Ár n-acmhainní talún a léarscáiliú

 

Tá an tasc tábhachtach léarscáiliú riachtanach, cibé an ndéantar sin ar an gcladach nó amach ón gcósta, chun tacú leis an raon seirbhísí a chuireann GSI ar fáil. Soláthraíonn sé bunlíne don ghníomhaíocht monatóireachta agus múnlaithe agus deimhníonn sé torthaí eolais a chianbhraitear (nó “eolas fíor faoin talamh”).

“Bíonn tarraingt léarscáile riachtanach chun freastal ar seírbhísí GSI”

Ba é 2005 an bhliain deiridh de Shuirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann (INSS). Bhí suirbhéireacht iomlán déanta ar Chrios 3 (uisce domhain) cheana féin agus thug suirbhéanna a rinneadh i mbliana an clúdach in uisce éadomhain Chrios 2 (50-200m faoin uisce) go dtí 30%. Lean na suirbhéanna long-bhunaithe a rinneadh i gcomhpháirtíocht le Foras na Mara, ar aghaidh i gCuan Dhún na nGall ag baint úsáide as an RV Celtic Explorer. Bailíodh 28,263 line cíliméadar de shonraí carnaithe i gceithre shraith suirbhéanna agus sa bhreis air sin bailíodh roinnt samplaí dríodair ag grinneall na farraige freisin. Ina theannta sin chuaigh an RV Celtic Voyager i mbun suirbhéireachta ar feadh 45 lá amach ó chósta an oirthir agus chósta an deiscirt, agus bailíodh sonraí don tionscadal IMAGIN a fhaigheann tacaíocht ó INTERREG agus atá faoi stiúir an Ionad Acmhainní Cósta agus Mara i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Priority bays and areas for mapping

Is góilín í An Mhaoil Rua, Contae Dhún na nGall, áit nach raibh eolas foirfe faoina bhataiméadracht agus nár baineadh amach an poitéinseal do loingseoireacht go hiomlán. Chun an t-eolas atá ar fáil a fheabhsú chuaigh GSI i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall i mbun suirbhé LIDAR aeriompraithe den chuan. Thug Tenix Lads Corporation as an Astráil an suirbhé chun críche agus soláthraíonn an suirbhé próifíl ardcháilíochta de ghrinneall na farraige sa chuan casta sin. Soláthraíonn sé sin clúdach breise, cé gur clúdach teoranta go fóill é, i gCrios 1 (níos lú ná 50m faoi uisce). Tar éis an INSS a bheith tugtha chun críche go rathúil, d’fhógair an Rialtas ceadú do chlár comharba (féach “Bainistiú Inbhuanaithe Amach ón gCósta”).

Tá dul chun cinn le déanaí maidir le suirbhéireacht talamh-bhunaithe clúdaithe sna painéil atá ag gabháil leis an gcaibidil seo. Fuair siad tacaíocht ó chlár druileála ollmhór agus tá achoimre ar thorthaí an chláir sin thíos. Druileáladh 156 poll go dtí doimhneacht greanmheallta 2,225 méadar.

Go barr an leathanaigh

Uimhir Phoill Tóraíochta

Contae

Suíomh

Modh Druileála

Doimhneacht Iomlán (m)

Codanna Léarscailithe

GSI/05/1

Muineachán

Gortmore Sth

Croíleacadh

39.0

Buncharraig

GSI/05/2

Muineachán

Barratitoppy

Croíleacadh

161.0

Buncharraig

GSI/05/3-69

Éagsúil

Eit-Tolladh

676.0

Ceathartha

GSI/05/70-83

An Iarmhí

Deisceart

Eit-Tolladh

80.0

Ceathartha

GSI/05/84

Uíbh Fhailí

Tuaisceart

Eit-Tolladh

9.0

Ceathartha

GSI/05/85-87

An Iarmhí

Deisceart

Eit-Tolladh

19.0

Ceathartha

GSI/05/88-114

Uíbh Fhailí

Tuaisceart

Eit-Tolladh

288.0

Ceathartha

GSI/05/115-117

Cill Dara

Tuaisceart

Eit-Tolladh

23.0

v

GSI/05/118

Laoise

Oir Thuaisceart

Eit-Tolladh

7.0

Ceathartha

GSI/05/119-125

Cill Dara

Tuaisceart

Eit-Tolladh

62.0

v

GSI/05/126

Ceatharlach

Deisceart

Eit-Tolladh

10.0

Ceathartha

GSI/05/127-128

Cill Dara

Tuaisceart

Eit-Tolladh

22.0

Ceathartha

GSI/05/129-136

Ceatharlach

Deisceart

Eit-Tolladh

47.0

Ceathartha

GSI/05/137

Laoise

Tuaisceart Lár

Eit-Tolladh

5.0

Ceathartha

GSI/05/138-140

Ceatharlach

Deisceart

Eit-Tolladh

28.0

Ceathartha

GSI/05/141

Cill Mhantáin

Iarthar

Eit-Tolladh

8.0

Ceathartha

GSI/05/142-147

Cill Dara

Tuaisceart

Eit-Tolladh

43.0

Ceathartha

GSI/05/148-149

Baile Átha Cliath

Loughlinstown

Eit-Tolladh

26.0

Ceathartha

GSI/05/148A

Baile Átha Cliath

Loughlinstown

Croíleacadh

33.0

Ceathartha

GSI/05/149A

Baile Átha Cliath

Bré

Croíleacadh

31.0

Ceathartha

GSI/05/150

Muineachán

Baile an Scotaigh

Croíleacadh

60.5

Buncharraig

GSI/05/151

Muineachán

Shanroe

Croíleacadh

150.5

Buncharraig

GSI/05/152

Gaillimh

Cappan An Ráithín

Croíleacadh

251.0

Buncharraig

GSI/05/153

Gaillimh

Kilcreest

Croíleacadh

106.0

Buncharraig

GSI/05/154

Gaillimh

Carrowmuna

Croíleacadh

100.0

Buncharraig



Bainistiú Inbhuanaithe Amach ón gCósta
Tá cáil dhomhanda bainte amach ag Éirinn ó 1999 maidir le léarscáiliú ghrinneall na farraige agus d’éirigh le Suirbhéireacht Náisiúnta Ghrinneall Farraige na hÉireann 87% de ghrinneall farraige na hÉireann a léarscáiliú cheana féin. Stiúir GSI lena chomhpháirtí straitéiseach, Foras na Mara agus eile forbairt modheolaíochtaí, cumas daonna agus infrastruchtúr fisiciúil.

Ag cur le mar a d’éirigh leo a bhaint amach, cheadaigh an Rialas straitéis leanta, Léarscáiliú Lánpháirtithe d’Fhorbairt Inbhuanaithe Acmhainn Mara na hÉireann (INFOMAR). Beidh an clár nua seo, a bheidh mar chomhfhiontar idir GSI agus Foras na Mara, dírithe ar an timpeallacht atá in aice an chladaigh – réimse atá faoi réir rialáil shuntasach forbartha agus comhshaoil. D’aithin próiseas geallsealbhóirí cuimsitheach réimsí tosaíochta le léarscáiliú: tá na 26 cuan tosaíochta agus na trí réimse cósta atá mar thoradh air léirithe ar an léarscáil atá ag gabháil leis seo.

Tá trí chomhpháirt ollmhóra sa chlár:

  • Sonraí a fháil, a bhainistiú agus a léirmhíniú;

  • Sonraí a mhalartú agus a léirmhíniú – malartú sonraí idir-ghníomhaireachtaí a bhunú;
  • Dúshaothrú breisluacha – deiseanna a bhíonn á stiúradh ag éileamh a sheachadadh chun breisluach a chruthú.


Tá sé i gceist ag INFOMAR sochair náisiúnta shuntasacha a sheachadadh. Sa bhreis ar bhreisluach a chur le geallsealbhóirí sonracha, tagann sochair bhreise as lánpháirtiú agus léirmhíniú sonraí mara, próifíl taighde náisiúnta níos mó agus seirbhísí agus conarthaí tráchtála.

Go barr an leathanaigh

Léarscáileanna Nua ar Shean-Léarscáileanna!
Tugadh an chéad eagrán de Léarscáil Geolaíochta na hÉireann chun críche sna 1890idí bunaithe ar bheagnach 50 bliain de dhian-léarscáiliú ar scála 1:10,560 agus foilsíodh ar scála 1:63,360 ina dhiaidh sin í. Sholáthair an tsraith sin luach ar airgead iontach, mar ba í an príomhfhoinse léarscáilithe geolaíochta í le céad bliain. Chuathas i mbun tionscnamh ollmhór i rith na 1990idí chun na léarscáileanna sin a thabhairt cothrom le dáta go tapa, bunaithe ar eolas a bhailiú ó gach foinse a bhí ar fáil, chun go mbeadh na léargais sna blianta idir eatarthu ar fáil d’úsáideoirí léarscáileanna. Tá na léarscáileanna sin ar fad foilsithe anois bunaithe ar scála 1:100,000 agus níl fágtha ach aon leabhrán cuideachta amháin atá le priontáil go fóill (do Bhileog 11).

1:100,000 scale map
1:50,000 scale map

Tá dréachtphíolóta do shraith nua léarscáileanna buncharraige dréachtaithe ag GSI cheana féin. Cén fáth a raibh gá leis an jab sin a dhéanamh arís? Beidh na léarscáileanna nua ar fáil ar scála 1:50,000 agus áireofar leo eolas sonrach a bhaineann le pointí, ar nós poill tóraíochta, lomáin agus cairéil. Tabharfaidh sin deis d’úsáideoir na léarscáile breithiúnas a dhéanamh ar iontaofacht na léarscáile, nó cuid áirithe di. Beidh an t-úsáideoir ábalta leas a bhaint as eolas níos sonraithe freisin bunaithe ar bhunachair shonraí ghaolmhara mar gheall gur léarscáil dhigiteach a bheidh acu. Beidh speictream iomlán nua eolais ar fáil d’úsáideoirí. Aithníonn an sraith léarscáileanna nua na neamhchinnteachtaí atá i gcuid mhaith de na léarscáileanna sa tsraith 1:100,000, go háirithe in áiteanna a raibh an gheolaíocht casta go maith nó nár léiríodh go maith sin. Tabharfar aird speisialta ar réimsí mar sin sa chlár léarscáilithe sin cibé áit a mbíonn tosaíocht ar leith aimsithe.

Fágann oighearchlúideanna oidhreacht

Léiríonn léarscáiliú thar ceantair cheangailte i gContaetha na hIarmhí agus Uíbh Fhailí, a foilsíodh i 2005*, patrúin dríodair a foirmíodh i rith tráthanna oighreacha (Oighearaois) agus tráthanna iar-oighreacha. Is ionann sin agus an tírdhreach atá i bhformhór Abhantracht na Sionna. Is údar bróid iad na hiomairí líneacha le dath glas ar an léarscáil, a bhfuil treochtaí soir ó dheas agus soir ó thuaidh araon acu agus a thagann le chéile 5km soir ó Chill Bheagáin. Is iomairí easracha iad sin a dhéanann aibhneacha leá-uisce faoi oighearchlúideanna nó gar go maith d’oighearchlúideanna. Léiríonn a bpatrúin go raibh an oighearchlúid comhdhéanta de dhá chruinneachán oighir a tháinig le chéile ag domhanleithead Chill Bheagáin, agus bhuail leá-uiscí ón dá chruinneachán le chéile ansin. Go deimhin, b’ionann roinnt de na heascracha a léiríodh, cuid d’Eiscir Riada, agus teorainn ársa idir dhá leath na hÉireann, Leath Choinn ó thuaidh agus Leath Mhogha ó dheas. Is gnéithe ceannasaigh iad na hiomairí sin den tírdhreach lártíre, bhí siad mar chuid ríthábhachtach den líonra cumarsáide ar feadh na mílte bliain agus táthar mar chomhpháirt thábhachtach dár n-oidhreacht nádúrtha i gcónaí. Dar ndóigh is foinsí tábhachtacha greanmheallta iad a ngainimh agus a ngairbhéil a thacaíonn le foirgníocht agus le bóithre a thógáil.

Tugadh léarscáiliú Ceathartha ar scála 1:50,000 chun críche i rith 2005 in oirthear Chontae na hIarmhí agus i gContae Lú i dtionscadal a bhí cómhaoinithe ag Kilsaran Concrete Products Ltd agus GSI. Ina theannta sin, tugadh digitiú sonraí geolaíochta Ceathartha cartlainne chun críche ag deireadh na bliana, maidir le 50% de Thiobraid Árann, cé nach raibh an caighdeán iontach. Tugadh roinnt tionscadal léarscáilithe chun críche go maith le déanaí in Oirthear Laighean (Contaetha Cheatharlach, Chill Dara, Uíbh Fhailí, na hIarmhí agus Chill Mhantáin) agus chuathas i mbun clár le 80 poll tochailte chun léarscáil réigiúnach gan uaim a tháirgeadh (trí bhearnaí beaga a líonadh agus teorainneacha a réiteach).

Sheet 48
*Bileog 48, 1:50,000 scála GSI Léarscáil Ggeolaíochta Ceathartha.

Go barr an leathanaigh

 

Go Tuarascáil Bhliantúil 2005