Ár gComhshaol a chosaint
 
Réamhfhocal | An Méid a Baineadh Amach i 2006 | Ag freastal ar Shochaí atá ag Athrú | Ag tacú le hEacnamaíocht Eolasbhunaithe | Ár gComhshaol a chosaint | Ár nAcmhainní Domhanda a Mhapáil | Teagmháil leis an tSochaí | Ag Comhoibriú Thar Lear | Timpeallacht Oibre Spreagúil a Sholáthar | Seirbhísí an GSI a úsáid


Bhí cosaint chomhshaol na hÉireann, ar an gcladach agus amach ón gcósta, go mór i gceist i gclár oibre an GSI le linn 2006. Mar a bhíonn i gcónaí, ba phríomhcheist í an screamhuisce i gcomhthéacs tacú le cur i bhfeidhm Chreat-Treoir Uisce an AE agus ag cur eolas lárnach ar fáil a chuirfidh ar chumas pleanálaithe údaráis áitiúla a chinntiú go ndéantar forbairt ar bhealach a thugann an chosaint is fearr d’acmhainní screamhuisce. Ag an am céanna díríodh acmhainní suntasacha ar thailte éillithe ón mianadóireacht san am atá caite agus mheall foilsiú tuarascála cuimsithí ar ghuaiseanna sciorrthaí talún aird na meán. Ardaíodh saincheisteanna bithéagsúlachta maidir le hathrú aeráide i dtaighde leanúnach ar éiceacórais coiréil amach ón gcósta agus aghaidh á tabhairt ar iarmhairtí leathana athrú aeráide trí obair ilchompháirtí a fhorbairt ar leithlisiú carbóin.

Is é screamhuisce an fhoinse fhionnuisce is goilliúnaí agus is forleithne san AE agus is mórfhoinse soláthairtí uisce poiblí é ina lán áiteanna, cuid mhór d’Éirinn san áireamh (ag soláthar 20 - 25% de na soláthairtí uisce le hól go léir; suas le 80% i gcontaetha éagsúla). Achtaíodh Treoir Screamhuisce an AE, fo-threoir den WFD, i 2006 leis an gcaighdeán (idir cheimiceach agus mhiocróbach) agus an fháil air amach anseo a chinntiú tuilleadh.

Cuireann an GSI le hobair na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus na n-údarás áitiúla i bhfeidhmiú forálacha an WFD agus leanfaidh sé amhlaidh don Treoir Screamhuisce. Fónann an GSI ar choistí agus grúpaí oibre éagsúla a bunaíodh faoin WFD (féach na hAguisíní leis an tuarascáil seo ar www.gsi.ie), agus cuireann sé a bhunachair sonraí, atá ag méadú, ar fáil. Bunaithe ar thréithriú an WFD ar chomhlachtaí screamhuisce go náisiúnta, is léir gur féidir rangú a dhéanamh ar 27% de réimse na tíre – agus 61% de chomhlachtaí screamhuisce – mar fhoinsí i mbaol (idir fhoinsí idirleata agus phoncfhoinsí).

Soláthraíonn an GSI scéimeanna cosanta screamhuisce contae- bhunaithe (GWPS) agus staidéir chosanta foinse ar phríomhfhoinsí soláthar screamhuisce d’údaráis áitiúla. Cuireadh béim ar thábhacht GWPS i gCiorclán (SP5.03) ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil do Bhainisteoirí Contae. Dúradh sa litir gur chóir GWPS atá ann faoi láthair a nascadh le pleananna forbartha contae leis an gcosaint comhshaoil agus feidhmiú an chórais phleanála a chomhtháthú.


Cronebane

 Go barr an leathanaigh

Cé gur mhaolaigh an luas a bhí le hobair GWPS le blianta beaga anuas (de bharr tosaíochtaí iomaitheacha obair an WFD i bpáirt), cuireadh tús le scéimeanna do Chontaetha an Chabháin agus na Gaillimhe le linn 2006, tugadh scéimeanna do Chontaetha Dhún na nGall agus Mhuineacháin chun críche agus rinneadh uasghrádú orthu agus seoladh scéimeanna eatramhacha do Chontaetha Shligigh agus na hIarmhí dá gcomhairlí contae faoi seach. Léiríonn an mapa uiscíoch náisiúnta stádas náisiúnta láithreach GWPS agus leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le soláthar scéimeanna cosanta i gceantair ina bhfuil acmhainní uiscíocha suntasacha. Tá thart ar 36,380 tobar anois agus 3,900 gné charst i mbunachair sonraí an GSI ach níor cuireadh na sonraí breise substaintiúla a bailíodh le trí bliana anuas isteach go fóill. Tugann clár GWPS agus feidhmiú an WFD araon aghaidh ar an dúshlán forbairt réigiúnach chothrom a éascú gan dochar a dhéanamh dár gcomhshaol nó don bhithéagsúlacht.

Tá sé de chúram ar thionscadal mianaigh náisiúnta le tacaíocht ón nGníomhaireacht um Chaomhú Comhshaoil agus ón Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta (EMD), gach láithreán mianaigh stairiúil a thréithriú ar fud na tíre. Tá foireann comhairleoirí fostaithe agus tá an clár le sonraí agus samplaí a fháil ar bun i roinnt ceantar mianaigh (idir ghual agus mhiotaltáirgeacht). I gcomhthreo leis sin, cuireadh próiseas i gcrích faoi dheireadh na bliana chun sainchomhairleoirí a cheapadh le pleananna coincheapúla bainistíochta a fhorbairt do láithreán mhianach Abhóca. Mar chuid den Tionscadal Ceilteach Copair arna mhaoiniú ag Interreg, cuireadh trialacha fhearas píolótach chun draenáil mhianach-aigéid in Abhóca a chóireáil i gcrích sa bhliain 2006. Tá an tionscadal ilpháirtí seo á stiúradh ag Bord Iascaigh Réigiúnach an Oirthir agus tá an poitéinseal oidhreachta mianaigh in Abhóca á bhreithniú anois.

Tá pleanáil éifeachtach mar chroílár chosaint comhshaoil agus cinntíonn an GSI ina chuid oibre gur féidir an tríú diminsean (fodhromchla) a chur san áireamh go hiomlán i gcinnteoireacht chriticiúil a dhéanann pleanálaithe. Freagraíonn an GSI d’aighneachtaí pleanála a bhaineann le ráitis tionchair chomhshaoil agus iarratais phleanála: fuarthas 97 iarratas i 2006, ardú suntasach ar an ngníomhaíocht i 2005 (nuair a fuarthas 60 iarratas) agus baineann a bhfuil le rá aige go príomha le saincheisteanna geoteicniúla agus oidhreachta.

Tá sé d’aidhm ag Scéim Rangú Uiscígh Náisiúnta an GSI tábhacht acmhainní screamhuisce na hÉireann a chinneadh. Tharraing sé aird na meán san Fhómhar, 2006, le linn éisteacht phoiblí de chuid an Bhoird Phleanála maidir le hiarratas le líonadh talún a shuíomh i bhFine Gall. Thug sé seo deis phoiblí d’fhoireann an GSI a scéim rangaithe a phlé níos iomláine.


Aquifer Map

Teastaíonn soláthairtí méadaithe d’fhuinneamh glas inacmhainne cinnte ó Éirinn. Tá dearcadh forleathan ann nár scrúdaíomar an poitéinseal dúchasach go hiomlán chun iad seo a chur ar fáil. Sholáthraigh an GSI sonraí ghrinneall na farraige do chomhpháirtithe atá ag déanamh meastóireachta ar phoitéinseal hidreacarbóin na hÉireann amach ón gcósta. Leanann sé freisin lena rannpháirtíocht sa ghrúpa Comhairleach Teicniúil Aireachta ar Thionscadal Ghás na Coiribe. Bhain dúshlán nua don GSI i 2006 lenár dtomhaltas fuinnimh níos mó, agus b’shin é an poitéinseal do stóráil gheolaíoch charbóin (féach “Ag Freagairt do Théamh Domhanda”).

 Go barr an leathanaigh

 

AG FREAGAIRT DO THÉAMH DOMHANDA

Is léir anois go bhfuil ár n-aeráid á hathrú go mór ag téamh domhanda agus beidh iarmhairtí tromchúiseacha agus b’fhéidir iarmhairtí gan choinne air sin. Mar shampla, sa bhliain 2006, chuaigh oileán a raibh daoine ina gcónaí air i mBá na Beangáile faoi uisce mar thoradh ar leibhéil farraige ag ardú, rud a chuir daonra iomlán as áit – agus tá breathnadóirí iontaofa ag tuar go gcaillfear níos mó agus níos mó taillte oileáin agus cósta. Is léiriú é sin ar ardú i leibhéil CO2 san atmaisféar agus teochtaí domhanda gaolmhara ardaithe le 250 bliain anuas atá mar thoradh ar an úsáid a bhainimid as breoslaí iontaise, úsáid atá ag dul i méid. Shroich leibhéil CO2 382 páirt in aghaidh an mhilliúin (ppm) sa bhliain 2006, i gcomparáid le tuairim is 280 ppm sa bhliain 1750 agus tá sé tuartha go dtiocfaidh an “pointe iompaithe” maidir le téamh domhanda do-athraithe laistigh de na chéad deich mbliana eile.

Tá a aeráid á rialáil ag an Domhan leis na céadta milliún bliain trí phatrúin dhíodraithe a bhaineann fosuithe carbónáite (aolchloch mar shampla) agus carbónúla (gual mar shampla). De ghnáth, dhéanfadh nithe beo go maith nuair a thiocfadh laghdú ar CO2 san atmaisféar de bharr mhéadú ar dhríodair den sórt sin. Tá fianaise ar an taifead gheolaíoch maidir le go leor timthriallta de leibhéil CO2 ag dul i méid agus ag dul i léig. Cé gur féidir linn faoiseamh a fháil nár tharla athrú do-athraithe riamh, fiú nuair a d’ardaigh tiúchán CO2 go cúig oiread na leibhéal reatha, léiríonn an taifead geolaíoch céanna go bhféadfadh sealaíochtaí timthriallta a bheith tapa go leor, agus go bhféadfadh drochiarmhairtí do dhaoine agus do speicis eile leanúint astu.

Carbon Dioxide Variations

Global Temperatures

Is léiriú é Protacal Kyoto ar an bhfreagra idirnáisiúnta don dúshlán atá ann faoi láthair. I gcás na hÉireann, cuimsítear sraith beart leasúcháin, lena bhfuil leithliseoireacht charbóin san áireamh, sa straitéis2 ar athrú aeráide a foilsíodh le déanaí. Is rogha atá i leithliseoireacht nó stóráil CO2 go domhain faoi thalamh a chaithfear a mheasúnú fós in Éirinn. Tá feidhmeanna lánscála fós le cur i bhfeidhm, cé go bhfuil scéimeanna píolótacha á n-oibriú i go leor contaetha, ach tá taighde le déanaí dírithe ar astaíochtaí CO2 a ghabháil ó fhoinsí i bpointí fosaithe (mar shampla, stáisiúin chumhachta agus ollionaid áirithe thionsclaíocha) agus iad a stóráil i bhfoirmíochtaí geolaíocha doimhne mar cheantair ola agus guail laghdaithe, fosuithe guail, uiscígh shailíne agus carraigeacha mafacha/ultramafacha.

Geological storage options for Carbon Dioxide
A schematic diagram illustrating geological storage options for CO2. Diagram copyright of, and reproduced by permission of, Cooperative Research Centre for Greenhouse Gas Technologies, Australia

 

Ceapadh sonraíocht le déanaí chun réamh-mheasúnú a dhéanamh i rith na bliana 2007 de phoitéinseal leithliseoireachta faoi thalamh oileán na hÉireann, amach ón gcósta agus ar an gcladach araon, trí chomhpháirtíocht idir an GSI, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), Fuinneamh Inmharthana Éireann, an Rannán Gnóthaí Peitriliam (D/CMNR) agus Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann. I gcomhthreo leis sin, tá sé beartaithe ag an EPA agus ag an GSI, faoi thionscnamh Straitéis Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuála an Rialtais (SSTI), cumas stórála uiscígh shailíne dhoimhne congarach do Stáisiún Cumhachta Ghob na Muine, a dtagann tuairim is 10% d’astaíochtaí CO2 na hÉireann a théann isteach san atmaisféar as, a mheasúnú.

1 Tagairt: Cooperative Research Centre for Greenhouse Gas Technologies (an Astráil)

2 Tagairt: Monaghan, R., Bazilian, M. and Brennan, G. 2006. Carbon Dioxide Capture and Storage in Ireland: costs, benefits and future potential, Sustainable Energy Ireland, lch. 30

 


 Go barr an leathanaigh

 

GLUAISEACHT AN DOMHAIN

Léiríodh le dhá sciorradh talún mhóra sa bhliain 2003, a ndearnadh an-phoiblíocht orthu, go bhfuilimid faoi réir ghuaiseanna nádúrtha móra in Éirinn. Ina dhiaidh sin, bhunaigh an GSI Grúpa Oibre Sciorrtha Talún na hÉireann chun saincheisteanna sciorrtha talún in Éirinn a scrúdú. Is foireann ildisciplíneach uile-oileánda é an Grúpa seo atá comhdhéanta de dhaoine as ollscoileanna (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus OÉ, Gaillimh) agus as gníomhaireachtaí stáit (Teagasc, Suirbhéireacht Geolaíochta Thuaisceart Éireann, an Roinn Comhsaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil). D’fhoilsigh an GSI an tuarascáil, a bhí mar thoradh ar an obair an Ghrúpa, thar ceann an Ghrúpa agus sheol an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna, an tUasal Nollaig Ó Díomasaigh, T.D. í i mí Lúnasa na bliana 2006. Tarraingíodh an ghuais leanúnach a bhaineann le sciorradh talún in Éirinn ar aird i Nollaig na bliana 2006 nuair a blocáladh an bóthar i Gleniff Horseshoe Valley, Contae Shligigh tar éis sé seachtainí de bháisteach throm.

Landslides ReportIs é an tátal a baineadh as an gcéad tuarascáil seo inar déileáladh le sciorradh talún in Éirinn, go ndearnadh beag de tharluithe sciorrtha talún roimhe seo. Tá baol mór ann i gceantair ardtalún, go háirithe in áiteanna a bhfuil móin nó a ndearnadh forbairt le gairid iontu, chomh maith leis an bhfearann aillte i dTuaisceart Éireann. Le sciorrthaí talún a tharla cheana in Éirinn, rinneadh damáiste do mhaoin, cuireadh isteach ar bhóithre, tharla claochlú sóisialta agus fuair daoine bás fiú dá mbarr. Taifeadadh tríocha sciorradh talún le 15 bliain anuas agus tá líon iomlán de 117 eachtra liostaithe i mbunachar sonraí uile-oileánda. Mar sin féin, tá sé doiciméadaithe i staidéar le déanaí de chuid an GSI in ardtaillte Bhreifne Shligigh agus Liatroma gur tharla 700 eachtra sa réigiún sin amháin, rud a tugann le tuiscint go bhféadfadh na mílte eachtra mar iad tarlú agus gan iad taifeadta ar fud an chuid eile den tír. D’fhéadfadh go leor d’Éirinn a bheith faoi réir níos mó tarluithe sciorrtha talún mar gheall ar an athrú aeráide reatha agus ar an líon forbartha atá ag dul i méid.

Tá gá leanúnach ann níos mó eolais a fháil amach maidir le cineálacha agus tarluithe sciorrtha talún. Teastaíonn go gcuirfí le feasacht an phobail maidir le guaiseanna sciorrtha talún – agus fáiltíodh go mór roimh an bpoiblíocht meán nuair a foilsíodh an tuarascáil. Tá gá ann freisin a chinntiú go ndéanfar saincheisteanna sciorrtha talún a chomhtháthú go hiomlán sa phróiseas pleanála. Teastaíonn tuilleadh taighde a dhéanamh chun na ceantair agus na hábhair is so-ghabhálaí maidir le sciorrthaí talun amach anseo a chinneadh. Is fiú a thabhairt ar aird gur tharla sciorradh talún Nollaig na bliana 2006 i gcrios, a léiríodh i staidéar an GSI, ar bhain leibhéal ard so-ghabhálachta leis ó thaobh sciorrthaí talún. Léiríonn sé sin go gcuirfeadh staidéir eile mar é lenár gcumas sciorrthaí talún amach anseo a thuar.

*Creighton, Ronnie (Eagarthóir) 2006. Landslides in Ireland. A Report of the Irish Landslides Working Group. Suirbhéireacht Geolaíochta na hÉireann. 109 leathanach. Click here to download report (comhad 3Mb).

 Go barr an leathanaigh


ÁR nÉICEACHÓRAIS CHOIRÉIL A THUISCINT

Is éiceachórais speisialta agus íogaireach iad na coiréil fhuaruisce a bhíonn mar mhullóga ar imeall ár scairbh ilchríochach ar féidir le hathrú aeráide, gníomhaíocht iascaireachta nó go deimhin pasanna oighreacha, tionchar a imirt orthu. Tá sé ríthábhachtach go dtuigimid cad a imríonn tionchar ar a bhfás agus a suíomh más rud é go bhfuilimid chun iad a bhainistiú go héifeachtach. Tá na chéad torthaí taighde ar fáil, le bliain anuas, ón druileáil a rinneadh i Mullóg Challenger ar Bhanc an Torcáin. Ba é an chúis a bhí leis an druileáil ná forbairt na Mullóige a scrúdú. Tá an Mhullóg 200m ar airde agus í 600- 900m domhain i bhfarraige. Cé go bhfuil biothra coiréil ag déanamh thar cionn i líon beag mullóg (go háirithe Lophelia pertusa agus Madrepora oculata), tá a bhformhór clúdaithe ag brablach coiréil a bhíonn básaithe nó tá siad faoi dhríodar. Chuaigh an Clár Druileála Aigéan Lánpháirtithe i mbun na druileála sa bhliain 2005 agus bhí eolaithe as Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus an GSI mar chuid den fhoireann eolaíochta ildisciplíneach.

Sample of coralCruthaíodh an chuid den Mhullóg Challenger ina bhfuil coiréal idir 1.95 agus 0.46 milliún bliain ó shin. Tá sí chomhdhéanta de mhaitrís láibe de chré thírghinte agus nainiontaisí cailcreacha. Léiríonn an seicheamh dríodar timthriallta athfhillteacha suntasacha a bhféadfadh baint a bheith acu le pasanna oighreacha agus idiroighreacha – agus bíonn fás coiréil go mór chun tosaigh sa phas idiroighreach. Is teoiric bhunúsach aigéaneolaíochta é ceann de na teoiricí maidir le fás na struchtúr seo, ina gcuirtear an argóint chun cinn go gcuireann feachtaí a bhíonn lán le cothaithigh bia ar fáil do na coiréil scagbheathaithe, a fhásann áit a mbíonn substráit chobhsaí ann. Is éard a léirítear le hipitéis eile ná go bhféadfadh púscadh hidreacarbóin coinníollacha fabharacha a chothú do choiréil dhomhain-mhara. Níl aon phúscadh suntasach hidreacarbóin aimsithe go dtí seo agus léiríonn sé sin nach coinníoll riachtanach é do mhullóg choiréil a fhoirmiú anseo. Tá na tionchair eile a bheadh ag fachtóirí miocróbacha agus aigéaneolaíochta ar fhoirmiú mullóige fós le tástáil. De bhrí go bhfuil coiréil fhuaruisce íogaireach ó thaobh coinníollacha mar theocht uisce, coinníollacha cothaithigh agus neart na bhfeachtaí, d’fhéadfadh a mianreolaíocht, a gcluichreán agus a ngeoiceimic taifid ríthábhachtacha maidir le hathrú aeráide a chur ar fáil in imeacht ama.

Bunaithe ar: Ferdelman. T.G., et al. IODP Expedition 307 drills cold-water coral mound along the Irish continental margin. Scientific Drilling No. 2, Márta 2006, leathanaigh 11- 16. 


 Go barr an leathanaigh