Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil
 
Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Highest waterfall in MoroccoTeastóidh rochtain níos mó ar acmhainní nádúrtha ó Éirinn le fás eacnamaíoch agus caighdeán beatha leanúnach a chinntiú do mhuintir na tíre. Caithfear roinnt mhaith orduithe a chur san áireamh go hiomlán le go mbainfear é sin amach go rathúil, lena n-áirítear an gá le hanailís a dhéanamh ar shaincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ar shlí chomhtháite: éilíonn an AE go ndéanfaí fás eacnamaíoch bunaithe ar fhorbairt acmhainní nádúrtha a dhíchúplail ó na tionchair chomhshaoil a leanfadh as an bhforbairt sin. Tá an earnáil gheo-eolaíochta in Éirinn, lena n-áirítear an GSI, i staid mhaith chun cur go héifeachtach le forbairt acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear gach céim de shaolré na n-ábhar. Is í an mhapáil an ghníomhaíocht bhunlíne riachtanach a thacaíonn leis an ngníomhaíocht seo.

Cuireadh tús le dhá thionscnamh mapála nua i rith na bliana 2006 chun tacú le raon cuspóirí náisiúnta, lena n-áirítear forbairt acmhainní nádúrtha, amach ón gcósta agus ar talamh araon. Fógraíodh an Clár INFOMAR, a bhfuil an GSI ina bhun i gcomhar le Foras na Mara, i dTuarascáil Bhliantúil na bliana anuraidh agus tá na chéad torthaí ó shéasúr suirbhéireachta na bliana 2006 ar fáil anois. Ag an am céanna, rinneadh suirbhéanna aerbheirthe os cionn trí limistéar roghnaithe in Éirinn agus go bunúsach is suirbhéanna píolótacha a bhí iontu do Shuirbhéireacht Acmhainní agus Comhshaoil na hÉireann (RESI). Leagadh amach RESI roinnt blianta ó shin mar thionscnamh uile- oileánda agus cé go bhfuil sé curtha i bhfeidhm go hiomlán ag Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann trína clár TELLUS, is iad na suirbhéanna píolótach na chéad cinn chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí geoifisiceacha RESI i bPoblacht na hÉireann.






Seabed surveyTá an Clár INFOMAR leagtha amach chun tanalachtaí cois cladaigh na hÉireann a mhapáil, agus trí sin, suirbhé ar ghrinneall farraige iomlán na hÉireann ar chuir Suirbhéireacht Náisúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann (1999-2005) tús leis. Trí thacair shonraí chomhchosúla a fháil (mapaí bataiméadrachta sónóra ilbhíoma, suirbhéanna maighnéadacha/domhantarraingthe/ seismeacha, sampláil ghrinneall na farraige), cuideofar le monatóireacht chomhshaoil a dhéanamh ar ár limistéar mara, cuideofar le taiscéaladh agus forbairt ola agus gáis, le hiascaigh, le loingseoireacht, le hinnealtóireacht chósta agus le tacaíocht a thabhairt do Chreat-Treoir Uisce an AE. Fuarthas sonraí do Bhá Bheanntraí, do Bhá Dhún Mánais, do Chuan na Gaillimhe agus na ceantair máguaird, agus bhí suirbhéanna cladaigh loinge mar aon le suirbhéanna aerbheirthe (LIDAR) i gceist. Cuireadh an RV Celtic Explorer agus árthach conartha de chuid IMAR Ltd amach i mBá Bheanntraí agus fuarthas sonraí garchósta i gach ceann de na trí bhá le linn suirbhé LIDAR aerbheirthe a ndeachaigh Tenix Lads ina bhun.


Cuirtear sonraí shuirbhéanna INFOMAR ar fáil do chustaiméirí i bhformáid dhigiteach. I láthair na huaire, táthar i mbun athbhreithnithe ar riachtanais infrastruchtúir shonraí agus tá Córas Seachadta Sonraí Gréasáin Idirghníomhach trialach á fhorbairt lena sheachadadh faoi lár na bliana 2007. Le go dtacófar tuilleadh leis an gclár amach anseo, infheistíodh breis agus €2 milliún i dtrealamh caipitil, lena n-áirítear lainse cladaigh agus trealamh geoifisiceach agus samplála sa bhliain 2006 – ordaíodh iad sin go léir i 2006 agus táthar ag súil go seachadfar iad sa bhliain 2007.

Castleisland-Tralee areaCuireadh na suirbhéanna geoifisiceacha aerbheirthe i gcrích i Meitheamh na bliana 2006 i dtrí cheantar: cuid de cheantair an Chábháin-Mhuineacháin-Liatroma, Oileáin Chiarraí-Thrá Lí agus Bhéal Átha Gabhann. Tugadh conradh don Joint Airborne Geoscience Capability (JAC), comhfhiontar idir Suirbhéireacht Geolaíochta na Fionlainne agus Suirbhéireacht Geolaíochta na Breataine chun dul i mbun na hoibre. B’ionann agus 200m (100m i mBéal Átha Gabhann) spásáil líne eitilte an tsuirbhé agus b’ionann an airde agus 56m, nithe a chinntigh torthaí ardtaifeacha. D’iompair an t-aerárthach Twin Otter córais mhaighnéadacha, radaiméadracha agus córais leictreamaighnéadacha fhearann- mhinicíochta. Cuireann neart an réimse mhaighnéadaigh eolas ar fáil faoin mbuncharraig agus a cuid struchtúr (bristí, éisc), a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thiúchán radóin i dtithe fhorshrathnaithe, ar fhoirmiú fosuithe mianraí agus ar ghluaiseacht screamhuisce. Tomhasann an córas leictreamaighnéadach seoltacht leictreach ábhar fodhromchla, agus is iad seo a leanas na hábhair atá i gceist, ábhair a bheadh sách seoltach: fosuithe mhianraí miotalacha, carraigeacha agus gairbhéal a iompraíonn uisce agus ligean éillithe ó líonadh talún. Tomhasann an córas radaiméadrach radaighníomhaíocht dhromhchla an Domhain, a bhíonn á hastú ag dúile mar úráiniam, tóiriam agus potaisiam. Is iníon-iseatóp tábhachtach é an gás radaighníomhach radón d’úráiniam ar féidir leis, i gcoinníollacha áirithe, carnadh i dtithe foshrathnaithe agus tá sé sin in ann a bheith ina ghuais mhór ó thaobh sláinte.

 Go barr an leathanaigh

 

Eisíodh na sonraí ó na suirbhéanna i mí na Nollag 2006 agus tá siad ar fáil anois. Tá tús curtha le próiseas léirmhínithe i gcomhar le comhpháirtithe mar an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, údaráis áitiúla agus Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann. Meastar go gcuirfear eolas luachmhar i ndáil leis na nithe seo a leanas tríd an bpróiseas sin:

  • Dáileadh acmhainní tábhachtacha screamhuisce agus na háiteanna ina mbeadh baol truaillithe (an Cábhán- Muineachán-Liatroim agus Béal Átha Gabhann);
  • Oiriúnacht ceantar do ghníomhaíochtaí mar líonadh talún agus cairéil (na trí cheantar);
  • Dílíniú ceantar a bhfuil an poitéinseal acu leibhéil arda radóin laistigh a bheith iontu (Oileán Ciarraí-Trá Lí);
  • Taiscéaladh d’fhosuithe mianraí (an Cábhán-Muineachán Liatroim).

Chuaigh an GSI i mbun iniúchadh teicniúil ar Thionscadal TELLUS GSNI, lenar bhain suirbhéanna geoifisiceacha agus geoiceimiceacha, agus tá deiseanna curtha ar fáil aige sin le go leor saineolais a roinnt idir na foirne a rinne an dá suirbhé.
Is gné ríthábhachtach í an mhapáil fós i raon seirbhísí sainoiriúnaithe a chuireann an GSI ar fáil dá chustaiméirí agus dá gheallseabhóirí. Tá an GSI ag iarraidh go gcuirfeadh geolaithe gairmiúla mapaí lámhscríofa isteach agus fáiltítear rompu agus tá an GSI sásta iad a chur ar fáil trína Chóras Bainistithe Doiciméad; cuireadh dhá ábhar den sórt sin isteach sa bhliain 2006. Leanadh le suirbhéireacht talamh-bhunaithe, lenar bhain mapáil bhuncharraige mar aon le mapáil fho-ithreach, i go leor áiteanna sa tír sa bhliain 2006: foilsíodh mapa buncharraige do Bhileog 77 agus bhí mapa speisialta geoturasóra do réigiún Bhoirne (Bileog 51 agus ceantair máguaird) ann i bhfoirm dréachta agus leanadh le mapáil chomhtháite fo-ithreach agus buncharraige ar Bhileog 50. Is é sin bileog Bhaile Átha Cliath agus tugadh tiomsú shonraí buncharraige agus fo-ithreacha a bhí ann cheana chun críche, chomh maith le 43 tollpholl éadomhain. Cuireadh tionscadal ar gheolaíocht Cheathartha Lár na Tíre ar aghaidh i gcomhar le OÉ Má Nuad agus cuireadh suirbhéireacht gheoifisiceach agus naoi dtollpholl i grích. Ceann de na príomhnithe a baineadh amach i mbliana ab ea Mapa Buncharraige na hÉireann a d’fhoilsigh an GSI agus an GSNI.


Bedrock and Quaternary reconnaissance mapping coverage


Tá eolas maidir le fodhromchla éadomhain cheantair uirbeacha, lena mbaineann ríthábhacht i ndáil le tionscadail tógála agus infrastruchtúir, le fáil sa Bhunachar Sonraí Geoiteicniúil. Cuireadh 548 tuarascáil bhreise leis an mbunachar sonraí sa bhliain 2006 agus leis sin tá líon iomlán de 5118 tuarascáil ina bhfuil 65,642 tollpholl, clais thrialach agus tóireadóir sa bhunachar sonraí – agus is ionann é sin agus ardú 19% ar an mbliain roimhe sin. Mar sin féin, bhí an ráta ionchuir i bhfad níos ísle agus níor tháinig ach ardú 4% ar an líon iomlán go 34,330 faoi dheireadh na bliana 2006.

Chuathas i mbun chlár forleathan druileála, a bhí comhdhéanta de 422 tollpholl ag a raibh doimnhneacht chomhlán de 3444m chun tacú leis na cláir mhapála agus na cláir eile.


Is achoimre ar an gclár é an méid seo a leanas: -

Borehole Nos

County

Location

No. of Holes

Drilling Method

Total Depth (m)

Mapping Sections

GSI-06-01

Galway

St. Clerans

1

Rotary Coring

199.00

Bedrock

GSI-06-02

Galway

Kiltullagh

1

Rotary Coring

550.00

Bedrock

GSI-06-03-164

Cavan

various sites

162

Flight Augering

1014.00

Groundwater

GSI-06-165

Cavan

Glangevlin

1

Rotary Coring

20.00

Groundwater

GSI-06-166-174

Offaly

Horseleap

9

Flight Augering

110.00

Quaternary

GSI-06-175-291

Galway

West Galway

146

Flight Augering

659.00

Groundwater

GSI-06-292-314

Dublin

Various sites

38

Flight Augering

234.00

Quaternary

GSI-06-327-386

Galway

Various sites

63

Flight Augering

338.00

Groundwater

GSI-06-387

Galway

Monivea

1

Rotary Coring

320.00

Bedrock



Bhíothas dírithe sa bhliain 2006 ar an ngá atá le dlús a chur le Mapáil ar Phoitéinseal Greannmheallta (APM) ar fud na tíre. De réir mar a bhí deiredh ag teacht leis an bPlean Forbartha Náisiúnta (2000-2006) agus mar a bhí pleannanna á n-ullmhú do phlean nua, ba léir go leanfaidh an t- ardéileamh ar ghreanmheallta ar aghaidh de réir mar atá tréaniarracht á déanamh in Éirinn a hinfrastruchtúr a uasghrádú chun teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. Agus éileamh níos mó á dheánamh ar an tionscal greannmheallta, cúltaiscí á laghdú agus iomaíocht ann maidir le húsáid talún, tugann an modheolaíocht APM eolas do phleanálaithe ar phoitéinseal greannmhealta agus saincheisteanna pleanála á measúnú. Níl ach ceithre chontae curtha i gcrích ag an GSI – an Cábhán, Dún na nGall, an Mhí agus Cill Mhantáin. Tarraingíodh an gá atá leis an GSI a chlúdach APM a shíneadh ar fud na tíre ar aird ag seimineár poiblí tráthúil a d’eagraigh an Irish Concrete Foundation.

Quarry at Kilmessan, Co. Meath

 Go barr an leathanaigh

DEONÚCHÁIN NUA DE MHAPAÍ BUNCHARRAIGE

Donations of Bedrock mapsFáiltíonn an GSI roimh mhapaí geolaíocha lámhscríofa a thaisceadh (nó roimh an deis cóipeanna digiteacha a ullmhú) le go bhféadfar iad a úsáid chun ár mbunachair shonraí a uasghrádú agus iad a chur ar fáil freisin do chustaiméirí a mbeadh spéis acu iontu. Dá réir sin, is mór againn a fhógairt gur taisceadh dhá bhailiúchán mhóra mapaí.

Is taifead iad cóipeanna de bhileoga allamuigh an Ollaimh Bernard E. Leakes de Chonamara, a bhfuil 240 bileog aon séú cuid déag 6" díobh ann, de gheolaíocht mhionsonraithe d’Eibhear na Gaillimhe agus de na carraigeacha meiteamorfacha Dalriadacha agus na bruthcharraigeacha Ordaivíseacha atá mórthimpeall. Tá mapáil an Ollaimh Leake áirithe cheana féin i dtáirgí éagsúla de chuid an GSI, rud atá mar léiriú ar thoradh mór na hoibre a rinneadh leis agus ár sraith de mhapaí buncharraige 1:100,000 á cur i dtoll a chéile.

Thaiscigh Kathleen Brindley Uasal bileoga mapáilte 6" bunaidh d’Eibhear Laighean agus an ceantar mórthimpeall a fhear céile, an tOllamh James C. Brindley, nach maireann. Is le déanaí a cuireadh an mhapáil seo ar fáil agus is díol spéise faoi leith í an mhapáil ón taobh ó thuaidh d’Eibhear Laighean, áit a raibh roinnt de pháipéir chlasaiceacha de chuid an Ollaimh Brindley bunaithe.

Déanfar gach ceann de na bileoga taiscthe seo a scannadh agus cuirfear leis an gCóras digiteach Bainistithe Doiciméad le go bhféadfar féachaint orthu ar scáileán in Ionad Custaiméirí an GSI agus ar deireadh thiar ar an Idirlíon.

Is mian leis an GSI buíochas ó chroí a ghlacadh le Kathleen Brindley Uasal agus leis an Ollamh Leake as a gcineáltas na mapaí luachmhara seo a thaisceadh linn.
MAPA ILDATHACH

I rith na bliana 2006, cuireadh mapa buncharraige uile-oileánda ar scála 1:500,000 i gcrích agus foislíodh é i gcomhar le Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann (GSNI) agus is sampla maith de chomhoibriú Thuaidh-Theas é. Go deimhin, is é seo an chéad mhapa den oileán go léir a rinne an GSNI agus an GSI le chéile agus is céim eile é den chomhoibriú Trasteorann a rinneadh níos luaithe nuair a bhí an GSI ag cur an tsraith ar scála 1:100,000 i dtoll a chéile agus nuair a bhí an GSNI ag cur mapaí ar scálaí 1:50,000 agus 1:250,000 i dtoll a chéile. Is é an chéad mhapa geolaíoch den oileán iomlán é atá go hiomlán nua ón mbliain 1928 agus is ionann é agus an achoimre is nua-aimseartha agus is mionsonraithe de gheolaíocht na tíre atá ar fáil ar an scála seo, agus tá breis agus trí oiread na n-aonad carraige atá le feiceáil ar mhapa na bliana 1928 ann. D’fhéadfadh sé freisin a bheith mar an chéad uair ar luadh mapa náisiúnta géolaíochta ar leathanaigh nuachtán laethúil in Éirinn!

Tugadh taifead de chur i gcrích shraith náisiúnta mhapaí buncharraige ar scála 1:100,000 i dTuarascáil Bhliantúil na bliana anuraidh. Is sraith de 21 mapa agus leabhráin a ghabhann leo a bhí anseo agus a thugann eolas geolaíoch ar scála réigiúnach do raon custaiméirí. Tá an mapa nua uile-oileánda tábhachtach freisin mar go dtugtar forléargas ar dháileadh na gcineálacha buncharraige ann. Is léirmhíniú é i ndáiríre ar gach a d’fheicfí dá dtógfaí na hithreacha forshrathnaithe agus an forchlúdach, a chlúdaíonn breis agus 90% den tír. Léirítear i staidéir idirnáisiúnta go bhféadfaidh tairbhí cainníochtaithe mhapaí den sórt sin a bheith fiche uair níos luachmhara ná a gcostas.

Is uirlis oideachais thábhachtach é an mapa agus tá sé mar chabhair saincheisteanna comhshaoil agus tírdhreacha a chur i gcómhthéacas níos leithne do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne. Úsáidfear é freisin i bpleanáil straitéiseach agus i mbainistiú infrastruchtúir agus i bhforbairt acmhainní nádúrtha lena mbaineann ábhair chomh héasgsúil le screamhuisce, greannmheallta agus mianta miotalacha. Trí ligean do chomparáid a dhéanamh ar sheicimh gheolaíocha idir Éire agus tíortha eile, is féidir leis an gcineál mapa seo bunús neamchlaonta a chur ar fáil chun comparáid cháilíochtúil a dhéanamh ar phoitéinseal taiscéalaíochta coibhneasta tíortha agus dá bhrí sin is féidir leis tionchar a imirt ar chinntí maidir le hinfheistíocht isteach do thaiscéalaíocht. Tá mapaí den sórt sin mar bhunús freisin do chomhoibriú idirnásiúnta agus do léargais nua a fhorbairt maidir le forbairt gheolaíoch ár bplainéad.

Map launch, July 2006Sheol an tAire Comarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, an tUasal Nollaig Ó Díomasaigh, TD, agus an tAire don Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta, Maria Eagle Uasal, MP an mapa i mí Iúil 2006. Taispeántar an bheirt Aire ar chaon taobh de Stiúrthóir an GSI, an Dr. Peadar McArdle (ar chlé) agus Stiúrthóir an GSNI, an tUasal Garth Earls (ar dheis) sa ghrianghraf.

 Go barr an leathanaigh