl i Lártíre le tacaíocht ó shuirbhéanna geo-fhisiciúla, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Chomh maith leis sin bhí an GSI sásta dhá shraith de mhapaí geolaíochta buncharraige a fháil ó bheirt gheolaí gairmiúla mór le rá (ó iarthar agus oirdheisceart na hÉireann faoi seach).
  • Le linn 2006 críochnaíodh 422 tollpholl in iomlán do dhoimhneacht iomlán chomhiomlán 3444m chun tacú le cláir éagsúla. Druileáladh iad go léir ach ceithre cinn agus úsáid á baint as tarathrú eitilte agus ba tollphoill fhorchlúdacha réasúnta éadomhain iad, doimhneacht níos lú ná 6m ar an meán.
  • Agus tús an Phlean Forbartha Náisiúnta nua (2007 – 2013) ag druidim linn díríodh aird ar an ngá a bhí le clúdach Mapála ar Phoitéinseal Greannmheallta (APM) ar fud na tíre le ceantair ina mbeadh acmhainní suntasacha a aithint agus a chinntiú nach ndéantar iad a steiriliú go faillíoch trí úsáid iomaitheach talún.
  • Lean na meáin orthu ag cur suim shuntasach i ngníomhaíochtaí an GSI le linn 2006, go háirithe iad siúd a bhain le contúirtí nádúrtha, staidéir ar ghrinneal na farraige agus aerbheirthe agus turasóireacht. Bhí siad seo faoi chaibidil ar a lán clár teilifíse agus raidió, agus tugadh an aird chéanna ortha sna meáin chlóite agus a tugadh i 2005. D’ardaigh lion na gcuairteoirí chuig láithreáin ghréasáin an GSI 64% le linn 2006 i gcomparáid le 2005. Tháinig laghdú 10% ar líon na bhfiosruithe poiblí a fuair an GSI – ní nach íonadh agus an méadú ar an ngníomhaíocht ar an láithreán gréasáin san áireamh.
  • Agus aird mhór go maith á tabhairt acu ar shaincheisteanna pleanála chuir Clár Oidhreachta Geolaíochta na hÉireann an liosta do shuímh tháscacha ar fáil don dá théama deiridh - The Irish Geological Heritage Programme, – Mianreolaíocht agus Ceathartha. Tá Oidhreacht Gheolaíoch i gceist anois i bpleananna forbartha nó oidhreachta sé chontae. Déanann tionscadal Irelithos, páirtmhaoinithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí, iarracht clocha tógála i bhfoirgnimh Stáit a mheaitseáil le foinsí cairéil cuí chun tacu le gníomhartha caomhnaithe amach anseo.
  • Bhí pleanáil ar siúl chun a chinntiú go mbeidh clár éifeachtach gníomhaíochtaí ag Éirinn le Bliain Idirnáisiúnta an Domhain de chuid na Náisiún Aontaithe a cheiliúradh i 2008. Bunaíodh coiste náisiúnta ar bhonn uile-oileánda agus is iomaí moladh spreagúil atá déanta.
  • Ba chuid thábhachtach den ghníomhaíocht an turasóireacht thírdhreacha i gcónaí i 2006 agus bhí an GSI sásta urraíocht a dhéanamh ar an Dara Comhdháil Idirnáisiúnta ar Gheopháirceanna, a reáchtáil Suirbhéireacht Gheolaíochta Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste. Is comhpháirtí é an GSI i nGeopháirc an Chósta Copair, i gContae Phort Láirge agus i dTionscadal Trasteorann Bhreifne. D’éirigh le gach ceann acu táirgeadh maith a dhéanamh le linn 2006 agus tá fad curtha leis an maoiniú ó Interreg don dá thionscadal go dtí 2008.
  • Cuireann comhoibriú thar sáile taithí luachmhar ar fáil don fhoireann agus cinntíonn sé go mbaineann an GSI úsáid as an gcleachtas is fearr agus go gcuireann siad seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil do chustaiméirí dá réir. Cothaíonn an GSI naisc dhéthaobhacha le suirbhéanna geolaíochta thar lear, lena n-áirítear Suirbhé Geolaíochta na Breataine Móire agus Suirbhé Geolaíochta na Stát Aontaithe. Is é an GSI anois, le tacaíocht ó Acadamh Ríoga na hÉireann, an comhlacht a cheanglaíonn eagraíochtaí geo-eolaíochta leis in Éirinn.
  • Ba bhall gníomhach d’Eurogeosurveys é an GSI a d’fhoilsigh a Phlean Straitéiseach i 2006 maidir le seirbhísí a sheachadadh d’Institiúidí Eorpacha. Foilsíodh an dara imleabhar d’Atlas Geocheimiceach na hEorpa, ag tabhairt táirgeadh foilseacháin ina bhfuil príomheolas bunlíne ar thimpeallacht gheocheimiceach na hEorpa chun críche.
  • Tacaíonn infheistíocht i bhforbairt foirne an GSI agus é ag freagairt go héifeachtach do riachtanais a gcustaiméirí. Ar an meán chaith gach ball foirne 5.8 lá ar ghníomhaíochta den chineál sin, 40% ar bhainistiú agus ar fhorbairt phearsanta, 25% ar théamaí gairmiúla agus teicniúla, 20% ar IT agus rialachas corparáideach, agus 15% ar shláinte agus ar shábháilteacht.

     Go barr an laithanaigh