Ag Comhoibriú Thar Lear
 
Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Is é príomhfhócas an GSI– agus caithfidh sé fanacht ina phríomhfhócas – an cuspóir náisiúnta a chomhlíonadh sna hearnálacha ina fhónann sé agus is gné riachtanach den mhisean sin a bhaint amach é comhoibriú le comhpháirtithe agus le heagraíochtaí thar lear. Bíonn comhoibriú idirnáisiúnta ríthábhachtach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an GSI sárchleachtas, go ndéanfaidh sé scileanna a chuid foirne a uasghrádú trí theagmháil le saineolas iomchuí, agus mar sin go soláthróidh sé seirbhísí d’ardchaighdeán dá chuid custaiméirí agus geallsealbhóirí.

Tá Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI) ina comhpháirtí straitéiseach leis an GSI le breis agus deich mbliana anuas agus is dócha go leanfaidh sé amhlaidh. Comhoibríonn foirne an dá shuirbhéireachta lena chéile ar thionscadail éagsúla agus suíonn gach Stiúrthóir ar Choiste Comhairleach na suirbhéireachta eile, ag cinntiú mar sin go ndéanfar eolas agus taithí a roinnt go héifeachtach. Foilsíodh Léarscáil Gheolaíoch Buncharraige uile-oileánda na hÉireann i rith 2006 (ar scála 1:500,000), an chéad léarscáil riamh den sórt sin a comhfhoilsíodh. Leanadh leis an gcomhoibriú ar Thionscadal Bhreifne, ar Ghrúpaí Oibre na Sciorrthaí Talún agus ar thionscadal Tellus an GSNI chomh maith.

Tá an GSI ina chomhalta de Eurogeosurveys, an comhlachas Suirbhéireachtaí Geolaíochta na hEorpa, le fada, rud a chuireann rochtain ar raon leathan saineolais Eorpaigh, chomh maith le bealach isteach chuig forais Eorpacha, ar fáil don GSI. Ghlac Eurogeosurveys plean straitéiseach fadtéarmach i 2006 a chuireann meicníocht éifeachtach ar bun don eagraíocht chun “aghaidh siopa” do shaineolas Eorpach a chur ar fáil fad a éascaítear suirbhéireachtaí geolaíochta aonair chun “cúloifig” fhíorúil a fhoirniú ar bhonn tréimhsiúil nó téamach. Foilsíodh an dara cuid d’Atlas Geoiceimiceach na hEorpa i rith 2006 agus tá an sraith de dhá imleabhar, a léiríonn eolas bunlíne tábhachtach ar thimpeallacht na hEorpa, le ceannach in Ionad Custaiméirí an GSI. Is féidir teacht ar na tacair shonraí ar an Idirlíon.

Geochemical Atlas

Cothaíonn an GSI naisc dhéthaobhacha le roinnt suirbhéireachtaí geolaíochta náisiúnta. Chlúdaigh comhoibriú le Suirbhéireacht Geolaíochta naBreataine, bunaithe ar Mheabhrán Tuisceana (MoU), bainistiú eolais agus mapáil ghrinneall na farraige i 2006. Tá idirbheartaíocht nó breithniú á dhéanamh faoi láthair, i gcomhar le suirbhéireachtaí geolaíochta eile, ar MoUanna comhchosúla atá leagtha amach chun comhoibriú ó thaobh malartuithe foirne agus comhthionscadail a chur chun cinn. Tugadh conradh do JAC, comhfhiontar idir Suirbhéireahcht Geolaíochta na Breataine agus Suirbhéireacht Geolaíochta na Fionlainne chun tabhairt faoi shuirbhéireachtaí aerbheirthe i 2006. Tá an GSI rannpháirteach sa Tionscadal Measúnaithe Acmhainní Mianra Domhanda, atá á eagrú ag Suirbhéireacht Geolaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá an GSI, le tacaíocht ó Acadamh Ríoga na hÉireann, mar an ghníomhaireacht náisiúnta chun cloí le hAontas Idirnáisiúnta na nEolaíochtaí Geolaíochta (IUGS) agus leis an gClár Geo- Eolaíochta Idirnáisiúnta (IGCP) de chuid UNESCO. I mí Mheán Fómhair 2006 thionóil Bord Feidhmeannach IUGS ceann dá chruinnithe rialta i mBaile Átha Cliath agus baineadh leas as sin mar ócáid oiriúnach d’idirghníomhaíocht idir comhaltaí an Bhoird agus an pobal Geo-Eolaíoch in Éirinn.

Professor Hongren Zhang

Bhí comhoibriú gníomhach ar siúl sa réimse acmhainní mianra le roinnt tíortha go traidisiúnta agus le Ceanada ach go háirithe. Tionólfar Siompóisiam Mianraí an Atlantaigh Thuaidh, a eagraítear go débhliantúil le Suirbhéireacht Geolaíochta Thalamh an Éisc agus Labrador, i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 2007 mar chuid de chomhdháil ollmhór. Cuireann an GSI comhthaispeántais ar siúl go rialta leis an Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta (An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta (Tuaisceart Éireann) agus leis an GSNI ag Coinbhinsiún an Chumainn Sirtheoirí agus Forbróirí in Toronto gach Márta.

Táthar ag leanúint le comhoibriú i réimse an screamhuisce freisin, lena n-áirítear comhoibriú ar tháirgí léirshamhlaithe agus típeolaíochta uiscígh i gcomhthéacs Eorpaigh. Tá naisc láidre forbartha leis an Ionad Náisiúnta Screamhuisce agus Talún Éillithe sa Ghníomhaireacht Chomhshaoil (Sasana agus an Bhreatain Bheag), le Gníomhaireacht Cosanta Comhshaoil na hAlban, le Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann agus le Seirbhís Comhshaoil agus Oidhreachta Thuaisceart Éireann. Tháinig na naisc sin chun cinn i gcomhthéacs cruinnithe rialta chun Creat-Treoir Uisce an AE a phlé.

Aboard the JoidesLeanadh le taighde idirnáisiúnta ar chroíleacáin druileála an Chláir Druileála Aigéan Lánpháirtithe (IODP) a aisghabháladh i 2005 ó charnáin charbónáite sa limistéar Torcáin amach ó chósta na hÉireann (féach Tuarascáil Bhliantúil na bliana seo caite). Tugtar tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh le déanaí le Atlantic Partners, tionscnamh faoi choimirce na Comhpháirtíochta idir Éire agus Talamh an Éisc, atá leagtha amach chun scileanna mapála ghrinneall na farraige a fheidhmiú le tríú tíortha, in áit eile den tuarascáil seo.







 Go barr an leathanaigh