Ag Tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe
 
Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Is i 2006 a d’fhoilsigh an Rialtas a Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuála (SSTI), polasaí uileghabhálach ceaptha lena fhís d’eacnamaíocht an eolais a bhaint amach sa tréimhse go dtí 2013. Tá fís dhúshlánach ina lár:

“Beidh cáil idirnáisiúnta ar Éirinn faoin mbliain 2013 mar gheall ar scoth an taighde, agus beidh sí chun cinn ó thaobh eolas nua a ghiniúint agus a úsáid le haghaidh dul chun cinn eacnamaíochta agus sóisialta, laistigh de chultúr atá faoi stiúir ag an nuálaíocht”.

Ghlac an Taoiseach, Bertie Ahern, TD, leis agus an straitéis á seoladh aige, go raibh dul chun cinn déanta le deireanaí ach dúirt go raibh sé riachtanach go leanfaimís leis an mbrú chun cinn chun fíorshochaí eolasbhunaithe a chruthú, agus theastódh, i measc rudaí eile, go mbunódh agus go leathanódh an pobal eolaíochta “an ceathrú leibhéal” de thaighde agus oideachas iarchéime agus iardhochtúireachta.


Strategy for Science, Technology and InnovationIs cuid dearfa den fhorbairt seo an Geo-eolaíochtagus luaitear i Roinn 6.6 den doiciméad SSTI (Straitéis Geo-eolaíochta):

“go bhfuil obair ar bun chun straitéis gheolaíochta náisiúnta chomhordaithe a fhorbairt. Samhlaítear leis sin, cur chuige ildhisciplíneach níos struchtúraí maidir le gníomhaíochtaí geolaíochta náisiúnta a dhéantar in Institiúidí Tríú Leibhéal, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus eagraíochtaí stáit eile. Cuidíonn taighde geolaíochta agus cláirm honatóireachta go díreach leis na hearnálacha comhshaoil, fuinnimh, mara agus bonneagair agus táthar ag forbairt sineirgíochtaí suntasacha cheana féin. Is léir go bhfuil cumas ann comhoibriú uile-oileánda níos mó a bheith sna geolaíochtaí”.

Bhí an Plean Forbartha Náisiúnta (2007-2013) i ngar do bheith críochnaithe ag an Rialtas faoi dheireadh 2006 agus déanfaidh an plean seo comhtháthú ar phleananna forbartha straitéiseacha do gach réigiún agus do phobail thuaithe, do chomhoibriú uile-oileánda agus do chaomhnú an chomhshaoil agus comhspriocanna eacnamaíochta agus sóisialta aige. Beidh leibhéil shuntasacha infheistíochta aige agus cruthóidh sé bunphlean d’fhorbairt socheacnamaíochta do na glúnta atá le teacht, ag cur deiseanna suntasacha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna mar phleanáil spáis, tacaíocht don infrastruchtú, inbhuanaitheacht comhshaoil agus fás eacnamaíochta. Is réimsí iad seo go léir inar féidir leis an ngeo-eolaíocht - agus leis an GSI - cur go mór leo.

Le linn 2006 thosaigh an earnáil gheo-eolaíochta ag tabhairt Clár Geo-Eolaíochta Náisiúnta cuimsitheach do 2007-2013 chun críche. Tá an clár seo, bunaithe ar chuid mhaith comhairliúcháin leis na príomhgheallsealbhóirí san earnáil gheo-eolaíochta, á ullmhú i gcomhar ag an GSI agus Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá sé i gceist sraith fhócasaithe de thosaíochtaí taighde a leagan amach, chomh maith le moltaí faoi oideachas geo-eolaíochta, seirbhísí agus for-rochtaine don phobal. Tráth a bhfuil an tÚdarás um Ardoideachas ag tuairisciú titim shuntasach i líon na mac léinn a thógann céim san eolaíocht, tá sé seo ceaptha mar thacaíocht shuntasach don earnáil gheo-eolaíochta trí bheith rannpháirteach sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus a chinntiú go gcuidíonn an gheo-eolaíocht chomh mór agus is féidir leis na cuspóirí náisiúnta.

Mar chuid dá rannpháirtíocht rinne an GSI iarracht a chuid sonraí a chur ar fáil ar bhealaí a bheadh oiriúnach don úsáideoir agus lena raon seirbhísí eolais atá ar fáil a leathnú amach. Ar cheann de na gníomhaíochtaí suntasacha le linn 2006 bhí staidéar ar an bhféidearthacht naisc dhigiteacha a chruthú idir an GSI agus an earnáil tríú leibhéal le húsáid níos mó de shonraí an GSI a mhéadú sa chlár taighde náisiúnta agus neadú níos mó ar thorthaí taighde i modheolaíochtaí agus i straitéisí an GSI. Tá sé i gceist go mbeadh naisc dá leithéid ar fáil ag an earnáil gheo-eolaíochta tríú leibhéal ar bhonn uile-oileánda.

Agus a spriocanna bainistithe eolais á seachadadh aige, lean an GSI air, i gcomhar le Rannóg Córas Eolais na Roinne, ag cur feabhas ar a sheirbhísí tacaíochta digiteacha. Mar shampla, rinneadh uasghrádú ar an gCóras Bainistithe Doiciméad (DMS), a bhfuil 1.4 teiribheart suntasach sonraí ann, le bogearra nua chun rochtain níos tapúla ar a thaifid a éascú. Tá raon leathan tacar sonraí ann (buncharraig, fo- ithreacha, taiscéalaíocht, mianadóireacht, screamhuisce, muirí agus tollphoill) i bhformáid dhigiteach ardtaifeach agus is féidir leis an bpobal rochtain a fháil orthu tríd an líonra inmheánach in Ionad Custaiméirí an GSI. Tá sé i gceist freisin é a chomhtháthú i bhfeidhmiú GIS (Córas Eolais Gheoghrafach) sa chaoi gur féidir a chuid sonraí a cheistiú agus a úsáid ó thaobh spáis. Tá raon tacar sonraí comhchosúla curtha ar fáil i mbunachar sonraí athchóirithe i dTionscadal CONOR i gcomhar leis an British Geological Survey, úsáid á baint as samhail sonraí nuafhorbartha. Tá forbairt á déanamh anois ar fheidhmiú gréasánbhunaithe i Comhleá Fuar le ciancheistiú agus cian-úsáid an bhunachair sonraí a éascú. Chomh maith leis sin tá láithreán gréasáin roinnte cruthaithe ag an ilchomhpháirtnéir, Córas Malartú Sonraí Spáis na hÉireann, agus iad ag tógáil ar thionscadal níos luaithe ó Fhoras na Mara-GSI, a éascaíonn malartú sonraí mara, á chinntiú ar an mbealach seo go bhfuil eagraíochtaí ar an eolas faoi na tacair sonraí atá ar fáil agus nach ndéanann siad dúbailt orthu. Is díol suntais é go bhfuil polasaí ag an GSI rochtain ar gach tacar sonraí digiteach a éascú tríd a chóras ceadúnaithe, agus rochtain saor in aisce chun críche taighde agus oideachais (féach www.gsi.ie).

Tugadh tacaíocht i gcónaí do thaighde ar thacair sonraí CSI i roinnt institiúidí (féach Aguisíní ag www.gsi.ie). Is sampla amháin den taighde sin rangú ghrinneall na farraige, bunaithe ar theicnicí ilbhíoma agus LIDAR atá ceaptha uathoibriú a dhéanamh ar tháirgeadh mapaí sainoiriúnaithe do chustaiméirí mara. Tá cur chun cinn rannpháirtíocht ollscoileanna na hÉireann san Integrated Ocean Drilling Program (IODP) tábhachtach i gcónaí (féach “tuiscint ar ár n-éiceacóras coiréil “ níos deireanaí). Tuairiscíonn “Treonna Nua” dul chun cinn le linn 2006 in úsáideoirí nua a lorg do na scileanna agus don eolas a forbraíodh le deireanaí i réimse ghrinneall na farraige, sa chás seo i gcomhar le comhpháirtithe eile ghrineall na farraige.

 Go barr an leathanaigh

SEIRBHÍSÍ OILIÚNA

Is cuid lárnach d’eacnamaíocht an eolais é soláthar oiliúna agus oideachais. Is cuid thábhachtach de mhisean an GSI a chinntiú go mbíonn na scileanna geo-eolaíochta cuí ar fáil le heacnamaíocht an eolais in Éirinn a bhrú chun cinn. Teastaíonn ionchuir sna hearnálacha oideachais agus gairmiúla lena haghaidh seo.

San earnáil oideachais, díríodh aird ar an leibhéal bunscoile trí thacú le foilseachán ó Stáisiún Mara Inis Arcáin. Ag an dara leibhéal rinne an GSI urraíocht ar mhodúl don Ardteistiméireacht a d’ullmhaigh AG Education Services Ltd., a nasc an siollabas fisice le hobair Suirbhé Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann. Thacaigh an GSI freisin le soláthar oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí tíreolaíochta ar shiollabas Tíreolaíochta na hArdteistiméireachta.

Bhí breis éilimh ar oiliúint ar chóireáil fhuíolluisce ar an suíomh mar chuid den Chúrsa FÁS, a raibh tacaíocht aige ón GSI agus ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Cuireadh oiliúint ar 180 ball foirne in iomlán ó údaráis áitiúla, ó bhoird sláinte agus ó chomhchomhairleachtaí le linn 2006. Chomh maith leis sin reáchtáil GSU ceardlann ar rangú ghrinneall na farraige, rud atá tábhacht do chustaiméirí mara, i mí an Márta 2006.

Field trip near Killeney, Co. Dublin  Field trip in the Carlingford area, Co. Louth
TREONNA NUA

Ainneoin scála suntasach na gníomhaíochta suirbhéireachta ar ghrinneall na farraige atá ar siúl ar fud an domhain faoi láthair, luach €10 billiún, meastar, ó 2005-91, níl aon léiriú ann go raibh deiseanna suntasacha fáis ann d’fhiontair nua tras-Atlantacha sna margaí bunaithe, a ndéanann na hiomaitheoirí atá ann cheana freastal maith orthu. Ní mór do chuideachtaí Éireannacha agus a gcomhghleacaithe i dTalamh an Éisc agus i Labrador dul i dtreo deiseanna bainistiú aigéin atá ag teacht chun cinn má tá siad le leas a bhaint as na cumais a cuireadh le chéile le linn Shuirbhé Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann (1999- 2006). Is mórthátal tuarascála eatramhaí2 é seo a chríochnaigh comhairleoirí thar ceann Thionscamh Atlantic Partners3.

Aithníonn an tuarascáil eatramhach earnáil mhapáil ghrinneall na farraige mar thús fiontair b’fhéidir do sholáthar seirbhísí bainistiú aigéin amach anseo. Mar shampla tá patrún maoinithe trasnáisiúnta do mhórchláir mara bhunaithe ann a thacóidh le measúnuithe acmhainní mara agus staidéir comhshaoil amach anseo. Tá siad seo bunaithe ar éiceacórais mara, ar bhealaí móra leictreonacha mara agus tionscadail dá leithéid.

Rinne an tuarascáil eatramhach breithniú ansin ar na samhlacha éagsúla chun cuibhreannais a chur le chéile chun leas a bhaint as na deiseanna margaidh a aithníodh. Is é is dóigh go mbeadh samhail rathúil bunaithe ar thionscnamh san earnáil phríobháideach a bhfuil tacaíocht rialtais aige mar gurb é is dóichí go mbeadh an buntáiste iomaitheach cuí ag an teaglaim le breith ar dheiseanna idirnáisiúnta a bheadh ag teacht chun cinn. Meastar go mbeidh tuarascáil deiridh na comhairleachta seo ar fáil go luath i 2007.

Atlantic Partners Initiative - Ireland, Labrador and Newfoundland

1. Anailís Dhomhanda Earnáil na Mara. Tuarascáil a hullmhaíodh do Fhoras na Mara. Douglas Westwood Teo., Márta 2005.

2. Seirbhísí mapála ghrinneall na farraige idirnáisiúnta sna hearnálacha mara agus geo-eolaíochta ag cuibhreannas na hÉireann-Thalamh an Éisc/ Labrador; Staidéar Margaidh, Tuarascáil Eatramhach. CSA agus Canning & Pitt, Bealtaine 2006.

3. Is iad Fiontraíocht Éireann, Suirbhéireacht Geolaíochta na hÉireann, Foras na Mara agus Comhpháirtíocht na hÉireann-Thalamh an Éisc comhpháirtithe na hÉireann i dtionscnamh Atlantic Partners, agus is iad Comhpháirtíocht Ghnó na hÉireann, an Canadian Centre for Marine Communications comhpháirtithe Thalamh an Éisc agus Labrador.

 Go barr an leathanaigh